Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar

Sa tsraith speisialta seo, caitear súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain. An babhta seo, tá Gaillimh Thiar agus Maigh Eo againn, dhá dháilcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta

Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar

Gaillimh Thiar

Líon na suíochán: 5

An chuid d’oirdheisceart Mhaigh Eo a bhí i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar tá sé ar ais le Maigh Eo. Tá trí cheantar tíreolaíoch sa dáilcheantar: cathair na Gaillimhe; Conamara agus Oileáin Árann taobh thiar den Choirib;agus cuid den Eachréidh taobh thoir den Choirib ar imeall na cathrach ó Órán Mór go Baile an Chláir chomh fada le hEanach Dhúin. Tá thart ar leath de na vótaí sa gcathair agus ar an gcaoi sin bheifeá ag súil go mbeadh trí shuíochán as cúig cinn ag iarrthóirí cathrach agus an péire eile idir Conamara agus an tEachréidh.

Seachtar déag (17) atá ainmnithe le seasamh, ina measc ceathrar de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Mairéad Farrell (SF); Noel Grealish (Nspl); Hildegarde Naughton (FG) agus Catherine Connolly (Nspl).

Mar nach mbeidh Éamon Ó Cuív san iomaíocht beidh sciob sceab ar vótaí i gConamara. Chomh maith le vóta a bhí bunaithe ar dhílseacht d’Fhianna Fáil bhí vóta pearsanta ag Ó Cuív chomh maith de bharr seirbhís den scoth a thabhairt do dhaoine a d’iarr comhairle nó cúnamh air agus iad ag déileáil leis an gcóras stáit. Beidh an t-iarFhianna Fáileach, an Comhairleoir Noel Thomas (Ind Ire), atá anois sa bpáirtí nua Independent Ireland, ag súil le cuid shuntasach de vóta Fhianna Fáil i gConamara a fháil dhó féin.

Tá thart ar 15,000 vóta sa gceantar taobh thoir den chathair, an ceantar tacaíochta atá ag Noel Grealish (Nspl). Faigheann sé tacaíocht mhaith sna bruachbhailte taobh thiar den chathair chomh maith. I dtoghchán 2020 fuair sé 140 vóta i Maigh Cuilinn; 86 i mBearna; 65 sa Spidéal agus 33 ar an gCeathrú Rua. Cuireann sé an obair isteach agus faigheann sé na vótaí. De réir pobalbhreith TG4 bhí 12% de na daoine sa suirbhé ag rá go dtabharfaidís vóta céadrogha dhó. Cé gur as ceantar oifigiúil Gaeltachta é ní chloistear a ghuth ar Raidió na Gaeltachta.

Is Teachta Dála neamhspleách de chineál eile í Catherine Connolly (Nspl). Tá sí ar an eite chlé. Bíonn sí le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta. Bhí sí i bPáirtí an Lucht Oibre ach d’éirigh sí as mar gur shíl sí go raibh bac á chur uirthi ag Michael D. Higgins, seasamh don Lucht Oibre i nGaillimh Thiar in 2007. Rith sí den chéad uair in 2011 nuair a chaill sí amach ar shuíochán le dornán beag vótaí. Toghadh í in 2016 agus arís in 2020. Bíonn sí sásta seasamh misniúil a thógáil, í in aghaidh Chuarbhóthar na Gaillimhe mar shampla, mar go gcreideann sí go mba cheart córas traenach cathrach cosúil leis an Luas a chur ar fáil i nGaillimh, seachas a bheith ag mealladh níos mó carranna isteach sa gcathair.

Thaispeáin pobalbhreith TG4 go mbeadh 13% den vóta aici. Má bhíonn, is méadú mór a bheadh ansin ar an 9% a fuair sí san olltoghchán deireanach. Is féidir léi a bheith ag súil le haistriú maith vótaí ó iarrthóirí eile ar an eite chlé go speisialta ón gComhairleoir Eibhlín Seoighthe (DS) ó na Daonlathaithe Sóisialta, ón Seanadóir Pauline O’Reilly (CG), iarrthóir an Chomhaontais Ghlais agus ó Helen Ogbu (LO) an bhean atá ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre.

Cé gur iarrthóir cathrach í Catherine Connolly (Nspl) bíonn tacaíocht mhaith le fáil aici i gConamara agus in Árainn. Fuair sí os cionn 1,000 vóta i gConamara Theas in 2020.

Tá Fine Gael ar thóir dhá shuíochán sa Dáilcheantar seo agus beirt iarrthóirí láidre ag an bpáirtí; an tAire Stáit Hildegarde Naughton (FG) a thóg an cúigiú suíochán ón Seanadóir Seán Kyne (FG) in 2020 agus 1,000 vóta le spáráil aici. Beidh vótaí Fine Gael sa gcathair ag Hildegarde Naughton (FG) agus tacaíocht láidir aici chomh maith thart ar Órán Mór. Beidh Seán Kyne (FG) ag brath ar Chonamara. Is buntáiste dhó nach bhfuil Éamon Ó Cuív (FF) san iomaíocht ach ar an lámh eile beidh an Comhairleoir Noel Thomas (Ind Ire) ón bpáirtí nua ag iarraidh baint dá thacaíocht i gceantar Mhaigh Cuilinn/ Uachtar Ard.

Tá tacaíocht réasúnta ag Seán Kyne i gConamara Theas agus bíonn sé le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta. Fuair sé 1,700 vóta as Conamara Theas in 2020. Nuair a thosaigh sé sa bpolaitíocht ní raibh a dhóthain Gaeilge aige le hagallamh raidió a dhéanamh. Chuir sé de stró air féin a dhóthain Gaeilge a fhoghlaim le go mbeadh sé in ann dul faoi agallamh ar Adhmhaidin agus déileáil le grúpaí Gaeltachta ina dteanga féin.

Le go dtógfaidh an bheirt iarrthóirí ó Fhine Gael suíochán an duine, theastódh go roinnfí an vóta réasúnta cothrom eatarthu. Déanaim amach go gcoinneoidh Hidegarde Naughton (FG) a suíochán réasúnta éasca agus go mbeidh Seán Kyne (FG) san iomaíocht go dtí an deireadh, ag brath seans ar aistriú láidir vótaí ón iarrthóir a bheas á chur as an rás ag an bpointe sin.

Ba é iontas na n-iontas gur éirigh le Mairéad Farrell (SF) suíochán sa Dáil a thógáil in 2020, tar éis gur chaill sí a suíochán ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ocht mí roimhe sin. Cé go bhfuil lag trá i dtacaíocht Shinn Féin faoi láthair, tá an-obair curtha isteach aici le cúig bliana anuas. Tá líofacht mhaith Gaeilge aici agus ní chailleann sí aon seans a tuairimí a chur in iúl ar Raidió na Gaeltachta, idir agallaimh is ráitis ar Nuacht an Iarthair. Fuair sí os cionn 1,800 vóta i gConamara Theas in 2020, níos mó ná aon iarrthóir eile seachas Éamon Ó Cuív (FF).

I bpobalbhreith TG4 bhí 9% den vóta céadrogha aici i gcomparáid leis an 14% a fuair sí in 2020. Ar an gcaoi chéanna le Catherine Connolly (Nspl), is féidir léi a bheith ag súil le haistriúchán maith vótaí ó iarrthóirí cathracha eile ar an eite chlé. D’fhéadfadh sé tarlú, ar ndóigh, nach mbeadh dóthain vótaí ar an eite chlé le Connolly (Nspl) agus Farrell (SF) a thoghadh. Sa gcás sin sí Mairéad Farrell (SF) a chaillfeadh an suíochán.

Léirigh pobalbhreith TG4 go raibh laghdú ar thacaíocht Fhianna Fáil ón 23% in 2020 go 14% agus é roinnte go cothrom idir an Comhairleoir John Connolly (FF) ón gcathair agus Gráinne Seoige (FF) ó Chois Fharraige. Leis an leibhéal tacaíochta sin, i gcomparáid le 23% d’iarrthóirí Fhine Gael, is deacair a fheiceáil go bhféadfadh dhá shuíochán a bheith ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar. Tá printíseacht fhada déanta ag an gcomhairleoir John Connolly (FF) ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Sheas sé san olltoghchán in 2016 agus fuair sé 3,885 vóta.

San iomaíocht ina aghaidh le haghaidh vóta Fhianna Fáil tá iarrthóir celeb, Gráinne Seoige ón Spidéal, bean Ghaeltachta atá nua sa bpolaitíocht ach a bhfuil feachtas láidir ar bun aici agus tacaíocht aici ó cheannasaíocht Fhianna Fáil. Cé gur fear cathrach é an Comhairleoir John Connolly (FF), tá Gaeilge den scoth aige agus bíonn sé go minic le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ag caint go stuama faoi fhadhbanna tráchta na Gaillimhe, i measc rudaí eile.

Beidh air a bheith go maith chun cinn ar an Seoigeach le bheith san iomaíocht mar seans go mbeidh aistriúcháin níos lú le fáil aige ná mar a bheas le fáil ag a chéile chomhraic, de bharr an aithne atá ar a hainm, seachas aon rud eile. Is deacair a rá cé aige a bheas an bua eatarthu le teacht i gcomharbacht ar Éamon Ó Cuív ach ó phobalbhreith TG4 tá an chuma ar an scéal gur ag bean Chois Fharraige a bheas an lá.

Ag seasamh don pháirtí nua Independent Ireland tá an Comhairleoir Noel Thomas (Ind Ire). Beidh vóta ard aige agus beidh sé san iomaíocht ag an deireadh. Cé gur as Maigh Cuilinn dó cosúil le Seán Kyne (FG), tá de dhifríocht eatarthu go bhfuil Gaeilge réasúnta ag an gCadhnach. Is polaiteoir conspóideach é Noel Thomas (Ind Ire): ní hamháin gur chuir sé in aghaidh Óstán Ross Lake House i Ros Cathail a bheith á úsáid le dídean a thabhairt do theifigh ach chuir sé go láidir in aghaidh scéim tithe i Maigh Cuilinn do dhaoine ar liosta tithíochta, in ainneoin na géarchéimé tithíochta.

Mar sin féin níl an chuma air go bhfuil an seasamh a thógann sé ag déanamh aon dochar dhó go polaitiúil. Bhí sé ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla i gceantar Chonamara, nuair a fuair sé 1,569 vóta agus 8% a bhí tugtha dó i bpobalbhreith TG4. Ba leor 8% le suíochán a thógáil i ndáilcheantar cúig shuíochán dá mbeadh aistriúcháin le fáil ó iarrthóirí eile.

Le go mbeadh seans ag Noel Thomas (Ind Ire) theastódh go mbeadh sé chun cinn ar Sheán Kyne (FG) agus ní fheicim sin ag tarlú. Má chuirtear as an áireamh é ba cheart go mbainfeadh Seán Kyne buntáiste as aistriú a chuid vótaí, de bharr cúrsaí tíreolaíochta. Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh an suíochán deireanach a bheith idir Seán Kyne (FG) agus Mairéad Farrell (SF).

Chomh maith le Catherine Connolly (Nspl) agus Noel Grealish (Nspl) tá beirt eile iarrthóirí neamhspleácha ag seasamh, an Comhairleoir Mike Cubbard (Nspl) a fuair 2,676 vóta in 2020 agus Patrick Feeney (Nspl) a fuair 22 vóta in 2016.

Tá an Seanadóir Pauline O’Reilly (CG) ón gComhaontas Glas san iomaíocht freisin. Fuair sí 3,650 vóta agus beidh sí ag déanamh go maith an vóta sin a mhéadú. San iomaíocht chomh maith tá Pádraig Lenihan (Aon) ó Aontú; an Comhairleoir Helen Ogbu (LO) do Pháirtí an Lucht Oibre agus Maisie McMaster (PsB) ó Phobal Seachas Brabús. Tá beirt iarrthóirí ag seasamh do pháirtithe ar an eite dheis: A.J. Cahill (IP) ag seasamh don Irish People agus Doran McMahon (IFP), don Irish Freedom Party.

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 1; SF 1; Nspl 2

Maigh Eo

Líon na suíochán (5)

Tá vótóirí in oirdheisceart an chontae idir Conga agus Sruthair, a bhí i dtoghlach Ghaillimh Thiar, fillte ar Mhaigh Eo don toghchán seo agus suíochán breise le líonadh dá bharr.

Michael Ring (FG) ó Chathair na Mart, a bhí ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,796 vóta, ach tá sé ag seasamh siar agus a ré i bpolaitíocht Mhaigh Eo caite. Seisear déag (16) iarrthóirí atá ainmnithe, ina measc na Teachtaí Dála seo a leanas a toghadh in 2020: Rose Conway-Walsh (SF); an t-aire Stáit Dara Calleary (FF) agus an t-aire Stáit Alan Dillon (FG). Is minic a chloistear Rose Conway-Walsh (SF), arb as ceantar Béal a’ Mhuirthead di agus Dara Calleary (FF), arb as Béal an Átha dhó, faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta.

Sa toghchán in 2020 bhí 40% den vóta ag Fine Gael. Is ar éigean go mbeidh vóta chomh hard ag páirtí Simon Harris (FG) an uair seo agus Michael Ring (FG) éirithe as. Mar sin féin beidh siad sa tóir ar thrí shuíochán. Tá an tAire Stáit Alan Dillon réasúnta cinnte go gcoinneoidh sé a shuíochán. Den triúr iarrthóirí eile atá ag Fine Gael, is ag an gcomhairleoir Mark Duffy (FG) is fearr atá seans. Toghadh é do cheantar Béal an Átha le 2,328 vóta sna toghcháin áitiúla, nuair a sheas sé mar iarrthóir neamhspleách. Gheobhaidh Keira Keogh (FG) cuid den vóta ard i gCathair na Mart a bhíodh ag an iartheachta Michael Ring (FG). Cé go bhfuair sí 1,184 vóta sna toghcháin áitiúla mí Meitheamh seo caite, cuireadh as an áireamh í sa gceathrú comhaireamh. Is as Oirthear Mhaigh Eo don iarrthóir eile, Martina Jennings (FG). Tá sí fostaithe mar Phríomhfheidhmeannach ag Oispís Mhaigh Eo.

Cé go bhfaighidh sí vóta Fhine Gael thart ar Chlár Clainne Mhuiris, is deacair a fheiceáil go mbeidh sí san iomaíocht ag an deireadh, go speisialta le hiarrthóir láidir neamhspleách, Patsy O’Brien (Nspl), ar leic an dorais aici. Fuair Patsy O’Brien (Nspl) 2,738 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Chlár Chlainne Mhuiris, an duine is mó a fuair vótaí i gCo Mhaigh Eo, mí Meitheamh seo caite. Ba cheart go bhfaigheadh sé sciar maith de vótaí Martina Jennings (FG) má chuirtear as an áireamh í, de bharr cúrsaí tíreolaíochta.

Tá roinnt iarrthóirí neamhspleácha san iomaíocht chomh maith a d’fhéadfadh aistriúchán a thabhairt do Patsy O’Brien (Nspl): Gerry Loftus (Nspl) a fuair 574 vóta in 2020; agus Sean Forkin (Nspl) a fuair 59 vóta in 2020. Tá a thacaíocht curtha in iúl do Loftus (Nspl) ag an gComhairleoir Michael Kilcoyne (Nspl) ó Chaisleán an Bharraigh.

Más féidir leis an Seanadóir Lisa Chambers (FF) agus leis an Aire Stáit Dara Calleary (FF) an vóta Fianna Fáileach a roinnt réasúnta cothrom eatarthu bheadh seans ag páirtí Mhicheál Martin (FF) an dara suíochán a bhuachan anseo. Tá siad scartha amach go tíreolaíoch: Calleary (FF) i mBéal an Átha agus Chambers (FF) i gCaisleán an Bharraigh.

Déarfainn go bhfuil suíochán Rose Conway-Walsh slán. Níl mórán iomaíochta aici do na vótaí i gceantar Gaeltachta Iorrais ach tá an daonra beag ansin. Gheobhaidh sí aistriúchán maith vótaí ón gComhairleoir Gerry Murray (SF) ó Bhaile Chathail, ag glacadh leis go mbeidh sí chun cinn air.

D’fhéadfadh go mbeadh coimhlint ghéar don cheathrú agus don chúigiú suíochán idir an Seanadóir Lisa Chambers (FF) agus an Comhairleoir Patsy O’Brien (Nspl). Ba cheart go mbeadh vóta réasúnta maith ag Chris Maxwell (Ind Ire) arb as Cluain Cearbán dhó. Bhí sé ar bharr an chomhairimh i gceantar Chathair na Mart sna toghcháin áitiúla agus 1,793 vóta aige. Cosúil le Michael Fitzmaurice (Ind Ire) is conraitheoir talmhaíochta é Maxwell chomh maith agus tharraing sé aird ar féin le gairid nuair a thug sé mála móna isteach ag cruinniú de Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, beart as a bhfuair sé neart poiblíochta. Má aistríonn vótaí go tréan idir an Comhairleoir Chris Maxwell (Ind Ire) agus an Comhairleoir Patsy O’Brien (Nspl), tá seans maith go dtoghfar an Brianach.

Duine eile a mbeidh vóta réasúnta aige is ea an Comhairleoir Paul Lawless (Aon) atá ag seasamh d’Aontú. Fuair sé 2,574 vóta in 2020. D’fhéadfadh go mbeadh suas le 1,000 vóta breise a bhí aige an babhta seo. Nuair a aistríodh a vótaí ar an gcúigear a bhí fanta sa rás in 2020, fuair iarrthóirí Fhianna Fáil 863 vóta uaidh agus fuair iarrthóirí Fine Gael 749.

Ag seasamh chomh maith tá Micheál ‘Boxty’ Ó Conaill (CG) ón gComhaontas Glas agus Joe Daly (PsB) ó Phobal Seachas Brabús. Tá triúr eile iarrthóirí neamhspleách san iomaíocht nach bhfuil luaite agam: Seán Forkin (Nspl) agus Stephen Kerr (Nspl). Níl aon iarrthóir an uair seo ag Páirtí an Lucht Oibre.

Tuar Tuairisc: FF 1; FG 2; SF 1; Nspl 1.

Fág freagra ar 'Seans go mbeidh suíochán ag Gráinne Seoige agus gur idir Mairéad Farrell agus Seán Kyne a bheidh an ceann deireanach i nGaillimh Thiar'