Ceann de na dúshláin is mó a bhíonn le sárú agam nuair a bhím i mbun pinn ná an claonadh a bheith róchruinn agus róbheacht.
An bhfuil a leithéid ann agus róchruinn agus róbheacht? a deir tú.
Tá, lasmuigh de réimse na hiriseoireachta, pé scéal é.
I réimse na litríochta, bítear ag súil leis go mbíonn tú … bhuel … liteartha, agus ní hionann liteartha agus litriúil.
Faraor géar thóg sé i bhfad orm é sin a thuiscint, agus ní hé nár tugadh rabhadh dom. Blianta fada ó shin, nuair a bhí mo chéad leabhar Favela (neamhfhicsean) díreach foilsithe, baineadh siar as na foilsitheoirí rud beag nuair a luaigh mé leo gur theastaigh uaim tabhairt faoi úrscéal.
Ní mór an rath a bhí orthu, a dúirt siad, ag plé le hiriseoirí i mbun ficsin. Thug siad cead mo chinn dom mar sin féin agus ní fhéadfadh sé go raibh mo chuid ficsin ródhona mar d’fhoilsigh siad ceithre shaothar ficsin liom ina dhiaidh sin.
Mar sin féin is minic a chuimhnigh mé ar an rabhadh úd le deireanas.
Shíl mise riamh gur leor scéal maith chun an léitheoir a mhealladh; é inste go maith gan dabht, gan lúb ar lár sa phlota agus sa charachtracht, agus gan athrá, gan aidiachtaí iomarcacha nó lochtanna teicniúla eile.
Thuig mé, gan dabht, go mbíonn an léitheoir ag súil le meafar samhlaíoch nó dhó agus le corrthuairim fhealsúnach freisin agus, thar aon rud eile b’fhéidir, – sin é an fáth a léimse féin saothair ficsin – léargas ar áit nó ar réimse saoil anaithnid nó go deimhin aithnid éigin.
Agus ós rud é gurb é sin an príomhfháth go léim féin leabhair ficsin, is ar an ngné sin – an cur síos ar áit agus ar na daoine a bhfuil cónaí orthu san áit sin – a chuirinn béim i mo chuid ficsin i gcónaí.
Ach i mo chuid iarrachtaí a chinntiú go bhfeicfeadh an léitheoir suíomh, carachtair agus aicsean chomh soiléir céanna agus a d’fheicinn féin iad, seans gur lig mé don iriseoir ionam an lámh in uachtar a fháil ar an scríbhneoir ficsin.
‘Ní theastaíonn uaim chuile mhionsonra a bheith ar eolas agam,’ a dúirt duine de mo chuid léitheoirí cabhracha nuair a d’iarr mé aiseolas uaithi faoin úrscéal atá idir lámha agam le roinnt mhaith blianta anuas.
‘Tá pointe maith aici,’ a dúirt mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, nuair a phléigh mé an t-aiseolas sin leis. ‘Bíonn an dlúithe eolais i do chuid scríbhneoireachta an-ard.’ (Tá dúil ag mo chara i dtéarmaíocht ainmfhoclach den chineál sin.)
Agus athléamh á dhéanamh agam ar an úrscéal sin tar éis dom a bheith gafa ar feadh roinnt mhaith míonna le cúrsaí an tsaoil, rith sé liom faoi dheireadh gurbh é an locht is mó a bhí air ná a laghad spáis agus a d’fhág mé do shamhlaíocht an léitheora; d’fhonn a chinntiú go bhfeicfeadh an léitheoir na heachtraí ar fad díreach mar a chonaic mise i m’aigne iad, theip orm ligean don léitheoir an scéal a fheiceáil lena dhá shúil féin.
Cén chaoi a gcuireann tú caoi ar a leithéid de locht?
Babhta eagarthóireachta arís eile, agus an iarraidh seo tá iarracht á déanamh agam rudaí a thabhairt le tuiscint, seachas iad a rá amach os ard: díreach a dhóthain leideanna le gur féidir leis an léitheoir obair na léitheoireachta a dhéanamh é féin.
Fág freagra ar 'Lig don léitheoir obair na léitheoireachta a dhéanamh é féin'