Más fíor go mbíonn blas ar an mbeagán, n’fheadar cad déarfadh na húdair fén ndeireadh seachtaine aisteach seo i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael. B’fhéidir go ndéarfadh daoine áirithe gur féasta caide atá i ndán inniu is amárach dúinn ach dá mhéid a chuimhním air, taibhsítear dom go mb’fhéidir go bhfuil an praiseach ar fud na mias againn.
Is deacair dom a shamhlú go bhféadfadh aoinne, fiú an té is dílse amuigh, suí os comhair na teilifíse leis an aimsir bhreá agus lán na súl a bhaint as ceithre cinn de chluichí ceannais cúige in aon deireadh seachtaine amháin. Cuir cluichí ceannais Chorn na hEorpa sa rugbaí agus sa tsacair anuas ar sin ar fad agus tabhair fé ndeara go mbeadh míobhán maith id’ cheann fé thráthnóna Domhnaigh.
Cé nach mór acu a bheadh ann, bheadh sé dodhéanta don té a bheadh ag iarraidh an tolg is an teilifís a fhágaint ina dhiaidh agus freastal ar gach uile chluiche ceannais cúige.
Ar bhonn prionsabal agus ar bhonn leanúnachais, áfach, ba cheart an deis sin a bheith ann don ndílseoir caide. Pé acu maith nó olc, ceart nó mícheart, tá biaiste CLG deighilte ina dhá leath idir club is contae anois agus is dócha go gcaithfear fanacht le deireadh biaiste chun breith thomhaiste mheáite a thabhairt ar an bhfiontar.
Ní foláir nó go ndéanfaidh sé ana-thráthnóna do lucht lóistín is lucht tí ósta i gCill Airne amárach. Beidh cluiche ceannais na Mumhan críochnaithe díreach in am do thús an chluiche rugbaí idir Cúige Laighean agus La Rochelle agus ní túisce é sin thart agus beidh Learpholl agus Galacticos Real Madrid in adharca a chéile thall i bPáras. Beidh braon maith faoin bhfiacail ag lucht leanta na caide fén dtráth sin agus beidh sé ag teastáil ó chuid acu.
Ní dócha go bhfuil aon seans ag an íochtarán sa chluiche idir Ciarraí agus Luimneach i gCill Airne tráthnóna. Cé go bhfuil a ngile mear, David Clifford ar lár, tá an bhearna ró-mhór idir cumas Chiarraí agus dícheall Luimnigh chun go mbeadh aon iontas i ndán.
Níl aon amhras ná go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Luimneach. Tá san le feiscint sa tslí a bhfuil éirithe leo an dá léim dheireanach a dhéanamh ó Roinn 4 na sraithe go Roinn 3 agus aníos aríst go Roinn 2 i mbliana. Tá a ndul chun cinn le feiscint chomh maith i mbaill coirp na n-imreoirí féin. Táid i bhfad níos toirtiúla, níos téagartha ná mar a bhídis agus ní gá ach féachaint ar chliathán deas na foirne ós na cúlaithe amach go lár páirce, Seán O’Dea, Cian Sheehan agus Darragh Treacy chun an fhianaise a fheiscint ansiúd. Táid triúr ar an bhfód ó 2014 ach tá feoil is fód curtha acu leis an bhfráma le dhá bhliain anuas, rud a fhágann gur imreoirí cearta cruthanta idirchontae anois iad.
Tá tréithe eile ag Luimneach a chruthóidh deacrachtaí do Chiarraí, ní lú ina measc a bhfuinneamh, a sprid agus an tsaoirse a thagann le humhlaíocht an íochtaráin. Chuirfeadh sé iontas orm, áfach, muna raghadh Ciarraí ag fiach is ag seilg ar an mbeirt is sinsearaí ar fhoireann Luimnigh, an bheirt comh-chaptaen, Iain Corbett agus an báideoir Dónal O’Sullivan. Dá fheabhas é Corbett ag ionsaí ón líne leathchúil, beidh cabhair ag teastáil uaidh chun Seán O’Shea a cheansú agus dá fhaid atá caite ag O’Sullivan i mbáide Luimnigh, níl éirithe leis go nuige seo, teacht ar sheift cheart chun an fáscadh a dhéantar coitianta ar a chic amach a sheachaint. B’fhéidir go mbeadh an bhearna idir Luimneach agus Ciarraí cúngaithe an dtaca seo an bhliain seo chughainn ach tar éis an fháscaidh inniu, tiocfaidh an fheacaíocht.
B’ait linn go léir a bhí i láthair do chluiche ceannais Laighean anuraidh an feacadh a dhein Cill Dara d’Áth Cliath. Tuigim go raibh Kevin Feely agus Eoin Doyle ar lár, ach fós féin chur a n-easpa uaillmhian ar an lá iontas agus díomá ar scata, go háirithe nuair ba léir ná raibh na Dubs féin ar fónamh.
Fanann an chéad chúig nóimeat den dara leath de chluiche ceannais Laighean na bliana seo caite im’ cheann i gcónaí. Bhí Áth Cliath gafa ceithre phointe chun cinn, 0-10 le 0-6, tar éis do Dean Rock cic saor a thógaint dhá nóimeat tar éis ath-thosnaithe na himeartha. I gcaitheamh na trí nóimeataí a lean, throid Cill Dara go tréan is go diongbháilte don uile chaid. Bhí cosaint fhíochmhar agus imirt chliste ar bun acu nó gur chuir Daniel Flynn caid ghleoite fiarsceabhach trasna na páirce go dtín a dheartháir Luke. Bhuaigh Luke marc laistigh den stua, tuairim is 30 slat amach agus ainneoin a dhíchill, chur sé an cic a lean an marc ar seachrán. As san amach d’imigh an ghaoth as seolta Chill Dara, mhéadaigh an bhearna idir na foirne beagán ar bheagán agus faoin dtráth go bhfuair Daniel Flynn ceann de chúil na bliana, tar éis buille na huaire, bhí an díobháil déanta.
Níor chreid Cill Dara go bhféadfaidís buachtaint ar Áth Cliath agus bhí san le feiscint ina dtaispeántas.
Cad atá athraithe ó shin?
Bhuel tá a ndaonnacht (agus a mbacaí ar uairibh) léirithe níos mó ná babhta amháin ag Áth Cliath. Ar cheann de na babhtaí sin, bhí bua Chill Dara ar na Dubs sa Droichead Nua i ndeireadh mhí Feabhra – an chéad bhua, idir shraith is chraobh, a bhí acu ar Áth Cliath le dhá bhliain is fiche. Ní dóigh liom gur cheart an iomarca béime a leagadh ar an mbua sin ach tar éis a tuigtear gach beart agus bí siúráilte go mbeidh sé le rá ag muintir Chill Dara gur ar mháithreacha an bhua sin a leagadh an bhunchloch má ritheann leo inniu.
Tá cur chuige Chill Dara athraithe beagán le bliain chomh maith. Tá an leochaileacht chéanna le feiscint sna cúlaithe ach caithfear cuimhneamh go rabhadar go minic ag tathant ar a gcosantóirí a gcúram a dhéanamh, fear le fear gan aon chabhair bhreise. Shamhlóinn go n-athróidh san inniu le Alex Beirne agus Paul Cribbin ag déanamh obair na mbeach ag cúlú agus ag ionsaí ar feadh trí ceathrú uair a chloig ar a laghad.
Tá dhá cheist bhunúsach le freagairt, áfach. An mbeifear ag iarraidh ar Ben McCormack, Darragh Kirwan, Daniel Flynn agus Jimmy Hyland maireachtant ar an mbeagán arís? Agus seachas Mick O’Grady an acmhainn d’aon chosantóir eile ag Cill Dara a chéile comhraic a chiúnú?
Is i réiteach na gceisteanna seo atá an difríocht idir bris is bua do lucht na ngeansaithe gléineacha.
Deinim amach, tar éis imirt an tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh go mbeidh foghlaim agus réiteach le déanamh i gcónaí acu.
Fág freagra ar 'An bris nó bua atá i ndán do lucht na ngeansaithe gléineacha?'