Amhras caite ag ceannasaí RTÉ ar phlean do sheirbhís nuachta neamhspleách do TG4

Deir Kevin Bakhurst, ceannasaí RTÉ, nach bhfuil sruth síoraí iriseoirí oilte Gaeilge ar fáil agus go raibh dhá rogha curtha faoi bhráid Choimisiúin na Meán ag an gcraoltóir, seirbhís nuachta Gaeilge ar leith do RTÉ nó múnla nua a bheadh bunaithe ar an gcomhlacht Independent Television News sa Bhreatain

Amhras caite ag ceannasaí RTÉ ar phlean do sheirbhís nuachta neamhspleách do TG4

Tá amhras caite ag Ard-Stiúrthóir RTÉ ar an bplean seirbhís nuachta neamhspleách a bhunú do TG4.

Agus é ar cuairt ar cheannáras TG4 i gConamara inné, dúirt Kevin Bakhurst nach raibh sruth síoraí iriseoirí oilte Gaeilge ar fáil agus go mbeadh sé an-deacair dhá sheomra nuachta Gaeilge, ceann ag RTÉ agus ceann ag TG4, a líonadh.

Dúirt ceannasaí RTÉ go raibh dhá rogha curtha faoi bhráid Choimisiúin na Meán ag an gcraoltóir, seirbhís nuachta Gaeilge ar leith do RTÉ nó múnla nua a bheadh bunaithe ar ITN (Independent Television News) sa Bhreatain.

Faoin múnla sin, chuirfeadh comhlacht léiriúcháin agus nuachta neamhspleách seirbhís nuachta ar fáil i nGaeilge do RTÉ agus do TG4, faoi mar a chuireann ITN seirbhís nuachta ar fáil do ITV, Channel 4 agus Channel 5 sa Bhreatain.

Dúirt Bakhurst go raibh RTÉ tiomanta dá seirbhís nuachta féin a chur ar fáil i nGaeilge ar theilifís, ar Raidió na Gaeltachta agus ar líne agus tuilleadh infheistíochta a dhéanamh inti.

Is dó sin a bheadh sé féin ag tabhairt tús áite dó fiú dá mbunófaí seirbhís nua ar TG4, arsa Ard-Stiúrthóir RTÉ.

Sa chás go rachfaí ar aghaidh leis an bplean an tseirbhís nuachta a chuireann RTÉ ar fáil do TG4 a athbhunú mar sheirbhís neamhspleách, bheadh an rogha ag gach duine atá ag obair sa nuacht faoi láthair fanacht le RTÉ, a dúirt Bakhurst.

Dúirt sé go mbeadh ar RTÉ bogadh as Baile na hAbhann sa chás go mbunódh TG4 seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha neamhspleách, ach nach mbeadh seomra nuachta na Gaeilge ag bogadh ar ais go dtí Baile Átha Cliath. D’fhanfadh Nuacht RTÉ sa réigiún ina bhfuil sé faoi láthair, a dúirt sé.

Chuir ceannasaí TG4, Alan Esslemont, soiniciúlacht i leith RTÉ inné agus chuir sé an milleán orthu as an easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh i dtaca leis an bplean neamhspleáchais.

Ach thug ceannasaí RTÉ, Bakhurst, freagra ar an gcaint sin inniu agus é ar cuairt ar cheannáras TG4 i gConamara.

Dúirt Bakhurst le foireann na nuachta i mBaile na hAbhann go raibh RTÉ ag comhoibriú go hiomlán le Coimisiún na Meán agus go raibh plean mionsonraithe le dhá rogha a raibh costáil déanta orthu curtha faoi bhráid an choimisiúin acu.

Dúirt Bakhurst gur údar díomá dó an méid a dúirt Alan Esslemont inné nuair a chuir sé soiniciúlacht i leith RTÉ agus é faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir RTÉ gur iarr Coimisiún na Meán plean ar RTÉ, go raibh an plean sin curtha ar fáil ag RTÉ don choimisiún agus gur faoin gCoimisiún atá sé anois an plean a scagadh agus comhairle a chur ar an Aire Cumarsáide dá réir.

Dúirt an NUJ go gcaithfeadh aon mholtaí a thiocfadh ó TG4 agus RTÉ faoi sheirbhís nua a bheith “an-soiléir” agus go gcaithfidís cearta fostaíochta oibrithe na nuachta a chur san áireamh.

Tá €13.625 milliún breise sa bhliain á lorg ag TG4 i mBuiséad 2025 chun “smacht eagarthóireachta Nuacht TG4 a aistriú ó RTÉ go dtí TG4”. Deir lucht an stáisiúin go dtógfadh sé bliain an tseirbhís ilardáin nua a bhunú ón uair go gcuirfí ar fáil dóibh an maoiniú breise atá á lorg acu.

Faoi láthair, is é RTÉ a chuireann Nuacht TG4 agus 7Lá ar fáil do TG4. Déantar sin mar chuid den dualgas reachtúil atá ar RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4.

Ghlac an Rialtas dhá bhliain ó shin le moladh ón gCoimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Fág freagra ar 'Amhras caite ag ceannasaí RTÉ ar phlean do sheirbhís nuachta neamhspleách do TG4'