Is gearr uainn anois dhá bheartas in aice láithreach i gConamara a thabharfaidh cruthúnas cinnte go bhfuil scéim mhór ghaoithe charraigeacha na Sceirdí ar an mbealach chugainn dáiríre. Seo í an t-aon fheilm ghaoithe atá ar na bacáin anois ar chóstaí an iarthair as Tír Chonaill ó thuaidh go cósta Chorcaí. Naoi míle siar ó chósta Chonamara atá an suíomh i limistéar charraigeacha na Sceirdí.
Tionóladh ócáid in Ionad na nImirceach i gCarna inné a thug deis do dhreamanna a bheidh ag iarraidh oibre le comhlacht Corio Generation (comhlacht na Sceirdí) a gcás a chur ina láthair. San am céanna tá trí bhád réitithe le dhul i dtreo na Sceirdí le taighde breise a dhéanamh. Teastóidh an t-eolas sin mar chuid den iarratas ar chead forbartha agus pleanála don togra 420 meigeavata atá beartaithe ar na carraigeacha sceirdiúla siar ó cheantar Charna.
Tá an obair seo á tosaí i dtús an gheimhridh agus na farraigí corrach i réimse farraige na Sceirdí. Ach dúirt feidhmeannaigh a tháinig as Sasana go Carna an tseachtain seo go bhfuil comhlacht Corio Generation leagtha ar iarratas ar an bhforbairt a bheith réitithe acu sa gcéad tréimhse den bhliain seo chugainn.
Beidh billiún euro le caitheamh ar fhorbairt na feilme gaoithe. Meastar go mbeidh na céadta ag dul amach ag obair chomh fada leis na Sceirdí nuair a bheidh an obair forbartha ar bun. Meastar go mbeidh idir trí scór agus ceithre scór duine – idir sheirbhísí agus chothabháil – ag triall ar na Sceirdí ach a mbeidh an fheilm ghaoithe faoi lán seoil.
Ceaptar gur ag calafort Ros an Mhíl a bheidh an príomhionad oibre ag Corio Generation ar an mórthír.
‘Geataí Ifrinn’ a bhaist mairnéalaigh sa tseanaimsir ar chuid de limistéar farraige na Sceirdí. Nuair a tosaíodh iarracht scór blianta ó shin le feilm ghaoithe a fhorbairt ansin, bhí daoine ann nach dtabharfadh aon aird ar an gcaint sin. Bhí, a dúradh, Sceirde rófhada amach; bhí an ghaoth róláidir agus bhí na farraigí ró-ard.
Tá na cúinsí céanna ann i gcónaí ach tá an saol athraithe. Beidh comhlacht Corio Generation, atá faoi scáth Bhanc McQuarrie san Astráil, ag caitheamh €1 billiún ar fhorbairt na feilme gaoithe sna Sceirdí. Ar ndóigh braitheann sin ar an gcead forbartha agus sin é an t-údar go bhfuil trí bhád réitithe le dhul amach ag déanamh tuilleadh taighde.
Níl aon mhéid mhór i bpéire de na báid oibre ach go mbeidís togha ar aimsir bhreá. Ach tá bád mór eile tugtha isteach as Sasana agus í tugtha is le cé istigh i ndugaí na Gaillimhe. Tuigtear go mbeidh an bád seo in ann neart oibre a dhéanamh, fiú má bhíonn an fharraige roinnt ard. Dá dtarlódh sé go dtiocfadh athrú tobann aimsire, tuigtear go mbeifí in ann í a chur ar ancaire nó go dtitfeadh an fharraige.
Dúirt feidhmeannaigh as Corio Generation i gCarna an tseachtain seo gur dóigh go mbeadh os cionn leathchéad post ar fáil go buan i gConamara ach a mbeadh Feilm Ghaoithe Sceirde faoi lán seoil. “Beidh réimse postanna ann, ach is cinnte go mbeidh ardleibhéal scileanna ag teastáil i gcuid acu,” a deir feidhmeannach Corio Generation. Ach glacann sé leis go bhfeilfeadh sé do dhaoine a ghabhfadh in éadan na hoibre seo go mbeidís compordach ar an bhfarraige agus ábalta an strapadóireacht ard ar mhuilte gaoithe a láimhsiú.
Teastóidh an t-eolas seo uilig sa gcaoi agus go mbeidh tuairiscí éagsúla curtha i dtoll a chéile le haghaidh an iarratais ar chead forbartha. Beidh ábhar innealtóireachta, timpeallachta, cúrsaí nádúir agus dúlra agus go leor eile le cur san áireamh.
Ghlac feidhmeannaigh chomhlacht Corio Generation leis go bhféadfadh doineann an gheimhridh moill a chur ar an obair thaighde scaití ach níorbh fhachtas dóibh gur moill an-mhór a bheadh i gceist.
Tá sé déanta amach ag lucht Corio Generation de bharr a gcuid taighde go bhfuil na Sceirdí ar an áit is éifeachtaí san Eoraip ó thaobh giniúint cumhachta de. Tarlaíonn seo de bharr a mhinice agus a shéideann gaoth ropánta ar na réimsí sin farraige. Dá réir sin, ba cheart a deirtear, go mbeadh sochar glan as an scéim seo níos túisce ná mar a bheadh amhlaidh go hiondúil. Is minic go luaitear naoi mbliana le tréimhse feidhmiúcháin muilte gaoithe sula dtosaíonn an forbróir ag fáil brabúis astu.
Tá an chosúlacht ar an scéal cheana féin go bhfuil comhlachtaí agus institiúidí airgeadais eile ag caitheamh súil ghéar ar na cóstaí siar ó Chonamara agus iadsan ag cuimhneamh ar fhuinneamh gaoithe a fhorbairt.
Ceaptar go mbeidh forbairt dá dhéanamh ar mhuilte gaoithe nach mbeidh daingnithe ar ghrinneall na mara amach anseo. Ach creideann foinsí i dtionscal na gaoithe go mbeidh sé tamall maith blianta fós – sna 2030idí b’fhéidir sula bhfeicfear iad sin ar chósta thiar Chonamara.
Idir an dá linn, tógadh céim shuntasach eile i dtreo na forbartha ar charraigeacha na Sceirdí ag an ócáid in Ionad na nImirceach i gCarna inné.
Fág freagra ar 'Scéim fuinneamh gaoithe Gaeltachta €1 billiún ag teacht chun cinn'