Castróvaics agus cadráil na gcairdinéal in ‘Conclave’

Tá uisce fé thalamh in Conclave, saothar drámatúil faoi chomhthionól na gcairdinéal

Castróvaics agus cadráil na gcairdinéal in ‘Conclave’

Stiúrthóir: Edward Berger

Cliar: Ralph Fiennes, Stanley Tucci, John Lithgow, Sergio Castellitto, Isabella Rossellini, Brian F. O’Byrne, Lucian Msamati, Carlos Diehz

Ag tús an scannáin címid an Cairdinéal Lawrence (Fiennes) ag sodar leis sa Vatacáin agus griothal air. Cítear buíon daoine eaglasta timpeall air taobh amuigh de sheomra leapan. Nuair a théann Lawrence isteach címid go bhfuil duine básaithe sa leapa. Ba léir dúinn ón teideal cé a bhí ann, an pápa.

Sé Lawrence Déan Choláiste na gCairdinéal agus dá bharr is air siúd atá an dualgas comhthionól na gcairdinéal a reáchtáil agus ón tús déantar sinn a sheoladh go mall, cáiréiseach, pointeáilte trí sheó is searmanais agus deasghnátha na Vatacáine agus na hEaglaise. Tá seatanna cumhachtacha againn i gcaitheamh an tsaothair: an Domus Sanctae Marthae (athchruthú déanta ar lóistín na gcairdinéal), an Séipéal Sistíneach, cultacha dearga na gcairdinéal. Déantar saol na Vatacáine a shamhlú go cumasach dúinn.

Seo saothar seo, atá bunaithe ar  leabhar den teideal céanna ó Robert Harris, déantar castróvaics an chomhthionóil sin a eachtraí. Tosnaíonn an stocaireacht, an t-uisce fé thalamh agus an scéiméireacht ar an bpointe. An Cairdinéal Tremblay (Lithgow) ag iarraidh ceannasaíocht a thógaint ar chúrsaí agus is léir go bhfuil dúil aige sa phápacht. Tá ráflaí sa timpeall faoi chúlra Tremblay agus tá ráflaí sa timpeall faoi Chairdinéal eile atá san iomaíocht, an Cairdinéal Adeyemi (Msamati). Duine níos geanúla é an Cairdinéal Bellini (Tucci) agus an chuma ar an scéal gurb eisean rogha na coitiantachta. Carachtar áiféiseach, greannmhar, coimeádach é an Cairdinéal Tedesco (Castellitto), an duine eile atá ar thosach cadhnaíochta. Ina dteannta siúd ar fad tá an Cairdinéal Benitez (Diehz), cairdinéal nárbh eol d’éinne a bheith ann go dtí gur tháinig sé go doras an tSéipéil Shistínigh.

Ní dhéantar cáineadh géar ar phearsantachtaí na gcairdinéal ach ní naoimh iad ach an oiread. Is daoine daonna taobh thiar de na cultacha galánta agus na searmanais sheanda. Táid uaillmhianach, naimhdeach, claonta ach tá a maitheasaí féin ag baint leo chomh maith. Címid an eite liobrálach ag comhrac i gcoinne na gcaomhach agus na Cairdinéil ag bailiú timpeall ar a chéile bunaithe ar theanga.

Trácht á dhéanamh ar an bpápa mar an fear is cáiliúla (agus is cumhachtaí, b’fhéidir) ar domhan. Tá carachtar Rossellini in áit na leathphingine, agus cé gur léir gur deacair ról lárnach a bheith ag carachtar baineann i saothar den saghas seo, ní thuigim canathaobh gur cruthaíodh an carachtar mara rabhthas chun adhmad a bhaint as.

Tá script iontach againn anseo agus tá míreanna snasta idir na carachtair éagsúla. Tá Fiennes ar fheabhas, mar is dual dó, agus tugann Tucci agus Lithgow taispeántais iontacha uathu chomh maith. Tá ról téagartha go maith ag O’Byrne na hÉireann chomh maith.  Ní dóigh liom go raibh gá leis an bhfothéama maidir le buamáil agus b’fhéidir go gcuaigh cuid den stocaireacht thar fóir chomh maith.

Táim idir dhá chomhairle faoin gcasadh ag an gcríoch. Ar shlí is casadh tútach, liobarnach, áiféiseach é nach bhfuil ag teacht  leis an gcur chuige tomhaiste, pointeáilte go dtí sin. Ar shlí eile déantar é a láimhseáil go tuisceanach, meáite. Fágfaidh mé fút féin breith a thabhairt air sin ach is fiú go mór do shúil a chaitheamh ar chadráil na gcairdinéal.

Fág freagra ar 'Castróvaics agus cadráil na gcairdinéal in ‘Conclave’'

  • WTF

    Scannán iontach maith.

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Beidh muid beirt ag dul ag feiceáil an scannáin ar an gCéadaoin i dúiche na n-Abrach :-)

  • Carraig

    ‘Script mhaith’, an rud is annamh is iontach.
    Thuig mé gach aon fhocal ó na haisteoirí, rud annamh eile i scannáin an lae inniu.
    Urlabhra breá soiléir acu.
    Agus tour de force ag Ralph Fiennes ó thús deireadh.

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Cad is brígh le “castróvaics”?? :-)

  • WTF
  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Grma, WTF! Tuigim anois. Chonaic muid an scannán agus thaithin sé linn go mór mór – mholfainn do chách é! :-)