Sinn Féin chun cinn ar Fhine Gael agus Fianna Fáil – pobalbhreith díreach i ndiaidh na vótála

Sciar 21.1 de na vótaí céadrogha atá ag Sinn Féin, de réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos B&A do TG4, RTÉ agus an Irish Times

Sinn Féin chun cinn ar Fhine Gael agus Fianna Fáil – pobalbhreith díreach i ndiaidh na vótála

Sinn Féin atá chun cinn ar Fhine Gael agus Fianna Fáil i ndiaidh an olltoghcháin, de réir na pobalbhreithe díreach i ndiaidh na vótála.

Sciar 21.1 de na vótaí céadrogha atá ag Sinn Féin, de réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos B&A do TG4, RTÉagus an Irish Times.

Sa dara háit, bhí Fine Gael agus 21% acu agus bhí Fianna Fáil sa triú háít agus 19.5% de na vótaí céadrogha acu.

Bhí na Daolathaithe Sóisialta ar 5.8%, bhí Páirtí an Lucht Oibre ar 5% agus 4% a bhí ag an gComhaontas Glas.

3.6% a bhí ag Aontú agus 3.1% de na vótaí céadrogha a bhí ag Pobal seachas Brabús.

2.1% a bhí ag Independent Ireland agus 12.7% a bhí ag iarrthóirí neamhspleácha. 1.9% de vótaí céadrogha a mheall iarrthóirí eile.

Chuaigh muintir na hÉireann chuig na botháin vótála inniu chun an líon is mó Teachtaí Dála riamh ó bunaíodh an stát a thoghadh.

Osclaíodh doirse na mbothán vótála ar maidin ag a 7 am agus bhí cúig uaire déag ag muintir na tíre lena vóta a chaitheamh sular dúnadh na doirse sin arís ag a 10.00pm.

Ar mholadh ón gCoimisiún Toghcháin, cuireadh ceithre cinn déag eile le líon na suíochán Dála don olltoghchán seo, ó 160 sa 33ú Dáil go 174 Teachta sa 34ú Dáil.

A bhuíochas don mhéadú sin, teastóidh tacaíocht 87 Teachta Dála sa gcéad Dáil eile, an 34ú Dáil sa stát, le tromlach a bheith ag an Rialtas – dhéanfadh 80 vóta cúis sa Dáil dheireanach.

Fág freagra ar 'Sinn Féin chun cinn ar Fhine Gael agus Fianna Fáil – pobalbhreith díreach i ndiaidh na vótála'

  • Seán Mag Leannáin

    Toradh suntasach ag SF, más fíor, agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe. Rinne Mary Lou gaisce. Le linn an fheachtais d’éirigh léi dul i gcion go mór ar phobal na tíre in ainneoin na gconstaicí uilig a cuireadh roimpi.