FÉILE
Cogar ag Other Voices sa Daingean an deireadh seachtaine seo
Tá an fhéile Cogar ag filleadh ar Other Voices sa Daingean an deireadh seachtaine seo. Beidh sé ar bun i ngairdíní céadfacha Díseart, an tIonad Spioradáltachta agus Cultúir Ghaelaig. Beidh an príomhimeacht ag Cogar ar bun ar an Satharn idir 17:00 agus 19:00, áit a mbeidh soilse is taispeántas ealaíne agus gigeanna ar siúl.
Níl aon ghá le banda rosta le dul isteach go dtí na himeachtaí, tá fáilte roimh chách agus beidh cead isteach in aisce. Beidh saothar leis na healaíontóirí Róisín Ní Chionnfhaolaidh, Mick Davis, agus Sarah Partington le feiceáil agus cloisfear píosa cainte le Doireann Ní Ghlacáin agus í ag cur ‘The Say a Song Project’ i láthair.
Cuirfidh na ceoltóirí Naoise Soundscape, NZEN7, Louise Foxe, Huckleberry, Segotia agus Gemma Goodey ceol beo ar fáil. Cloisfear sruthú beo ceoil anall as Lviv san Úcráin freisin ar an Satharn ag 8:30 i.n. taobh amuigh de Thigh na Rísigh ag barr Shráid an Doirín.
Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach, 24 Samhain, tráth a mbeidh gigeanna Cogar ar an gcosán ceoil i Séipéal an Chlochair leis na ceoltóirí Róisín Ní Chéileachair, Kyle Macauley, Andrea Palandri, Eoin Ó Beaglaoich agus ceoltóirí eile. Cuirfidh na láithreoirí Doireann Ní Ghlacáin, Louise Cantillon agus Síomha Ní Ruairc léiriú beo dá bpodchraoladh ‘How to Gael’ i láthair sa Díseart ag meán lae chun clabhsúr a chur le himeachtaí an deireadh seachtaine.
LEABHAIR
Cnuasach gearrscéalta Go dtí an Lá Bán ar fáil mar chlosleabhar
Tá sraith nua podchraoltaí fógartha ag na foilsitheoirí Éabhlóid bunaithe ar an gcnuasach gearrscéalta Go dtí an Lá Bán, díolaim ina bhfuil gearrscéalta le ceathrar scríbhneoirí as Tír Chonaill, Brighid Uí Mhonacháin, Máirín Uí Fhearraigh, Máire Dinny Wren, agus Síle Uí Ghallchóir. Pléitear réimse breá ábhar sna scéalta, ach tá an grá, an foréigean, an béaloideas agus meon na mban chun tosaigh iontu. Toradh iad na scéalta seo ar obair an Chiorcail Scríbhneoireachta i nGaoth Dobhair agus tugann an bailiúchán léargas ar éagsúlacht agus ar réimse saothair an chiorcail.
Eisíodh an leagan fuaime den chéad scéal ón gcnuasach an tseachtain seo agus is féidir éisteacht leis ar líne ag an suíomh www.an-la-ban.com mar a bhfuil taifeadtaí de na scéalta agus iad á n-aithris ag léitheoirí ó Ghaeltacht an Iarthuaiscirt. Is é an scéal ‘Idir Cleith agus Ursain’ le Máire Dinny Wren an chéad scéal atá ar fáil agus é á léamh ag Suzanne Uí Ghallchóir.
Cúig scéal déag ar fad atá sa gcnuasach agus eiseofar taifead de scéal nua gach Domhnach idir seo agus an 23 Feabhra, 2025. Is féidir cóip den leabhar clóite a cheannach ag an nasc seo: https://eabhloid.com/siopa/go-dti-an-la-ban/
Mise Gráinne, closleabhar ceolmhar ó Ghael Linn
Athinsint chumhachtach, dhraíochtúil ar an scéal ón mbéaloideas Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne atá sa gclosleabhar ceolmhar Mise Gráinne atá eisithe anois ar líne ar lipéad Gael Linn agus ar fáil ó na mórsheirbhísí sruthaithe fuaime. Leagan le Louis de Paor atá sa scéal agus ceol nuachumtha curtha leis ag Dana Lyn, ceoltóir atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.
Tá scoth na n-aisteoirí páirteach in aithris an scéil ar an gclosleabhar, Bríd Ní Neachtain, Dónall Ó Héalaí, Louis de Paor féin, Marcus Mac Conghail, Domhnall Ó Braonáin, Ciara Ní É, Aodh Ó Coileáin agus Darach Mac Con Iomaire.
Is féidir éisteacht le mír ón gclosleabhar ar Google Play ag anseo.
CEOL
Amhráin shimplí do pháistí ar fáil sna canúintí ar fad ó Cúla4
Sraith d’fhíseáin agus amhráin bheaga do pháistí is ea ‘Super Simple Amhráin’ atá ar fáil ar sheinnteoir Cúla4 le blianta beaga anuas. D’éirigh thar cionn leis an tsraith agus an-tóir ag páistí óga ar na hamhráin. Tháinig go leor iarratais chuig Cúla4 isteach ó mhúinteoirí agus tuismitheoirí ag lorg na n-amhrán sna canúintí éagsúla agus tá sé sin déanta anois agus an bailiúchán amhrán ar fáil i gcanúintí Chonnacht, Uladh, na Mumhan agus Laighean. Tá sé éasca an chanúint atá uait a roghnú, tá íocón cluaisíní le feiceáil in íochtar an scáileáin gur féidir cliceáil air agus feicfear roghchlár leis na canúintí éagsúla air.
Amhráin bheaga shimplí atá sa mbailiúchán seo mar a thuigfeá ón teideal agus físeáin ildaite tharraingteacha curtha leo atá in oiriúint do pháistí óga. Ar na hamhráin tá ‘Rothaí an Bhus’, ‘Ceann, Gualainn, Glúin is Cos’ agus ‘Babaí Siorc dú, dú, dú, dú, dú, dú!’
DRÁMAÍOCHT
Geamaireacht na Nollag sa Taibhdhearc
Bhí a fhios againn riamh go raibh go leor taistil déanta ar fud na tíre ag laoch na nGael, Fionn Mac Cumhaill. Ach ní raibh a fhios againn gur éirigh leis dul chomh fada leis An Spás, go dtí anois agus geamaireacht na Nollag fógartha ag An Taibhdhearc, Fionn sa Spás. Scríofa agus stiúrtha ag Séamus Hughes, tugann an leagan is deireanaí seo den scéal ón mbéaloideas scéal Fhionn Mac Cumhaill ó ‘na cianta ó shin’ go dtí an cianspás.
Chun stop a chur le teacht na chéad oighearaoise eile caithfidh Fionn Mac Cumhaill agus a chara buan, an Draoi Bódhmall, taisteal go dtí an spás agus sean-namhaid a throid. Ní mór dóibh an pláinéad a shábháil in am don Nollaig. Ach an mbeidh siad in ann é a dhéanamh? Beidh le feiceáil ar stáitse na Taibhdheirce ó 5 go 21 Nollaig.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Cogar sa Daingean, Podchraolta is Closleabhair nua, Amhráin do leanaí, Geamaireacht sa Taibhdhearc'