Inniu, an 1Bealtaine 2024, tagann Acht Oidhreachta agus Athmhuintearais Thuaisceart Éireann i bhfeidhm. Lá an léin do mhórán.
Ón lá seo amach ní bheidh baint ná páirt ag an ngnáthchóras breithiúnais le riar na córa i leith na dTrioblóidí. Cuirfidh feidhmú an achta deireadh le 35 ionchoisne faoi mharú 70 duine san iomlán.
Codlóidh daoine áirithe go sámh anocht a bhuíochas don Acht conspóideach de chuid rialtas na Breataine. Murab ionann agus íobartaigh a bhfuil an ceart á cheilt orthu beidh idir pharaimíleataigh agus iarfhórsaí stáit níos muiníní nach dtabharfar chun cúirte iad, ní áirím príosún.
Cuireann an tAcht stop le hionchoisní, fiosruithe agus cúisimh i dtaca le coireanna a rinneadh le linn na coinbhleachta ó 1966 go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta 1998. Cuireann sé cosc ar chásanna sibhialta freisin. I gcás ionchoisne ar bith nach raibh ag céim an bhreithiúnais aistreofar é chuig an ICRIR, an Coimisiún neamhspleách um Athmhuintearas agus Aimsiú Faisnéise.
Go dtí seo níl d’athmhuintearas bainte amach ag an reacht ach íobartaigh, polaiteoirí agus eagraíochtaí cearta daonna ar fud na hÉireann agus i gcéin a aontú ina choinne. Tá dúshlán an Achta tugtha ag rialtas na hÉireann sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste gur shárú ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine í an fhoráil chun saoirse ó chúiseamh a thabhairt do chiontóir a roinnfeadh eolas.
D’eascair an reachtaíocht as feachtas i measc na gCaomhach chun saoirse ó fhiosrú agus ó chúiseamh a chinntiú d’iarshaighdiúirí maidir le heachtraí le linn na dTrioblóidí.
Cé gur nocht an staidreamh a mhalairt, ghlac Boris Johnson le maíomh go raibh leatrom á dhéanamh ar iarbhaill d’fhórsaí stáit thairis paraimíleataigh faoi imeachtaí stairiúla. Gheall sé díolúine dóibh agus rud nár dhual dó chomhlíon sé an gheallúint i reachtaíocht. Dhiúltaigh rialtas na gCaomhach as éadan éisteacht le híobartaigh, páirtithe an Tuaiscirt agus na Poblachta agus saineolaithe idirnáisiúnta a dúirt gur sháraigh an reacht cearta an duine.
Seift ghránna chun fíricí faoin a gcogadh brocach a cheilt ab ea an tsaoirse ó chúiseamh, dar le híobartaigh. Nuair a chuir an Ardchúirt stop leis an díolúine sa reachtaíocht bhí súil ann go bhféadfadh roinnt ionchoisní a theacht ar eolas cruinn, faoi chlaonpháirteachas go háirithe, sula gcuirfí stop leo inniu.
Le seachtainí anuas, áfach, chonacthas arís agus arís eile faisnéis á ceilt ar íobartaigh ag rialtas na Breataine ar mhaithe le slándáil phoiblí. Cosaint do ghníomhairí agus na feidhmeannaigh sna seirbhísigh rúnda a bhíonn i gceist go hiondúil.
Baineadh leas as teastais slándála chun eolas a cheilt ar ionchoisne Kingsmill, ionsaí seicteach a rinne an tIRA, ar an 5 Eanáir 1976, inar maraíodh deichniúr. Ba é Alan Black an t-aon duine a tháinig slán; bhí díomá air faoi cheilt an eolais, d’éiligh sé fiosrú poiblí agus dúirt gur náire é an tAcht Oidhreachta. I measc liosta fada eile d’ionchoisní nárbh fhéidir a thabhairt chun críche go sásúil mar gur iarr an rialtas nó na seirbhísí faisnéise go gceilfí fianaise bhí cás Seán Brown.
Chualathas ag a ionchoisne go raibh suas le cúigear is fiche dílseoir, gníomhairí stáit ina measc, bainteach le marú chathaoirleach Chumann Lúithchleas Gael Bhaile Eachaidh i gcontae Dhoire ar an 19 Bealtaine 1997. Bhí oiread eolais folaithe ‘ar bhonn slándála’ gur chinn an cróinéir nárbh fhéidir fiosrú críochnúil a dhéanamh.
D’éiligh sé fiosrú poiblí ach ba é freagra an Státrúnaí Chris Heaton-Harris, achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an chróinéara gurbh fhéidir achoimre theoranta ar chuid bheag den fhaisnéis a sholáthar don teaghlach.
Cúpla lá ó shin cuireadh ionchoisne eile ar ceal nuair a cheil an rialtas agus MI5 faisnéis. Bhí marú an lánúin Charlie agus Tess Fox in ionsaí dílseach sa bhaile ina dteach féin ar an Maigh, i gcontae Thír Eoghain Meán Fómhair 1992 á fhiosrú ag an gcróinéir; bhí nasc idir na maraithe sin agus ionsaí dúbailte eile ocht mí roimhe sin nuair a maraíodh céile a n-iníne Bernie, Kevin McKearney agus a uncail Jack McKearney.
Bhí patrún soiléir le tamall, an Státrúnaí Chris Heaton-Harris ag dul i muinín na gcúirteanna chun cosc a chur ar bhreithimh/cróinéirí eolas ar bith a nochtadh faoi ghníomhairí stáit agus conas a ritheadh iad. An mbrisfear an nós sin maidir le fiosruithe faoi cheannas an ICRIR, an t-aon mhodh fiosruithe a bheidh fágtha nuair a thiocfaidh cásanna reatha chun críche? Tá dornán cásanna idir chúisimh agus ionchoisní nár cuireadh clabhsúr leo go fóill, 95 cás le tabhairt chun críche ag Ombudsman na bPóilíní ach fágfar na céadta faoin ICRIR.
I bhfianaise a dtaithí ba dheacair é a thógáil ar íobartaigh nach bhfuil iontaoibh ar bith acu sa chóras nua.
Tá an t-iar-phríomh-Bhreitheamh, Sir Declan Morgan, ceannasaí an ICRIR agus a phríomhfhiosraitheoir agus iarphóilín sinsearach, Peter Sheridan, diongbháilte go léireoidh siad go mbeidh an Coimisiún inmhuiníne agus go gcomhlíonfar dlíthe cearta daonna.
Chuige sin beidh siad ag brath ar oscailteacht agus ionracas ó pharaimíleataigh agus rialtas na Breataine. Cén seans?
Fág freagra ar 'Codlóidh daoine áirithe go sámh anocht a bhuíochas d’acht faoi oidhreacht na dTrioblóidí'