An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais

Is é an tAire Airgeadais Michael McGrath ainmniúchán Rialtas na hÉireann don Choimisiún Eorpach

An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais

Tá an t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais agus Michael McGrath ainmnithe ag Rialtas na hÉireann le bheith ina Choimisinéir Eorpach.

Bhí Jack Chambers ina aire stáit don Ghaeltacht idir 2021-2022, tréimhse inar tugadh isteach reachtaíocht nua chun cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú.

Fágfaidh ceapachán Chambers gur cainteoir Gaeilge a bheidh ina aire airgeadais den chéad uair ó 2017 nuair a bhí an post ag Michael Noonan, iarcheannaire Fhine Gael.

Tá Chambers ina Theachta Dála do Bhaile Átha Cliatha Thiar. Toghadh chun na Dála den chéad uair é in 2016 agus atoghadh é in 2020. Ceapadh ina leascheannaire ar Fhianna Fáil é an tseachtain seo caite. 

Triúr cainteoirí Gaeilge a bhí á lua leis an bhfolúntas d’aire airgeadais, beirt iar-airí Gaeltachta, Chambers agus Dara Calleary, agus an t-aire tithíochta Darragh O’Brien.

Chuir an Tánaiste Micheál Martin a mholadh go n-ainmneofaí Michael McGrath don phost san Eoraip, a bhfuil tuarastal €300,000 ag dul leis, faoi bhráid an rialtais ar maidin.

Ag an aire airgeadais atá an aireacht is sinsearaí sa Rialtas agus tá Fianna Fáil ag súil dá bharr go bhfaighidh McGrath post airgeadais ar an gCoimisiúin, postanna a mbíonn an-tóir orthu i measc na mballstát.

Ceapadh Michael McGrath ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nuair a bunaíodh an comhrialtas in 2020. In 2022 ceapadh ina aire airgeadais é nuair a rinne sé féin agus Paschal Donohoe Fhine Gael a bpoist a mhalartú de réir mar a bhí socraithe sa mhargadh rialtais.

Beidh McGrath ar an gcéad pholaiteoir de chuid Fhianna Fáil a bheidh ina Choimisinéir Eorpach ó d’éirigh Máire Geoghegan-Quinn as an gcoimisiún deich mbliana ó shin.

Fágann ainmniúchán McGrath go bhféadfadh cúig fhothoghchán a bheith ann go luath an bhliain seo chugainn, mura mbíonn olltoghchán ann roimhe sin.

Toghadh Michael McGrath chun na Dála den chéad uair in 2007 agus atoghadh in éineacht le Micheál Martin é i gCorcaigh Theas-Lár i ngach olltoghchán ó shin.

Sna toghcháin áitiúla i dtús na míosa, ba é Seamus McGrath, deartháir Michael McGrath, a fuair an líon is mó vótaí céadrogha sa stát.

Fág freagra ar 'An t-iar-aire stáit Gaeltachta Jack Chambers le ceapadh ina aire airgeadais'