Téann líofacht daoine sa Ghaeilge i laghad go seasta idir 18-35 bliain d’aois, de réir eolais nua ón daonáireamh is déanaí.
De réir na bhfigiúirí nua, ó aois a 19 is ag ardú a bhí céatadán na ndaoine nach raibh labhairt na Gaeilge go maith acu.
Den 201,722 duine idir 15-19 a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu 18% a dúirt go raibh sí an-mhaith acu agus 40% a dúirt go raibh sí go maith acu.
Ach má bhí 58% de dhaoine idir 15-19 ag maíomh go raibh labhairt na Gaeilge go maith nó an-mhaith acu, thosaigh an laghdú seasta ar an bhfigiúr sin i measc na ndaoine idir 20-24.
47% de dhaoine san aoisghrúpa sin a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge go maith nó an-mhaith acu. (13% a dúirt ‘an-mhaith’ agus 34% a dúirt ‘go maith’.)
Lean an laghdú ó thaobh líofachta ar aghaidh san aoisghrúpa 25-29 bliain. 41% den 97,108 duine san aoisghrúpa sin a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu a thug le fios go raibh sí go maith nó go han-mhaith acu.
(12% a dúirt ‘an-mhaith’ agus 29% a dúirt ‘go maith’.)
Den 92,303 duine san aoisghrúpa 30-34 a mhaígh go raibh Gaeilge acu, 10% a dúirt go raibh sí an-mhaith acu agus 26% a dúirt go raibh sí go maith acu.
D’fhág sin gur 36% san aoisghrúpa 30-34 a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith nó go maith acu, i gcomparáid le 58% den aoisghrúpa 15-19.
I measc na ndaoine a bhí 65 bliain nó os a chionn, a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu, 34% a dúirt go raibh sí go maith nó go han-mhaith acu.
Cainteoirí Gaeilge trí bliana+ de réir a leibhéal líofachta
Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge agus ‘an-mhaith’, ‘maith’ agus ‘go dona’ an rogha a tugadh do dhaoine.
Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh eolas nua ar fáil chomh maith faoin gceangal idir an t-oideachas agus líofacht sa Ghaeilge.
Na daoine 15 bliain agus os a cionn a dúirt go raibh Gaeilge acu agus a raibh oideachas tríú leibhéal orthu, mhaígh 10% acu go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith acu agus 27% a dúirt go raibh sí go maith acu.
De na cainteoirí Gaeilge os cionn 15 nár fhan sa chóras oideachais i ndiaidh na bunscoile 11% a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith acu agus 17% a dúirt go raibh labhairt na teanga go maith acu.
Ba iad na cainteoirí Gaeilge os cionn 15 nár fhan sa chóras oideachais i ndiaidh na hiar-bhunscoile an dream is mó a thug le fios nach raibh labhairt na Gaeilge go maith acu. 69% de na daoine sin a dúirt nach raibh labhairt na Gaeilge go maith acu.
Dúirt 90% de na daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith nó go maith acu. Thug 84% de dhaoine nár labhair an Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ar chor ar bith nach raibh labhairt na Gaeilge go maith acu.
47% de dhaoine idir 20 -24 a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu. 35% a bhí i gceist do dhaoine idir 25- 29 agus 30% de dhaoine idir 30-34 a mhaígh go raibh siad ábalta an teanga a labhairt.
Dúirt 35% de dhaoine 65 bliain nó os a cionn go raibh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt.
Sa Ghaeltacht tugadh le fios go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith ag 29% de na daoine os cionn trí bliana ar chainteoirí Gaeilge iad. 41% a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge go maith acu agus 28% de chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta a dúirt nach raibh labhairt na teanga go maith acu.
I nGaeltacht Mhaigh Eo 21% de chainteoirí Gaeilge a dúirt gur labhair siad an-mhaith í agus 38% a dúirt gur labhair siad go maith í. 39% de chainteoirí Gaeilge Mhaigh Eo a dúirt, áfach, nach raibh labhairt na teanga go maith acu.
Os cionn leath de na daoine i gceantair Ghaeltachta chontae na Gaillimhe a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith acu agus 24% a dúirt go raibh an teanga go maith acu.
A mhalairt de scéal a bhí ann i gceantair Ghaeltachta chathair na Gaillimhe, áit nár thug ach 17% le fios go raibh labhairt na Gaeilge go maith acu agus a ndúirt beagnach leath de na cainteoirí Gaeilge (47%) nach raibh labhairt na teanga go maith acu.
Na cainteoirí Gaeilge trí bliana+ sa Ghaeltacht de réir a leibhéal líofachta
Cainteoirí Gaeilge | An-mhaith | Go maith | Go dona | Ní Dúirt | |
---|---|---|---|---|---|
An Ghaeltacht | 65,156 | 26,745 (41%) | 19,135 (29%) | 18,068 (28%) | 1,208 (2%) |
Corcaigh | 2,942 | 1,167 (40%) | 1,094 (37%) | 638 (22%) | 43 (1.5%) |
Dún na nGall | 15,549 | 7,016 (45%) | 4,726 (30%) | 3,493 (22.5%) | 314 (2%) |
Cathair na Gaillimhe | 7,751 | 1,351 (17%) | 2,583 (33%) | 3,677 (47%) | 140 (2%) |
Contae na Gaillimhe | 24,238 | 12,132 (50%) | 5,709 (24%) | 5,978 (25%) | 419 (2%) |
Ciarraí | 6,068 | 2,733 (45%) | 1,945 (32%) | 1,268 (21%) | 122 (2%) |
Maigh Eo | 5,956 | 1,232 (21%) | 2,286 (38%) | 2,299 (39%) | 139 (2%) |
An Mhí | 1,179 | 425 (36%) | 344 (29%) | 394 (33%) | 16 (1%) |
Port Láirge | 1,473 | 689 (47%) | 448 (30%) | 321 (22%) | 15 (1%) |
Eolas – Daonáireamh 2022, CSO
45% de chainteoirí Gaeilge Ghaeltacht Dhún na nGall a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge go han-mhaith acu agus 30% díobh a thug le fios go raibh an teanga go maith acu.
I gCiarraí, 45% de chainteoirí Gaeilge na Gaeltachta a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge an-mhaith acu agus 32% a mhaígh go raibh an Ghaeilge go maith acu.
De réir eolais a chuir an CSO amach an samhradh seo caite, tá breis is sé mhíle duine ar a laghad sa Ghaeltacht a deir go bhfuil Gaeilge ‘an-mhaith’ acu ach nach labhraíonn an teanga gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.
De réir na bhfigiúirí 26% de dhaoine sa Ghaeltacht os cionn trí bliana d’aois a deir go bhfuil Gaeilge an-mhaith acu, ach 19.7% a labhraíonn gach lá lasmuigh den chóras oideachais í.
Cuireadh ceist nua i nDaonáireamh 2022 faoin líofacht a mheas daoine a bhí acu sa Ghaeilge agus ‘an-mhaith’, ‘maith’ agus ‘go dona’ an rogha a tugadh do dhaoine.
Mheas 593,893 duine, nó 30%, de na daoine a dúirt go raibh Gaeilge acu, go raibh Gaeilge mhaith acu.
Dúirt 1,034,132 duine, nó 55% de na daoine sa stát a dúirt go raibh Gaeilge acu go raibh sí ‘go dona’ acu.
71,968 duine sa stát a thug le fios sa daonáireamh go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais – an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga.
Liam
Córas na ndíolúintí ag scríosadh ár dteanga. Fiosrúchán láithreach de dhíth.
Daz
Oibrímse i scoil sa Ghalltacht agus cuireann sé colg orm a bheith ag amharc ar an líon díolúintí atá á ndáileadh amach. Tá scaifte daltaí againn go bhfuil Gearmáinis acu sa bhaile nó a labhraíonn teanga eile sa bhaile agus fós fhéin tá siad ag éirí ‘saor’ ó ‘ualach na teanga’. Má tá aon chomhartha a bheag nó mhór ann go dtig leo é a fháil, déantar achan iarracht chun é a bhaint amach daofa. Fíor drochmheas ar an teanga sna scoiltreacha taobh amuigh den Ghaeltacht tchítear domh