Ní beidh aon easpa ceoil ar Mhuimhnigh an deireadh seachtaine agus Tionól Nioclás Tóibín ar siúl sa Rinn agus Éigse na Brídeoige in Uíbh Ráthach.
Tá Nioclás Tóibín agus a mhuintir aitheanta ar mhórfhonnadóirí na hÉireann agus is mór a thionchar ar amhránaithe agus amhránaíocht na nDéise sa lá atá inniu ann.
Ag Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn agus sa Sean-Phobal ó inniu go Domhnach beidh ceardlanna, ceolchoirmeacha agus cibeal go leor ina ainm.
Anocht beidh Noel Hill, Liam O’Connor, Caoimhín Ó Fearghaíl, Sláine Ní Chathalláin agus Saileog Ní Cheannabháin i lár stáitse i Halla Pobail na Rinne, agus na doirse ag oscailt ag 7pm. Bronnfar Gradam Nioclás Tóibín 2023 ag an gceolchoirm.
Maidin amárach, Dé Sathairn ag a 10.00am a thosófar ar na ceardlanna sa Mheánscoil agus scoth na gceoltóirí ina mbun.
Tabharfaidh Éamonn Ó Bróithe, a raibh aithne aige ar Nioclás, léacht an Tionóil ar 2pm Dé Sathairn i gColáiste na Rinne agus ina dhiaidh seolfaidh Pax Ó Faoláin suíomh idirlín nua ar cheol John Dwyer atá curtha le chéile aige.
Beidh na teagascóirí ar stáitse i Halla Pobail na Rinne san oíche Dé Sathairn, agus ina dteannta beidh amhránaithe breátha an cheantair.
Leanfar le ceardlanna ar an Domhnach chomh maith agus seolfar albaim nua i dTigh an Cheoil ar 2pm le Derek Hickey agus Diarmuid Ó Meachair.
Le críoch a chur le himeachtaí an Tionóil ar an Luan, beidh ceadal i Halla Cholmáin sa Sean-Phobal ag a 1pm le The Kane Sisters agus Danny agus Eoiní Maidhcí Ó Súilleabháin. Críochnóidh an Tionól le seisiún ina dhiaidh i dTigh Uí Mhaonaigh sa Rinn ar 15:30pm. Gach eolas le fáil anseo.
Fág freagra ar 'Ceardlanna, ceolchoirmeacha agus cibeal go leor ag Tionól Nioclás Tóibín sa Rinn'