Níl seachtain dá dtéann thart nach dtarlaíonn eachtraí foréigin in aghaidh na mban nó sa bhaile. D’ainneoin na n-iarrachtaí poiblí chun a chinntiú go mbeadh an mí-iompar sin doghlactha i ngach céard is minic a dhéantar leithscéal do chiontóir.
Ní rud nua é an tOrd Oráisteach a bheith sáite i gconspóid agus tá seantaithí ag daoine ar éiteas ‘traidisiúnta’ na heagraíochta. Mar sin féin bhain iompar an oird ar an gCorr Chríochach i gcontae Thír Eoghain stangadh as an bpobal. Bhronn an t-ord an stádas logánta is airde san eagraíocht, ‘máistir urramach ceantair’ ar Stephen Fulton, fear a mharaigh a bhean chéile i 1999.
Scaoil sé a bhean Corine,34, sa cheann, faoi bhéal gunna ina seomra codlata sa bhaile. Bhí blianta caite aige in Arm na Breataine agus faoi 1999 in aois a 53 bhí sé ina chomhalta páirt-aimseartha den Reisimint Ríoga Éireannach. Bhí a bhean ar tí é a fhágáil agus d’úsáid sé a ghunna ón Arm chun stop a chur léi.
D’admhaigh sé an choir agus ciontaíodh é in 2000 as a dúnorgain. Cúig bliana príosúin a gearradh air, téarma a bheadh róbhog faoi choinníollacha an lae inniu. Léiríodh comhbhá dósan, an ciontóir, sa chúirt. Chinn an breitheamh gur chuir a bhean an lasair sa bharrach nuair a bhain sí di a fáinne pósta, gurb é sin a ghríos chun maraithe é ach go raibh neamhord meabhrach air nuair a scaoil sé marbh í.
Déarfadh roinnt go ndearna sé a théarma i bpríosún. Dúirt sé féin é agus go raibh a chuid fiacha íoctha aige. Mheas a lucht tacaíochta go raibh sé de cheart aige gnáthshaol a chaitheamh. Tá, cinnte.
Sé iompar an Oird Oráistigh atá conspóideach. ‘Tubaiste bholscaireachta’ ab ea é d’eagraíocht Chríostaí, dar le roinnt comhaltaí. Cheistigh siad réasúnaíocht na mball a thogh Fulton, iad ag rá gur scannal é a náirigh an tOrd.
Toghadh Fulton agus cuireadh fógra faoin ngradam agus grianghraf chuig nuachtán áitiúil chun an beart a cheiliúradh. Rinneadh é ag an am céanna a raibh an t-aer beo le plé faoi ionsaithe ar mhná i Londain agus in Éirinn thuaidh is theas, marú Natalie McNally ar an Lorgain agus Bruna Fonseca i gCorcaigh san áireamh.
D’ainneoin gearáin ó bhaill den lóiste oráisteach ar an gCorr Chríochach agus cáineadh forleathan sna nuachtáin chuir an tOrd cos i dtaca. Ba é Fulton agus níorbh é an Lóiste a ghéill don mbrú. Seachtain ó shin d’eisigh an tOrd ráiteas ag rá gur sheas Fulton síos, go raibh brón orthu agus gurb é sin deireadh an scéil.
Bí cinnte gur mhaith leo clabhsúr a chur ar an gconspóid ach beag an seans. Cén teachtaireacht a bhí á tabhairt acu nuair a thug siad ardú céime d’fhear a mharaigh a bhean chuig post a éilíonn urraim laistigh den Ord? Ní fadhb í seo atá teoranta don Ord ar an gCorr Chríochach, tá an eagraíocht uilig i ladhar an chasúir mar gheall air. D’fhan an t-ardcheannas ina dtost faoin gceist. Ní raibh tada le rá acu faoi fhoréigean in aghaidh na mban cé nach raibh leisce ariamh orthu breithiúnas a eisiúint faoi homaighnéasachas – peaca, dar leo. Níl ballraíocht na nOráisteach chomh líonmhar is a bhí tráth ach i bhfianaise a thionchar ar pholasaí an DUP in aghaidh an phrótacal iarBhreatimeachta is léir go n-éistear leis.
Mhúscail cás Fulton ceisteanna faoi chur chuige na gcúirteanna freisin. Ar éigean a déarfadh aon bhreitheamh anois gur ghríos iompar a mhná céile fear chun í a mharú. Ní chuirfí suas leis. Ní fada áfach ó dúirt breitheamh le fear a ciontaíodh as ionsaí gnéis go raibh sé sách óg le guaim a bhreith air féin i ndiaidh príosúin agus “bean a fháil”.
Tharraing caint an bhreithimh raic agus ghoill sé chomh mór sin ar an mBantiarna, an Príomh-Bhreitheamh Siobhan Keegan, gur ordaigh sí treoirlínte agus oiliúint speisialta do bhreithiúna i dtaca le foréigean baile agus in aghaidh cailíní agus mná. Céim riachtanach, fhónta chun tosaigh ach mar a léirigh an breitheamh sin agus an tOrd Oráisteach ar an gCorr Chríochach is bocht an scéal é go raibh gá leis.
Tá sé thar am ag gach dream, institiúid agus foras a bhfuil údarás acu a bheith soiléir go bhfuil an foréigean sin, agus débhrí mar gheall air, doghlactha.
Seán Mag Leannáin
“Ní fadhb í seo atá teoranta don Ord ar an gCorr Chríochach, tá an eagraíocht uilig i ladhar an chasúir mar gheall air. D’fhan an t-ardcheannas ina dtost faoin gceist. Ní raibh tada le rá acu faoi fhoréigean in aghaidh na mban cé nach raibh leisce ariamh orthu breithiúnas a eisiúint faoi homaighnéasachas – peaca, dar leo. Níl ballraíocht na nOráisteach chomh líonmhar is a bhí tráth ach i bhfianaise a thionchar ar pholasaí an DUP in aghaidh an phrótacal iarBhreatimeachta is léir go n-éistear leis.” Náireach amach is amach is amach, mar a dúirt Maggie Thatcher tráth.
jpmorley0@gmail.com
“…níl ballraíocht na nOráisteach chomh líonmhar is a bhí tráth..”
Deacair a chreidiúint go mbeadh aon duine atá ar a chiall sásta bheith bainteach leis an mbuíon ainspianta sin.