Bhuel, tá sé ina thubaiste, más fíor do na tráchtairí. Tá Trump ar ais sa Teach Bán is féach muid ag crith le heagla roimh an todhchaí is roimh thitim na spéire. Aon uair anois!
Ar ndóigh, ní dhéanfaidh sé mórán difir i ndáiríre. Tá Trump agus Harris i bhfabhar chinedhíothú Iosrael i nGaza agus meáite ar armas a chur ar fáil chuige sin. Tá siad beirt i bhfabhar leas an rachmais a chur roimh leas an phobail. Tá siad beirt ag caint faoi jabanna a thabhairt ar ais go Meiriceá.
Tá Trump níos soiléire maidir le ciníochas agus fuath do mhná, ach níor dhein Harris (nó Biden) tada chun ciníochas Mheiriceá a ruaigeadh as an tír. Ná Obama ach an oiread.
Sa méad is go bhfuil difríochtaí ann is ar an imeall atá siad.
Cinnte beidh an troid le haghaidh cearta na mban i dtaobh ginmhillte níos deacra agus beidh cás lucht iarrtha dídine i bhfad níos measa. Ag deireadh thiar, ámh, is gnó do Mheiriceá é sin. Ní bheidh mórán tionchair aige ar an domhan ar fad.
Cén tionchar domhanda a bheas ann mar sin?
Bíonn Trump ag maíomh gurbh eisean an t-aon uachtarán le cianta nár chuir tús le cogadh, agus má chloíonn sé leis sin ba bhuntáiste a bheadh ann.
Maidir leis an Úcráin, tá léaró dóchais ann go gcabhróidh Trump le síocháin a aimsiú ansin, ach beidh sé ag iarraidh a oineach a chosaint agus náire Mheiriceá a sheachaint.
Ní fheicim go bhfuil aon chúis mhór ag Putin lena leithéid a thabhairt dó. Beidh Trump ag iarraidh caidreamh na Rúise leis an tSín a laghdú, ach ceapaim go bhfuil sé ródhéanach dá leithéid. Creideann lucht an Iarthair go mbeidh an Rúis ag iarraidh teacht ar ais sa tréad Eorpach, ach ceapaim go bhfuil an fhuinneog ar an Iarthar a d’oscail Peadar Mór san 18ú haois dúnta iata anois agus an Rúis ag breathnú soir is ó dheas ar an Domhan Theas.
Bhí moill ar Phutin comhghairdeas a dhéanamh le Trump, cé go ndúirt sé sa deireadh go mbeadh sé sásta labhairt leis faoi shocrú síochána san Úcráin, ach dúirt Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rúise nach raibh aon chlaonadh acu maidir le cé a bheadh ina uachtarán ar Mheiriceá mar go mbíonn an “dearcadh frith-Rúiseach” céanna ann is cuma cén páirtí a bhíonn i gcumhacht.
Maidir leis an gcogadh san Úcráin dúradh nach raibh “aon athrú” ar choinníollacha na Rúise agus go raibh “eolas maith” ar na coinníollacha “in Washington”.
Níl mórán sa mhéad sin do Trump.
Ní hin le rá, ámh, go mbeidh fonn ar Trump leanacht leis an maoiniú do chogadh na hÚcráine, ach ní bheidh sé éasca aige a oineach a chosaint má bhíonn stop le cur leis an gcogadh, is beidh sé dodhéanta an Rúis a scoilt ón tSín.
Ag an am céanna is leithlisí traidisiúnta Meiriceánach é Trump. Ní bhaineann sé le lucht infheistíochta airgid, atá sásta a gcuid infheistíochtaí a dhéanamh aon áit ar domhan ar thóir an bhrabúis is mó; baineann sé leis an gcuid sin den rachmas a dhéanann a chuid airgid i Meiriceá féin is a bhíonn ag brath ar ardleibhéil fostaíochta le margadh (is brabús) a thabhairt dóibh.
Is cuma leis, mar sin, faoin margadh infheistíochta a chosaint. Ach amháin go bhfuil sé ag iarraidh stádas an dollar a chosaint i gcoinne dhúshlán na mBRICS. Ní léir cén chaoi a réiteoidh sé an dá sprioc seo.
Tá sé i gcoimhlint trádála leis na tSín mar tá sé ag iarraidh go dtáirgfeadh comhlachtaí Meiriceánacha na hearraí atá ag teacht isteach ón tSín. Ach is cuma leis faoin Eoraip ná coimhlintí na hEorpa.
Drochscéal é sin do NATO is do lucht an chogaidh san Eoraip, ach is dea-scéal don domhan é. Tá fuinneog le hoscailt ar son na síochána?
Tá lucht an Atlantachais san Eoraip ar mire faoi seo, agus iad ag iarraidh cineál NATO dá gcuid féin a bhunú d’uireasa Mheiriceá. Ní dóigh liom go bhfuil an cumas acu, ach cheana féin anseo in Éirinn cloiseann muid an chaint go gcaithfidh muid tuilleadh a chaitheamh ar chúrsaí míleata, go gcaithfidh muid an bhearna san Úcráin a líonadh agus teacht ar shainmhíniú ar neodracht sa gcaoi nach neodracht ar chor ar bith a bheidh inti a thuilleadh.
Tá difear mór ar ndóigh idir na rudaí ba mhaith le Trump a dhéanamh agus an cumas a bheidh aige iad a dhéanamh, mar beidh an domhainstát – an tseirbhís shibhialta, na hinstitiúidí seanbhunaithe rialtais is mar sin – eagraithe ina choinne.
Fág freagra ar 'Trump sa Teach Bán arís – tubaiste más fíor…'