Fágadh gan díol inné dhá phictiúr den saol ar oileáin Árann a raibh súil le nach mór €100,000 a fháil orthu.
Cuireadh ar ceant inné trí phictiúr leis an ealaíontóir cáiliúil Seán Keating de shaol na n-oileán thart ar an mbliain 1950 ach níor díoladh ach ceann amháin acu.
B’in pictiúr ola ar chanbhás Man and Woman collecting Seaweed, Aran Islands a díoladh ar €30,000.
Bhí réamh-mheastachán idir €50,000 agus €70,000 curtha ar phictiúr eile ola ar chanbhás le Keating ar ar thug sé Waiting for the Steamer, Aran Islands, ach fágadh gan díol é sin ag Ceant Mealy nuair nach tairgeadh an méid airgid a rabhthas ag súil leis.
Fágadh gan díol chomh maith Village on the Aran Islands, ola ar chlár a spreag Inis Oírr,
nuair nár bhain sé amach an praghas a rabhthas ag súil leis. Bhí réamh-mheastachán idir €15,000 agus €20,000 luaite leis an bpictiúr sin.
D’éirigh le Ceant Mealy saothair eile a raibh baint acu leis an nGaeltacht a dhíol ar phraghas níos mó ná an réamh-mheastachán.
€5,200 a íocadh ar an bpictiúr Dunquin Pier, Ballyickeen Commons, Co. Kerry. €3,000-4,000 an réamh-mheastachán a bhí ar an bpictiúr ar radharc é ar Ché Dhún Chaoin in iarthar Duibhneach.
€400-500 an réamh-mheastachán a rinneadh ar phictiúr d’oileán Thoraí le Ruairí Rodgers, Tor-Mor from Cliff, ach tugadh €2,500 air.
Díoladh freisin saothar leis an dealbhóir Eddie Delaney, a raibh cónaí air ar feadh i bhfad ar an gCeathrú Rua i gConamara. €2,000-3,000 an réamh-mheastachán a bhí luaite le Famine Group ach íocadh €5,800 air.
Bhí na trí phictiúr le Keating agus go leor eile a bhí ar díol ag an gceantálaí Fonsie Mealy i mBailiúchán an scoláire, an tAthair Eric Mac Fhinn a bhásaigh i 1987 in aois a 92 bliain.
I 1977 a bhásaigh Seán Keating, duine de na healaíontóirí ba mhó cáil sa tír seo. Tugadh an-aitheantas don ealaín dá chuid a léirigh Cogadh na Saoirse, bunú an tSaorstáit agus forbairt na tionsclaíochta sa stát nua.
Ba nós le Keating coicís nó mar sin i ndeireadh an tsamhraidh a chaitheamh gach bliain ar Oileáin Árann agus phéinteáil sé portráidí go leor de mhuintir na n-oileán.
Chaith an tAthair Eric Mac Fhinn blianta ina léachtóir leis an Oideachas i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh agus bhain sé cáil amach mar eagarthóir ar an iris mhíosúil Ar Aghaidh [1931-1970], cúram a dhein sé ar feadh 35 bliain. Chaith sé cuid mhaith dá shaol ar lóistín i gConamara agus ina phátrún ag ealaíontóirí.
Fág freagra ar 'Dhá phictiúr den saol ar oileáin Árann fágtha gan díol ar nach mór €100,000'