Idir SF agus FF a bheidh an suíochán deireanach sa Mhí Thiar, cuma láidir ar Tóibín

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad. An babhta seo tá toghcheantar Gaeltachta againn – An Mhí Thiar

Idir SF agus FF a bheidh an suíochán deireanach sa Mhí Thiar, cuma láidir ar Tóibín

An Mhí Thiar

Líon na suíochán: 3
Tá Gaeltacht Ráth Chairn sa dáilcheantar seo

Tá cuid den sean-Dáilcheantar aistrithe isteach i Longfort-an Iarmhí.  Tá deichniúr iarrthóirí le seasamh, beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ina measc, Peadar Tóibín (Aontú) agus Johnny Guirke (Sinn Féin).  Tá Damien English (FG), ag seasamh siar. Níor cheart go mbeadh deacracht ar bith ag Fine Gael an suíochán a choinneáil, agus gan ach iarrthóir amháin ag seasamh.

Bhí 25% den vóta ag Fine Gael in 2020 agus Meitheamh seo caite bhí thart ar an sciar céanna den vóta ag iarrthóirí an pháirtí sna toghcháin áitiúla. Ar an gcaoi sin ba cheart go dtoghfaí gan stró a n-iarrthóir, an Comhairleoir Linda Murray-Nelson (FG). Cé gur toghadh í ar Chomhairle Chontae na Mí do thoghcheantar na hUaimhe ní bhfuair sí ach 870 vóta, ach níl ag seasamh d’Fhine Gael ach í féin. Le suíochán a bhaint bheadh uirthi fanacht chun cinn ar an gcomhairleoir Noel French (Nspl) an t-iarrthóir neamhspleách le cúlra Fhine Gael, a fuair 3,963 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Bhaile Átha Troim agus a d’fhéadfadh a bheith san iomaíocht do shuíochán.

An Comhairleoir Aisling Dempsey (FF), iníon leis an iar-aire Noel Dempsey, atá ag iarraidh suíochán a fháil ar ais do pháirtí Mhicheál Martin (FF). Seo an suíochán a sciob Sinn Féin ó Fhianna Fáil in 2020. Fuair Aisling Dempsey (FF) 1,044 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Bhaile Átha Troim. Tá an chontúirt ann di go mbeidh an Comhairleoir Noel French (Nspl) ag baint vótaí uaithi ina cheantar dúchais, rud a d’fhágfadh gann agus í ag iarraidh fanacht sa rás go dtí an deireadh.

Ní fhéadfadh Johnny Guirke (SF) a bheith cinnte dá shuíochán.  Ní bhfuair an páirtí ach thart ar 17% den vóta sna toghcháin áitiúla sa gcuid seo den chontae i mí an Mheithimh, i gcomparáid le 23% d’iarrthóirí Fhianna Fáil agus 25% d’iarrthóirí Fhine Gael.

Beidh tacaíocht láidir phearsanta ag Peadar Tóibín (Aontú) agus tá a ainm in airde mar dhuine den bheagán polaiteoirí nár thacaigh leis na leasuithe bunreachta anuraidh, seasamh nach ndéanfaidh aon dochar dhó. Beidh sé ag baint vótaí ó Shinn Féin a fhágfadh Johnny Guirke (SF) ag troid don suíochán deireanach, le Aisling Dempsey (FF).  Bheadh seans maith ag Aisling Dempsey ach fanacht chun cinn ar Noel French (Nspl) agus Linda Nelson-Murray (FG).

Ag seasamh chomh maith tá na hiarrthóirí seo ón eite clé:  Lena shuíochán a choinneáil beidh Johnny Guirke (SF) ag brath ar aistriú maith vótaí ó na hiarrthóirí atá ag na páirtithe ar an eite chlé: Sandy Gallagher (LO); Finbarr Lynch (an Comhaontas Pobal seachas Brabús); Séamus Mc Menamin (Comhaontas Glas) agus an Comhairleoir Ronan Moore (Daonlathaithe Sóisialta) a fuair 798 vóta sna toghcháin áitiúla. Ar an eite dheis tá iarrthóir amháin ag seasamh: David O’Shea (IFP) ón Irish Freedom Party.

Tuar: FF 1; FG 1; Aon 1

Fág freagra ar 'Idir SF agus FF a bheidh an suíochán deireanach sa Mhí Thiar, cuma láidir ar Tóibín'