Mná agus cailíní na gaiscígh i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath in 2022

Caitheann Tuairisc súil siar ar conas mar a d’éirigh le clubanna CLG lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gCúige Mumhan, i gcontae na Mí agus sna cathracha i mbliana

Mná agus cailíní na gaiscígh i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath in 2022

Corcaigh

Níor chríochnaigh an séasúr a bhí ag mná Naomh Abán mar ba mhian leo nuair a cloíodh iad i gcluiche ceannais na hÉireann mí na Nollag ach mar sin féin, bhí bliain iontach ag foireann Bhaile Bhuirne agus craobhacha sóisir Chorcaí agus na Mumhan tugtha leo acu.

Thugadar craobh an chontae leo ag tús mhí Dheireadh Fómhair le bua maith in aghaidh Uí Dhonnabháin Rosa agus chloíodar seaimpíní Phort Láirge, Raonaithe an Chomaraigh, agus curaidh Luimnigh, Úlla, i gCraobh Shóisir na Mumhan.

Bhí Muireann Ní Dhuinnín, Lydia Nic Dhonnacha, Allanagh Ní hUidhir agus Grace Ní Mhurchú i measc na n-imreoirí a rinne gaisce do Naomh Abán i rith na bliana agus tháinig an ceathrar i gcabhair ar an bhfoireann arís i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann in aghaidh Bhaile na Lorgan. Cé nár éirigh leo sa chluiche ceannais i gcoinne Bhóthar na Trá-Chnoc na Cathrach, déanfar ceiliúradh go leor sa cheantar aimsir na Nollag.

Bhí údar mór ceiliúrtha ag dream eile as Múscraí, Béal Átha an Ghaorthaidh, deireadh seachtaine na Cincíse agus Craobh Shinsir na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2022 buaite acu.

Bhí iomaíocht ghéar ann i rith an deireadh seachtaine thiar ar an Máimín i Leitir Móir ach spreag an tsárimirt ag Conchúr Ó Loingsigh, Donagh Seartan agus a dheartháir Ben agus a leithéidí, Béal Átha an Ghaorthaidh chun an ceann is fearr a fháil ar an nGaeltacht (curaidh 2017 agus ’19) agus áit a bhaint amach sa chluiche ceannais.

Is i gcoinne dream eile a chruthaigh go maith ag Comórtas Peile na Gaeltachta le blianta beaga anuas, Naomh Conaill, a bhí Béal Átha an Ghaorthaidh sa chluiche ceannais ach d’aimsigh Ben Seartan 1-6 chun an chraobh shinsir a bhuachan don chumann den chéad uair riamh.

Ní raibh an rath céanna ar Bhéal Átha sa bhaile, áfach, mar sháraigh Cnoc na Graí iad sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir A Chorcaí.

Sa Chraobh Idirmheánach i gCorcaigh, ba iad peileadóirí Cheann Toirc a chuir Cill na Martra go tóin poill arís. Tar éis dóibh fir na Gaeltachta a dhíbirt ón gcraobh in 2019 agus in 2020, bhuaigh Ceann Toirc ar Chill na Martra arís mí Dheireadh Fómhair agus bua aon phointe amháin bainte amach acu théis cluiche leathcheannais ina raibh am breise ag teastáil chun na foirne a scaradh. Má bhí aon dea-scéal ag Cill na Martra, is é sin gur éirigh le Ceann Toirc an cluiche ceannais a bhuachan faoi dheireadh agus ardú céime acu chuig grád na sinsear a bhaint, rud a fhágann nach bhféadfaidh siad a bheith ag crá Chill na Martra arís in 2023.

Bhí bliain dheacair ag fir Naomh Abán ach beidh siad ag imirt sa Phríomh-Chraobh Idirmheánach arís an bhliain seo chugainn tar éis dóibh Naomh Uinsionn a shárú i gcluiche dícháilithe.

Ciarraí

Bhí bliain mhór ag imreoirí Chorca Dhuibhne i ngeansaí an chontae ach ní raibh an rath céanna orthu lena gclubanna i gCiarraí.

Bhí Briain Ó Beaglaoich agus Éanna Ó Conchúir mar chuid d’fhoireann na Gaeltachta a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Chiarraí i mbliana agus rinne Dara Ó Sé gaisce nuair a d’fhill sé ar a chumann dúchais théis seal a chaitheamh ag imirt i gCorcaigh le Cloich na Coillte.

Is in aghaidh na Rátha Móire a bhí an Ghaeltacht sa chluiche ceannais agus cé go ndearnadar teacht aniar sa dara leath, d’fhág drochthús leis an gcluiche go raibh an iomarca le déanamh acu chun an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic agus caithfidh siad bliain eile ar a laghad sa ghrád idirmheánach.

Ní raibh aon rath orthu i gCraobh Shinsir Chiarraí Thiar agus an comórtas buaite den chúigiú huair as a chéile ag Daingean Uí Chúis. Bhuaigh an Daingean Roinn 1 na sraithe arís i mbliana ach níor éirigh leo sna comórtais is tábhachtaí. Níor tháinig siad amach as Grúpa A i gCraobh Shinsir na gClubanna agus cé go raibh an-bhua orthu ar Chrócaigh Chill Airne i mbabhtaí ceathrú ceannais na Craoibhe Sinsir, fuair Ciarraí Thoir an ceann is fearr orthu, ar éigean, sa chéad bhabhta eile.

Bhí Mark O’Connor ag imirt don Daingean sa chluiche sin agus cé nach raibh sé in ann ceiliúradh a dhéanamh i ngeansaí a chumainn áitiúil, bhí bliain den scoth ag an bhfear mór agus craobh an AFL buaite aige le Geelong Cats san Astráil.

Is sa ghrád sóisir a bheidh Piarsaigh na Dromoda ag imirt an bhliain seo chugainn tar éis dóibh a bheith dícháilithe ón gcraobh Idirmheánach

I bPeil na mBan, bhí Louise Ní Mhuircheartaigh agus Niamh Ní Chonchúir mar chuid d’fhoireann shinsir Chiarraí a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann agus chríochnaigh an Muircheartach an bhliain lena tríú gradam All-Star ach díomá a bhí i ndán don bheirt seo freisin lena gcumann agus an ceann is fearr faighte ag Scairteach an Ghlinne ar Chorca Dhuibhne i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Idirmheánaí.

Bhí údar ceiliúrtha ag imreoirí Uíbh Ráthaigh a bhí ag imirt le Gaeil an Deiscirt, áfach, agus Craobh Shinsir Peile Chiarraí buaite ag an gcumann.

Port Láirge

Thíos sa Rinn, tá na peileadóirí slán sa gCraobh Shinsir ar feadh bliana eile tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar chumann an tSlánaitheora i gcluiche dícháilithe. An seanfhondúir Liam Ó Lonáin an laoch a bhí ag fir na Gaeltachta agus dhá chúl scóráilte aige sa chluiche chun an bua a thabhairt don Rinn.

San iomáint, chuaigh an Rinn chomh fada le babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Idirmheánach an Iarthair tar éis dóibh a dtrí chluiche sa ghrúpa a bhuachan. Fuair na Seamróga an ceann is fearr orthu sa chluiche ceathrú ceannais, rud a fhágann nach mbeidh an Rinn ag imirt sa phríomhchraobh idirmheánach an bhliain seo chugainn.

Na Cathracha

Bhí bliain mhór ag cuid de chumainn Ghaelacha na gcathracha in 2023. Rinne mná Laochra Loch Lao gaisce i mBéal Feirste mí Dheireadh Fómhair agus an chéad chraobh riamh i stair an chumainn buaite acu.

Bhuaigh na Laochra ar Chiceam Ard Eoin i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir B Peile Aontroma, an chéad uair don chumann ceann de chomórtais Aontroma a bhuachan ó bunaíodh é mar chumann ceart in 2018.

D’éirigh le fir an chumainn na babhtaí díbeartha den Chraobh Shóisir a bhaint amach ach sáraíodh iad sna babhtaí ceathrú ceannais.

I mBaile Átha Cliath, bhuaigh foireann chamógaíochta na nGael Óg Craobh Shóisir 6 an chontae nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar Oileán na hÉireann mí Mheán Fómhair ach bhí gaisce níos suntasaí fós le teacht agus an chéad chomórtas riamh buaite ag ceann d’fhoirne faoi aois an chumainn nuair a bhuaigh foireann faoi 13 na nGael Óg ar Na Fianna i gcluiche ceannais scéithe.

D’imir foirne na bhfear agus na mban Ghaeil na Gaillimhe i gcluichí ceannais craoibhe in 2022 ach níor éirigh le ceachtar foireann corn a thabhairt leo an uair seo.

Fág freagra ar 'Mná agus cailíní na gaiscígh i gCorcaigh, i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath in 2022'