Lewiston, an 4 Samhain 2008. Cathair bheag i dtéarmaí Mheiriceá ach oíche stairiúil i bpolaitíocht na Stát Aontaithe. I mo sheasamh ag doras stáisiún vótála a bhí mé. Bhí Margaret Craven – Mairéad Mhattie Sheáinín mar a thugtaí uirthi sa mbaile i Leitir Ard i gCarna i gConamara – ag fiach ar shuíochán sa Seanad Stáit Maine.
Ba é Lewiston an baile aici an uair sin agus is é fós.
Bhí mé ag caint le John Donleavey, duine de ghníomhairí an Pháirtí Dhaonlathaigh sa mboth vótála. Dlíodóir é Donleavey agus duine de shliocht láidir Gael-Mheiriceánach sa gcathair.
“Ní tharlaíonn mórán anseo a tharraingeodh aird na tíre orainn,” a deir sé liom. “Ach tharla eachtra mór sa bhfoirgneamh sin thall sna 1960idí”.
Bhí an foirgneamh tuairim is 300 méadar uainn, lárionad spóirt na cathrach. Lean John Donleavy ar aghaidh ag inseacht an scéil dúinn agus slua mór daoine ag triall ar an mboth vótála le titim na hoíche.
“Ansin a troideadh – dá dtabharfá troid air – an babhta cáiliúil conspóideach idir Sonny Liston agus Cassius Clay i 1963. Níor mhair an babhta ach cúpla nóiméad. Dúradh gur chaith Liston ar an urlár é féin agus nach ndearna sé iarracht cheart ar bith.
“Ar ndóigh chuaigh Clay, nó Muhammad Ali mar a bhaist sé air féin níos deireanaí, ar aghaidh sa bhfáinne nó gur glacadh leis go raibh sé ar dhuine de na seaimpíní trom-mheáchain ab fhearr ariamh.”
By dad! Bhain mé lán mo shúl as an lárionad spóirt. I gcaitheamh an ama bhí mé ag aireachtáil glór mo chomharsan sa mbaile, Mairéad Mhattie Sheáinin. “I’m Margaret Craven. Thank you for coming to vote.”
Labhair mé le John Donleavey aríst. “Tuige ar roghnaíodh an t-ionad sin le haghaidh na troda?” a d’fhiafraigh mé de. Ní fhéadfadh sé a rá go barainneach. Bhí áiteacha ar fud Mheiriceá ag súil go bhfaighidís an troid. B’fhéidir gur comhghéilleadh nó comhthuiscint a bhí ann idir na campaí. B’fhéidir go raibh baint ag cúrsaí teilifíse leis. “Déanta na fírinne, níl a fhios agam,” arsa Donleavey, “ach tá a fhios agam an méid seo: níorbh é an chéad bhabhta troda i Lewiston é!”
Tháinig Éireannaigh aneas as áiteacha ar nós Portland théis na bliana 1880 ach tháinig lucht na Fraince aduaidh as Ceanada freisin. Thógadar a n-eaglais féin in Lewiston agus bhunaíodar a mbunáiteanna féin. “Bhíodh sé ina ruaille buaille agus ina throid ar an tsráid idir na hÉireannaigh agus na Francaigh scaití,” a deir John Donleavey. “Agus deirimse leat nach raibh duine ar bith á chaitheamh féin síos ar an urlár gan troid a dhéanamh!”
Tá an saol sin imithe. Is cathair sách suaimhneach agus réasúnta deisiúil í Lewison anois agus í suite istigh i gceartlár Maine. Idir Lewiston agus cathair Auburn, ar an taobh eile d’abhainn an Androscoggin, tá daonra de bhreis agus 60,000 uilig ann. Den chine bán formhór an phobail: níl den chine dubh ann ach tuairim is 3%.
Tá sliocht na bhFrancach ann fós ach tá sliocht na hÉireann éirithe tanaí. Ach tá bean as Gaeltacht Chonamara ina hionadaí Stáit acu – Mairéad Mhattie Sheáinín (Margaret Craven) as Leitir Ard. Faigheann sí formhór a cuid vótaí ón bpobal Francach. Ach an oiread le chuile dhuine eile sa gcathair agus san stát, tá sí croite ag an eachtra uafáis a tharla ansin Dé Céadaoin seo caite, eachtra lámhaigh inár maraíodh 18 duine.
Bhí scoileanna agus foirgnimh poiblí dúnta agus bhí cúpla lá caite ag Mairéad istigh ar an bhfoscadh. “Táthar ag moladh do dhaoine gan a dhul amach mura bhfuil géarghá leis,” a deir sí linn ar an líne tras-Atlantach. “Ach mar gur ionadaí poiblí mé, sílim go mbeidh orm a dhul amach inniu.”
Tuairim leathmhíle ó theach cónaithe Mhairéad a tharla an marú. “Níor airigh mise torann an ghunna,” a deir Margaret “ach ba ghearr go raibh mé ag fáil glaochanna ó mo chlann agus imní an domhain mhóir orthu. Dochtúir é mo pháirtí atá anois éirithe as ach chuaigh sé ag an ospidéal láithreach ag tabhairt lámh chúnta.”
Dúirt Margaret go bhfuil mic léinn, mar shampla, atá sáinnithe sna coláistí á fháil deacair ó thaobh cúrsaí beatha. Tá, a deir sí, roinnt siopaí oscailte ó thráthnóna Dé hAoine ach níl seirbhís chuimsitheach ann.
Tá Margaret Craven, atá ina hIonadaí Stáit agus ina Seanadóir ó 1998, an-imníoch faoi cheist na ngunnaí san Státaí – agus stát Maine san áireamh. “Ach,” a deir sí, “tá drogall ar go leor polaiteoirí sa bParlaimint Stáit in Augusta [príomhchathair Maine] mórán a dhéanamh faoi. Imní go gcaillfidís vótaí dá gcuirfí srianta ar ghunnaí atá ag cur as dóibh,” a deir Mairéad.
Is stát mór le fiach, foghlaeireacht, imeachtaí sna cnoic agus ar muir é Maine.
Ach creideann Mairéad gur chóir, ar a laghad, srianta láidre a chur ar dhíol meaisínghunnaí agus ar ghunnaí cumhachtacha eile. “Tharla sé thíos i Florida an bhliain cheana gur thrí thástálacha DNA amháin a d’éirigh leis na húdaráis cuid de na coirp a aithint. Déanann na gunnaí cumhachtacha seo damáiste uafásach. Sin é a tharlaíonn agus sílim go bhfuil an oiread céille ag an bpobal agus go dtuigfidís é sin,” a deir sí.
Brenda Ni Shuilleabhain
Buíochas as an alt seo. Bhí seans agam bualadh le Margaret Craven roint blianta ó shoin.
Gabriel Rosenstock
“Ansin a troideadh – dá dtabharfá troid air – an babhta cáiliúil conspóideach idir Sonny Liston agus Cassius Clay i 1963.”
Cén fáth a luaitear an bheirt sin? Cén bhaint atá acusan le Conamara?