Is beag duine sa tír seo a d’eachtródh scéal Ted Durcan duit

Bhuai

Is beag duine sa tír seo a d’eachtródh scéal Ted Durcan duit

Chaith Ted Durcan 25 bliain mar mharcach. Lena linn bhuaigh sé os cionn míle rás i Sasana, ina measc péire de na rásaí clasaiceacha – an Oaks (2007) agus an St. Leger (2009). Thug sé 18 geimhreadh ag iomaíocht in Dubai agus bhuaigh Craobh Mharcaigh na nÉimíríochtaí seacht n-uaire, cuid den domhan inar bhuaigh sé os cionn 500 rás eile. 

Idir 2005 agus 2009 shaothraigh na capaill a bhuaigh rásaí faoina stiúir £7 milliún sa mBreatain leis féin. Tá na hArabaigh beagán níos caolchúisí sna cúrsaí sin ach is leor a rá go bhfuil duaischiste $40 milliún ag dul le rásaíocht an tséasúir seo ansiúd.

Fós is beag duine sa tír seo a d’eachtródh a scéal duit.

I nDromán an Mhaoilín faoi scáth Chruach Phádraig a rugadh Ted Durcan sa mbliain 1973. Ní feasach domsa gur saolaíodh aon mharcach gairmiúil eile i Maigh Eo riamh – d’fhéadfainn a bheith ag dul amú.

Dlíodóir a bhí ina athair agus bhí uncail leis ina bhreitheamh, ach bhí an-suim ag a mhuintir fré chéile sa seóléimneach agus bhí Ted sáite sa spórt sin agus é an-óg. 

D’imir sé cluichí páirce freisin agus bhí mar leathchúlaí amuigh ar fhoireann deas rugbaí a bhí ag Cathair na Mart sa ngrád faoi 18.

Ag an tráth sin bhí Durcan ag freastal ar scoil chónaithe i gContae Chill Dara i gceartlár phríomhcheantar rásaíochta capall na hÉireann. Níl a fhios agam arbh é sin a mhúscail a shuim nó an raibh sé ina mhianach, ach cé go raibh sé in aghaidh rialacha na scoile, ba nós leis an Durcánach lámh a thabhairt do thraenálaithe áitiúla i ngan fhios nuair a bhíodh an deis ar fáil.

Agus a chuid scolaíochta déanta aige chuaigh sé ag obair mar phrintíseach i stábla Jim Bolger, áit a raibh an fhostaíocht chéanna ag Tony McCoy ag an am agus go deimhin ag Aidan O’Brien.

Tá sé de cháil ar Bolger gur máistir géar atá ann, ach má tá ógánach in ann aige sin, is fiú ór an oiliúint atá ar fáil dó i gCúl an Chuilinn, rud atá luaite go minic ag McCoy, ag an mBrianach agus ag na seaimpíní eile a bhí faoina chúram.

19 bliain d’aois a bhí Ted agus é sa diallait ar Nordic Pagent nuair a bhuaigh an capall sin an rás ba thúisce den 1,500 a chroch marcach Mhaigh Eo leis sular éirigh sé as 24 bliain dár gcionn.

Ba ag an tráth sin dá shaol freisin a tháinig sé trasna ar Sheikh bin Rashid Al Maktoum, Príomhaire na nÉimíríochtaí, fear mór rásaíochta a bhfuil graí aige i gCill Daingin i gContae Chill Dara.

Mheas an Sheikh ag an am nach raibh dóthain deiseanna rásaíochta ar fáil do phrintísigh in Éirinn agus chuir urraíocht ar fáil do chraobhchomórtas eatarthu. Ted Durcan a bhuaigh an chéad cheann i 1994 agus rinne amhlaidh an séasúr dár gcionn.

Thuill sin an gradam ‘Laoch Spórt na Seachtaine dó’ ar an nuachtán an Connaught Telegraph – an chéad uair riamh ar thug an iris seo atá á foilsiú ó 1828 an t-aitheantas sin do spórt na rásaíochta capall.

Cúpla bliain ina dhiaidh sin agus é ina mharcach cruthanta, ba iomaí rása a bhuaigh Durcan don Sheikh ina cheantar dúchais siúd.

Agus a phrintíseacht istigh aige thug Ted Durcan aghaidh ar thuaisceart Shasana agus ar stábla Jack Berry. As sin go ceann 20 bliain bhuaigh sé rásaí ar chapaill a bhí i stáblaí chuid de na traenálaithe ba cháiliúla sa mBreatain – Saeed bin Suroor, Tim Easterby, Mick Shannon (a scóráil oiread cúl do Shasana le Steven Gerrard agus Kevin Keegan), Luca Cumani, Henry Cecil, John Godsen agus le deireanas Michael Stoute. Fiú bhuaigh sé rás i München na Gearmáine.

I gcomparáid leo siúd a bhíonn ag plé leis an léimrásaíocht, is beag gortuithe a bhaineann do mharcaigh a bhíonn ag iomaíocht ar an talamh réidh. Bhí sciorta níos mó den ádh ar an Durcánach ná a bhíonn ar an gcuid ba mhó acu sin féin nuair a chuimhníonn tú gur chaith sé beagnach 20 bliain ag dul chuig na nÉimíríochtaí nuair a bhíodh séasúr na Breataine críochnaithe.

Briseadh a chos in 2002 agus cúig bliana go ham seo briseadh a rúitín nuair a chuir capall dá dhroim é agus an rás críochnaithe acu in Leicester.

B’in dáiríre a chuir ina chloigeann go raibh sé in am éirí as. 

Déanann sé sealanna oibre i gcónaí i stábla Cecil, ach is mar ghníomhaire folaíochta – ag díol agus ag ceannacht capall do dhaoine eile – a chaitheann sé formhór a chuid ama anois.

Is maith chuige é freisin, mar a déarfadh an Muimhneach. Is gearr ó chuir sé suim i láireog a chonaic sé ag rith i Longchamp na Fraince agus bhí ionadh an domhain air nuair a fuair sé le ceannacht ar 3,000 gine í ag Díolachán Tattersalls. 

Cúpla mí dár gcionn thug Meiriceánach 130,000 gine uirthi.

Fág freagra ar 'Is beag duine sa tír seo a d’eachtródh scéal Ted Durcan duit'