Tá an t-alt seo ag teacht chugat as áit éigin i lár Nebraska.
Tá sé tar éis dul ó sholas.
Tá an California Zephyr ag réabadh léi, isteach san oíche smúitiúil Mheiriceánach, bonnán na traenach ag ligean uaill as ó am go chéile mar a bheadh ainmhí gonta ann.
Nuair a éireoidh an ghrian beidh mé i gcathair Denver agus beidh 6,700 ciliméadair curtha díom agam ar sheacht dtraein trí 15 stát: Maryland, Delaware, Pennsylvania, Virginia, North agus South Carolina, Georgia, Florida, West Virginia, Ohio, Indiana, Illinois, Iowa, Nebraska, Colorado. Agus, is ea, an Dúiche Fheidearálach.
Fonn an tír a fheiceáil agus an t-eitleán a sheachaint a thug orm modh taistil a roghnú a shíl duine nó beirt a bheith neamhghnách. ‘Ach an dtaistealaíonn muintir Mheiriceá ar an traein?’ a fiafraíodh díom uair nó dhó.
Muise, taistealaíonn.
Bhí na cinn ar a raibh mise lán, ach cé go raibh na daoine sna suíocháin in aice liom breá cairdiúil agus breá cainteach, mar is dual do mhuintir Mheiriceá ar an mórgóir, ní raibh siad cainteach faoin toghchán atá ag druidim linn.
A mhalairt.
Sin é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm faoi thoghchán uachtaránachta na bliana seo: an chaoi a seachnaíonn muintir Mheiriceá an t-ábhar sin mar a bheadh mí-ádh ag baint leis.
‘Bhí mé i gcarráiste an chaifé anois díreach ach b’éigean dom éalú,’ a bhéic fear sna 50idí, iar-mhuirshaighdiúir, le pé duine a bhí sásta cluas le héisteacht a thabhairt dó, díreach agus an Silver Meteor aneas as Florida agus na Carolinas ag tarraingt isteach i gcathair Washington DC.
‘B’éigean dom éalú, bhí an toghchán á phlé acu agus bhí siad do mo chur as mo mheabhair!’
Tusa agus seachtar as deichniúr Meiriceánach in éineacht leat, a shíl mé liom féin, ach ansin dúirt (bhuel, bhéic) sé rud nach raibh coinne agam leis: ‘Ní thuigeann siad cén trioblóid a bheidh i ndán don tír seo má bhíonn an bua ag an mbean sin sa toghchán!’
Spéisiúil, a shíl mé. An trioblóid a chothóidh Kamala Harris do na Stáit Aontaithe atá i gceist agat, nó an trioblóid a chothóidh lucht leanúna Donald Trump mura mbíonn an bua aige siúd? Ach níor chuir mé ceist air: bhí féachaint ina chuid súl a thug orm a cheapadh go raibh sé ar intinn aige an Caipeatól a chur trí thine a luaithe agus a d’éireodh sé den traein.
Níl an Caipeatól ach cúpla céad méadar ó stáisiún traenach Washington DC, agus nuair a shiúil mé thairis ar mo bhealach go dtí an Teach Bán chonaic mé nach mbeadh mórán ratha ar éinne a dhéanfadh iarracht ionradh a dhéanamh ar cheannáras an daonlathais sna Stáit Aontaithe, mar a rinne lucht leanúna Donald Trump ar an 6 Eanáir 2021.
Tá sconsaí cosanta arda curtha timpeall ar an bhfoirgneamh a chuirfeadh balla Bheirlín i gcuimhne duit.
Ní san ardchathair amháin atá ardslándáil i bhfeidhm. Tá an Garda Náisiúnta faoi réir i roinnt stát ar eagla go mbeadh trioblóid ann lá an toghcháin nó sna laethanta ina dhiaidh.
Faitíos faoi scliúchas agus círéibeacha, gan dabht, ceann de na príomhchúiseanna gur chaith breis agus 75 milliún Meiriceánach a gcuid vótaí cheana féin – tríd an bpost nó go pearsanta, ag ionaid vótála atá ag feidhmiú le cúpla lá nó cúpla seachtain anuas, ag brath ar an stát.
Tráthnóna Sathairn agus mé ag siúl thar an leabharlann i gceantar Belmont ar an taobh ó thuaidh de chathair Chicago, bhí fad dhá bhloc go leith i líne na luathvótóirí; bhí leabhair á léamh ag cuid agus bhí fear ag siúl suas agus síos ag díol buidéal uisce agus málaí criospaí. ‘Díoltóir neamh-chlaonpháirteach’ a bhí scríofa ar chomhartha a bhí greamaithe dá mhála droma aige, ar eagla na heagla, ach bheadh iontas orm má bhí oiread agus duine amháin sa líne áirithe sin a chaith vóta do Donald Trump; tá an t-ionad vótála sin i gcroílár ceantar LADT+ Chicago.
‘Ar mhaith leat cnaipe Kamala le cur ar an ngeansaí deas sin atá á chaitheamh agat?’ a d’fhiafraigh fear a chonaic go raibh pictiúr á ghlacadh agam den scuaine.
Chroith mé mo cheann go béasach mar chomhartha nár mhaith. Ní hé gurbh fhearr liom cnaipe Trump, lucht chomhaireamh na vótaí idir sinn agus an drochrud, ach … cén chaoi a gcuirfidh mé seo?
Níl Kamala Harris tar éis dul i bhfeidhm orm.
Agus tá rud éigin ag rá liom nár éirigh léi dul i bhfeidhm ar dhóthain vótóirí Meiriceánacha ach oiread.
Ar bhealach ní uirthi féin an locht.
Bhí uirthi seasamh sa bhearna bhaoil nach mór ag an nóiméad deireanach mar iarrthóir do na Daonlathaigh nuair a tharraing an t-uachtarán reatha, Joe Biden, amach as an rás sa samhradh.
Ní hamháin sin, áfach.
‘Donald Trump gets to be lawless, but Kamala Harris needs to be flawless.’
Maith dom an Béarla, ach i nGaeilge ní oibríonn an t-imeartas focal thuas a chuala mé ó dhuine nó beirt anseo.
Tá géarchúis ar leith ag baint leis an ráiteas sin dar liom. Tá cead ag Donald Trump chuile riail sa leabhar a bhriseadh, shílfeá, agus fós beidh daoine ag tabhairt bualadh bos agus vóta dó. Ach in iarracht gan éinne a chur ó dhoras caithfidh Kamala Harris a bheith chomh neamhurchóideach sin go n-éiríonn léi, i gcead di, a bheith chomh leamh le tírdhreach Iowa.
Seans go mbeidh cuma rud beag simplí air seo, ach an ‘ghné uathúil dhíolacháin’ atá ag Harris ná nach í Donald Trump í.
An leor é sin chun an fíorbheagán vótóirí nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill a mhealladh?
De réir na bpobalbhreitheanna deireanacha, d’éirigh léi rud beag dul chun cinn a dhéanamh le cúpla lá anuas i dtrí stát chinniúnacha, na Swing States Nevada, Wisconsin agus North Carolina.
Ach tá Donald Trump chun cinn in Arizona; Georgia agus Michigan agus in Pennsylvania, an Swing State is tábhachtaí ar fad, tá Trump agus Harris gob ar ghob.
An éireoidh le Kamala Harris Donald Trump a chloí?
B’aoibhinn liom dá n-éireodh, ach …
LÉARSCÁIL IDIRGHNÍOMHACH AN CHOLÁISTE TOGHCHÁIN
Fág freagra ar 'An éireoidh le Kamala Harris Donald Trump a chloí?'