“Ré nua theicneolaíochta don teanga” a bheidh i bhforbairt uirlis nua intleachta saorga, a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin.
Fógraíodh inniu go raibh tús á chur le próiseas tairisceana ag Údarás na Gaeltachta le huirlis “bunaithe ar an intleacht shaorga agus ar acmhainní saibhre na Gaeilge” a fhorbairt. Is iad Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta a bheidh ag bainistiú na huirlise.
Tá sé i gceist seirbhísí aitheanta agus sintéise cainte ‘Gaeilge go Gaeilge’ a fhorbairt fa0i dheireadh na bliana 2026. Táthar ag súil go mbeifear in ann an uirlis a úsáid “le haon táirge intleachta saorga ar an margadh” agus go gcuirfear na seirbhísí ar fáil “i ngach canúint Ghaeilge”.
Dúirt Ó Síocháin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an nuatheicneolaíocht ar fáil i nGaeilge.
“Tá sé riachtanach go mbeidh na huirlisí a bheidh ag úsáid na nuatheicneolaíochta seo ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Dá uireasa sin, beidh an chéad ghlúin Ghaeltachta eile agus cainteoirí Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór.
“Ina choinne sin, ag tapú na deise atá ann, beidh tús á chur le ré nua theicneolaíochta don teanga, deiseanna forbartha agus fostaíochta agus deis ar leith seirbhísí ar ardchaighdeán i nGaeilge agus i dteangacha eile a fhorbairt do phobail na hÉireann agus na scileanna agus múnlaí sin a roinnt le tíortha eile go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.
Tá “trí fhorbairt ar leith” beartaithe ag an Údarás: ardán agus uirlis a chuirfidh seirbhísí agus comhairle “ardchaighdeáin” ar fáil don phobal i nGaeilge; cúrsaí oiliúna don earnáil phoiblí a thabharfaidh scileanna AI agus Gaeilge don fhoireann; fiontraíocht in earnáil na hintleachta saorga sa Ghaeltacht agus do chomhlacht a úsáideann an Ghaeilge in earnáil an oideachais agus na foghlama.
Tá próiseas comhairliúcháin tosaithe cheana féin ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar leis an Státseirbhís agus an tSeirbhís Phoiblí le “corpas físeáin, téacs, agus teanga” a aimsiú don togra.
Tá obair mar seo ar bun cheana féin ag lucht Abair.ie i gColáiste na Tríonóide le roinnt blianta anuas agus seirbhísí sintéise agus aitheanta cainte á bhforbairt ag an bhfoireann ann. Beidh glórtha shintéiseoir Abair.ie in úsáid ar lear mór seirbhísí – táirgí mar Alexa agus Siri, léitheoirí suíomhanna gréasáin agus ar uirlisí a thabharfaidh glór do dhaoine nach bhfuil a nglór féin acu.
Seanán Ó Coistín
Tá géarghá lena leithéid i ngach réimse den gheilleagar agus den tsochaí in Éirinn. Baintear feidhm agus sochar as glóir shaorga agus córais aitheantais cainte chun caint a thiontú go téacs. Tá gá leo ar na gutháin agus ar ghléasanna amhail Alexa, Siri, agus Google. Táim ag súil go mór leo.
Seosamh
Tá an rud sin deanta agam bliain o shin nuair a thainic GTP3 ar a bhfód https://caotharnach.seosamh.dev. Tig leat labhairt leis cosúil le guthán. Baineann sé úsáid as abair.ie ar thaobh ASR agus TTS dhe. Tá sé an-símplí.
Tá ná h-uirlísí FOSS ann cheana fhéin agus bíonn siad ag feabhsú an t-am ar fad, cuir i gcás Whisper agus Wave2vec. Dearfainn go bhfuil an obair is tábhachtach ná taifeaid agus trascríbhinn den scoth ar chur le fáil agus an béim ar cainteoirí dúchas amháin.
Ach tá sár-obair deanta ag an foireann abair.ie cheana fhéin. Bheadh sé iontach amach is amach dá dtiocfadh leofa a gcuid samhail a cuir suas ar huggingface.
Dr. Daithí Ó Murchú
Tá an obair seo déanta cheanna againn ar son na Teanga, do scoileanna. Le cúpla bliain anuas rinneamar sár-iarracht an Ghaeilge agus ‘AI’ a chur ar fáil go forleathan. Cuireann sé as dom nár tugadh a t-aitheantas dúinn ‘is muidne ag treabhadh an ghoirt seo le fada agus anois, tá a leithéid ag ligint orthu go bhfuil ‘rud’ nua cruthaithe acu don Ghaeilge. C’est la guerre! Ach fós is pribhléid dom agus dúinn go bhfuil na mílte.. sea na mílte ag údáid …saor in aisce 100%..a chuireamar ar fáil, agus atá fós beo. Fiú i mBasque chuireamar ar fáil DMPK AI d’a scoileanna….