Gealltanais an rialtais nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘lag, débhríoch agus dothomhaiste’

Deir Conradh na Gaeilge, an grúpa feachtais BÁNÚ agus an Foras Pátrúnachta gur chóir go ndéanfadh an rialtas nua níos mó maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

Gealltanais an rialtais nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘lag, débhríoch agus dothomhaiste’

Tá díomá léirithe ag eagraíochtaí Gaeilge maidir leis an méid atá sa dréachtchlár rialtais faoi chúrsaí teanga agus Gaeltachta agus é curtha i leith lucht an chéad chomhrialtais eile go bhfuil na gealltanais atá déanta ‘lag, débhríoch agus dothomhaiste’.

Tá Conradh na Gaeilge, an grúpa feachtais BÁNÚ agus an Foras Pátrúnachta ina measc siúd a deir nach leor a bhfuil geallta ag lucht an chéad rialtais eile maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh cúpla rud fiúntach luaite sa gclár a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách, ach go bhfuil cuid de “níos laige fiú “ná mar a bhí an clár rialtas deireanach in 2020.

“Is ábhar imní é nár chuir Fianna Fáil agus Fine Gael éilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta san áireamh sa Chlár Rialtais faoi mar a bhí leagtha amach go sonrach ag an bpobal.

“Cé go bhfuil tionchar ár n-éileamh le feiceáil i gcuid de na spriocanna a cuireadh san áireamh sa Chlár Rialtais nua, luaitear iad le foclaíocht atá níos laige, débhríoch agus, in go leor cásanna, níl torthaí intomhaiste luaite leo,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt de Spáinn go bhféadfadh tairbhe a bheith le cuid de na gealltanais, ar nós an ghealltanais go rachfar i mbun oibre le curaclam Gaeilge na mbunscoileanna, na scoileanna dara leibhéal agus na n-institiúidí tríú leibhéal a chur in oiriúint don Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha. Céim ar gcúl a bhí i spriocanna eile, áfach, a deir de Spáinn.

“Tá spriocanna áirithe eile sa chlár rialtais nua atá ag dul siar ar an méid a bhí san áireamh sa chlár rialtais in 2020. Mar shampla, in 2020 bhí sé mar sprioc Rialtais an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht a dhúbailt – anois níl ach tagairt sa Chlár Rialtais nua go bhfreastalófar ar éileamh tuismitheoirí ar Ghaelscolaíocht. Tá an choimitmint sin, freastal ar éileamh tuismitheoirí, ann ó glacadh le Ráiteas an Rialtais in 2006 agus níl aon Rialtas tar éis an sprioc sin a fhíorú ó shin.

“Tá ár gcomrádaithe sa Bhreatain Bheag ag obair i dtreo an líon daltaí atá ag freastal ar oideachas trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050. Faraor, táimidne in Éirinn tar éis céim ar chúl a ghlacadh leis an sprioc seo sa chlár rialtais nua agus ba chóir don Rialtas é sin a aithint, a leasú, agus a bheith uaillmhianach ar nós na Breataine Bige.”

Deir an Foras Pátrúnachta go mbeifear ag súil le “cuid mhaith níos mó” ón rialtas sna blianta romhainn i dtaobh an Ghaeloideachais ná mar atá luaite sa chlár rialtais.

Dúirt Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEadhra, le Tuairisc gur gá don rialtas aghaidh a thabhairt ar roinnt mhaith ceisteanna atá ag cur as don earnáil i láthair na huaire, ó bhunú scoileanna nua go fadhb na ndíolúintí.

Deirtear sa chlár rialtais nua go ndéanfar Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bhunú in áiteanna a bhfuil éileamh orthu ach níl sé ráite sa chlár cad a chiallaíonn ‘éileamh’ sa chás seo.

Sa gclár rialtais deireanach, dúradh go gcuirfí scoileanna lán-Ghaeilge ar fáil in áiteanna ina raibh “éileamh láidir” orthu ach ina ainneoin sin, údar díomá do lucht an Ghaeloideachais a bhí san easpa Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a bunaíodh faoin rialtas deireanach cé go bhfuil feachtais ar bun ag grúpaí ar fud na tíre atá ag iarraidh go dtógfaí scoileanna lán-Ghaeilge ina gceantair.

Dúirt Caoimhín Ó hEadhra go gcuirfeadh sé fáilte roimh an scéal go mbreathnófar ar bhunú scoileanna nua ach dúirt sé freisin gur chóir an ceart atá ag páiste oideachas lán-Ghaeilge a fháil a dhaingniú sa dlí trí reachtaíocht a rith.

Dúirt sé go raibh rudaí nach raibh luaite sa dréachtchlár a gcaithfí aghaidh a thabhairt orthu chomh maith.

“Bheinn ag súil le cuid mhaith níos mó thar thréimhse an rialtais ná mar a bheadh le brath [ar an gclár],” ar sé.

Dúirt Ó hEadhra gur gá don rialtas “beart de réir a bhriathair” a dhéanamh agus polasaí láidir don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhoilsiú.

Tá sé ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley go bhfoilseofar an polasaí, a bhí le foilsiú anuraidh, roimh shamhradh na bliana seo ach níl sé luaite féin sa dréachtchlár rialtais, cé go bhfuil tacaíocht don pholasaí oideachais don Ghaeltacht luaite.

Beidh an t-ardú ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadaítear agus na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí sa gcóras T1 ar chuid de na dúshláin eile a bheadh le réiteach idir seo agus 2030, dar le Ó hEadhra.

“Ba cheart go gcuirfí oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal ar fáil d’aon daltaí gur mian leo é cibé cá bhfuil siad sa tír. Ba cheart tacú le scoileanna T1 a dhul i ngleic leis na dúshláin atá acu leis na scrúduithe stát. Ba cheart díriú ar cheist na Gaeilge i scoileanna Béarla.

“Tá súil againne go mbeidh dul chun cinn suntasach ar na ceisteanna seo faoin gclár rialtais,” a dúirt Ó hEadhra.

Tá díomá léirithe ag an eagraíocht BÁNÚ freisin leis an méid atá sa gclár maidir le ceist na tithíochta sa nGaeltacht.

Níl tada ann, dar leo, a thabharfadh le fios go bhfuil sé i gceist ag an rialtas nua acmhainní a chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta a chuirfeadh ar chumas an Údaráis dul i ngleic leis an bhfadhb.

Deirtear sa gclár go mbeidh an rialtas ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh dóthain tithe ar fáil sa Ghaeltacht.

“Cé go luaitear go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag obair le dreamanna eile chun tithe a sholáthar sa nGaeltacht, nil sé soiléir an mbeidh ról lárnach ag an Údarás nó ról imeallach,” a dúirt urlabhraí de chuid BÁNÚ.

“Fáiltíonn BÁNÚ roimh mhír a deir go ndéanfar pleananna speisialta forbartha le spriocanna sonracha tithíochta do na ceantair Ghaeltachta a réiteach ach tá an chuma ar an scéal go mbeifear ag brath i gcónaí ar an gComhairle Contae chun an fhadhb tithíochta sa nGaeltacht a réiteach. Is trua sin, mar nach é cás na Gaeilge an chéad chloch ar phaidrín na gComhairlí Contae.”

Deir BÁNÚ go bhfuiltear ag iarraidh casadh leis an gcéad aire Gaeltachta eile chomh luath agus a cheapfar é nó í chun éileamh a dhéanamh cumhachtaí agus acmhainní breise a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun tithíocht a sholáthar do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.

Gealltar sa gclár rialtais go dtabharfar spriocanna ar leith isteach do sholáthar tithíochta sa Ghaeltacht agus go dtabharfar isteach freisin na pleananna speisialta forbartha do cheantair Ghaeltachta atá luaite san acht pleanála nua.

Fág freagra ar 'Gealltanais an rialtais nua i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘lag, débhríoch agus dothomhaiste’'