Chuir sé beagán iontais orm gur iarradh ar an eagraíocht BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge teacht ag cruinniú ar Oileán Cléire faoi cheist na tithíochta. Leis an fhírinne a inseacht bhí leisce áirithe orm tabhairt faoin turas ach thug. Tá mé sásta gur thug mar d’fhoghlaimíos nach mar a chéile na fadhbanna tithíochta i ngach ceantar Gaeltachta agus nach mar a chéile an réiteach ach an oiread. Tá a gcuid fadhbanna féin ag pobal beag oileánda cosúil le Cléire.
Oileán Cléire an t-aon oileán Gaeltachta a bhfuil cónaí buan air i gCúige Mumhan agus is maith an teist ar an bpobal gur mhair an Ghaeilge in ainneoin chomh scoite amach is atá an t-oileán ó aon cheantar Gaeltachta eile. Agus is pobal é atá i mbaol de bharr easpa tithíochta a bheith ar fáil do dhaoine ar mhaith leo cónaí ar an oileán ar feadh na bliana.
Bhí an cruinniú eagraithe ag Ruairí Ó Donnabháin, an tOifigeach Pleanála Teanga agus cuireadh tugtha aige do Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge agus domsa ón eagraíocht BÁNÚ ár gcuid a rá. Ar an mbád farantóireachta ó Dhún na Séad, leis an fhírinne a inseacht, bhíos ag ceapadh go mbeadh muid ag déanamh go maith dá mbeadh ceathrar nó cúigear ag an gcruinniú romhainn ach ní mar sin a bhí. 17 a bhí ag an gcruinniú, a mhair thart ar uair go leith.
Thosaigh an cruinniú le tuairisc ón Oifigeach Pleanála Teanga, Ruairí Ó Donnabháin, tuairisc a bhí sách duairc: tá an daonra tite ó 236 duine i 1961 go 147 in 2016 agus go 110 in 2022. Tá cúrsaí teanga idir dhá cheann na meá le fada an lá ar an oileán: as daonra 110 duine, tá Gaeilge mhaith nó an-mhaith ag 76 duine, nó 69%, do réir an Daonáirimh a tógadh in 2022. Dúirt 31 (28%) duine go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.
Dúradh linn nach bhfuil ach triúr sa Scoil Náisiúnta ar an oileán faoi láthair, triúr ón dteaghlach céanna, teaghlach ón nGearmáin, atá lonnaithe go fadtéarmach ar an oileán.
Fógra báis don oileán an méid sin, shílfeá, ach níl aon fhonn ar an bpobal bás a fháil, más comhartha ar bith an méid a bhí le rá ag an ngrúpa a bhí ag an gcruinniú. Bhí neart smaointe acu.
Agus ní scéal duairc ar fad atá ann: dúradh linn go bhfuil naonúr páistí réamhscoile ar an oileán chomh maith le 15 déagóir. Is cosúil go bhfuil fonn ar roinnt daoine tíocht chun cónaí ar an oileán agus dul i mbun oibre, cianobair i gcás cuid acu mar atá á dhéanamh ag roinnt daoine cheana.
Mar shampla is ag obair ar an oileán do Chonradh na Gaeilge atá Sadhbh Ní Mhéalóid, bean óg de bhunadh an oileáin a bhíonn ag uasluchtú eolais faoi imeachtaí ar an suíomh PEIG.ie, buíochas don chóras maith gTeic atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta. Ach is í an fhadhb, is cosúil, nach mbíonn sé éasca ar dhaoine ar mhaith leo lonnú ar Oileán Cléire áit chónaithe a aimsiú.
Níl aon easpa tithíochta ar an oileán, mar a cruthaíodh dúinn nuair a tugadh muid ar chamchuairt timpeall an oileáin le breacadh an lae an chéad mhaidin eile: tá neart tithe folmha ar an oileán, cuid acu go bhféadfaí cónaí iontu ach iad a bheith ar fáil agus cuid eile a bhféadfaí iad a athchóiriú. Léiríonn na staitisticí a bhaineann le Oileán Cléire ón Daonáireamh go raibh níos mó tithe ar Oileán Cléire ná daoine: 125 ionad cónaithe ar an oileán in 2022 le haghaidh 110 duine. Tá cónaí i 58 teach den 125; tithe saoire 40 de na tithe agus tá 27 teach folamh ann!
Ag an gcruinniú labhair mise faoin mbrúghrúpa BÁNÚ agus labhair Róisín Ni Chinnéide faoin stocaireacht atá déanta ag Conradh na Gaeilge maidir leis an mBille Pleanála agus Bille an Údaráis. Bhí an cruinniú neamhfhoirmiúil sa mhéad is go raibh daoine in ann ceisteanna a chur, moltaí a dhéanamh agus tuairimí a thabhairt le linn ár gcuid cainte. Léiríodh tuairimí láidre agus deineadh roinnt moltaí maithe.
Maidir le tithíocht tháinig rud mór amháin chun solais: go bhféadfaí fadhb na tithíochta a réiteach dá ndéanfaí cuid de na tithe tréigthe ar an oileán a athchóiriú, le go mbeidís ar fáil le cur amach ar cíos go fadtéarmach do dhaoine a bheadh sásta lonnú ar an oileán. Tá cuid den obair seo tosaithe cheana ag Comharchumann Cléire agus ag fear áitiúil chomh maith, Diarmaid Ó Ceadagáin, innealtóir óg fuinniúil a d’fhill ón Astráil.
Ar ndóigh, mar a tharla ag chuile chruinniú eile faoin tithíocht, bhí daoine cáinteach faoin gcomhairle contae, Comhairle Contae Chorcaí sa gcás seo. Dúradh linn gur chuir an comharchumann isteach ar chead pleanála, ar phaiste talún gar don scoil náisiúnta le ceithre theach a thógáil, ach tarraingíodh siar an t-iarratas nuair a tugadh le fios go raibh socraithe ag Oifig Pleanála na Comhairle Contae an t-iarratas a dhiúltú.
Ag éirí as an gcruinniú, tá mé den tuairim go bhféadfadh Roinn na Gaeltachta scéim speisialta a chur le chéile, faoin reachtaíocht atá ann, le freastal ar riachtanais tithíochta na n-oileán Gaeltachta agus ceantair eile a bhfuil na fadhbanna céanna acu, faoina bhféadfaí deontais agus iasachtaí a thabhairt do na comharchumainn áitiúla le tithe atá tréigthe a athchóiriú, le go bhféadfaí iad a chur ar cíos go fadtéarmach. Chuige sin ní theastódh aon reachtaíocht nua ach an toil a bheith sna Forbacha agus acmhainní a bheith curtha ar fáil ón státchiste.
Theastódh chomh maith go réiteofaí ‘Plean Tosaíochta Áitiúil’, mar a thugtar air san Acht Pleanála nua, do gach oileán, ar a mbeadh béim speisialta ar riachtanais tithíochta an phobail.
D’fhéadfadh ról a bheith ag Údarás na Gaeltachta chomh maith i gcomhar le heagraíochtaí pobail ar nós Comharchumann Cléire, le seirbhísí riachtanacha a sholáthar ar shuíomhanna in úinéireacht an phobail, ar a bhféadfaí líon beag tithe a thógáil, ar mhaithe le daoine le Gaeilge a mhealladh le cónaí ar an oileán.
Ach an cheist mhór: an bhfuil an toil sna Forbacha dul i ngleic leis an bhfadhb agus má tá, an gcuirfear dóthain acmhainní ar fáil ón státchiste le tabhairt faoin réiteach.
Tash
Is cuairteoir rialta mé go dtí an oileán álainn beag sin. Brisfidh sé do chroí na tithe folmha a fheiscint ar fud na háite.
Seosamh Ó Beirgin
Cé leis iad na tithe folmha tréighthe seo?
Cuairteoir Rialta ar Chléire
Uaireanta is le sliocht sean mhuintir na háite iad atá ag cónaí i Meiriceá agus a fuair le hoidhreacht iad ach nach bhfuil sásta scaoileadh leo nó aon rud a dhéanamh leo, in ainneoin go bhfuil deontais ar fáil anois chun iad a dhéanamh suas agus a ligean amach. Is mór an náire é. Gá le polasaithe níos déine. Cáin ar thithe tréigthe a dhúbhailt nó cead ceannach éigeantach a thabhairt don Údarás áitiúli éigin i gcóir tithe nach bhfuil in úsáid le fada.
Seosamh Ó Beirgin.
Aontaim leat, a Chuairteora.