Thart ar €25 milliún le fógairt do Chalafort Ros an Mhíl, súil le tús le ré nua bunaithe ar chumhacht na gaoithe

Cuirfidh fógra thart ar €25 milliún a bhfuiltear ag súil leis ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, inniu athrú ollmhór ar Chalafort Ros an Mhíl i gConamara. Tuigtear do Tuairisc go rachaidh an tAire domhain go maith i gciste na Roinne chun cé dhomhainfharraige a fhorbairt ag phríomhchalafort an iarthair ach a shroichfidh […]

Thart ar €25 milliún le fógairt do Chalafort Ros an Mhíl, súil le tús le ré nua bunaithe ar chumhacht na gaoithe

Cuirfidh fógra thart ar €25 milliún a bhfuiltear ag súil leis ón Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, inniu athrú ollmhór ar Chalafort Ros an Mhíl i gConamara.

Tuigtear do Tuairisc go rachaidh an tAire domhain go maith i gciste na Roinne chun cé dhomhainfharraige a fhorbairt ag phríomhchalafort an iarthair ach a shroichfidh sé Gaeltacht Chonamara san ardtráthnóna.  Ach is cosúil gur go drogallach a bhí cuid d’fheidhmeannaigh na Roinne ag géilleadh don bhrú a chuaigh orthu le deireanach. Tuigtear go raibh cuid d’oifigigh na Roinne ag coinneáil leis an bport gur ar chúinsí a bhainfeadh le tionscal na hiascaireachta a thabharfaí cúnamh do chalafoirt.  Ach tá Ros a Mhíl ag dul i laige sa tionscal sin le blianta beaga anuas.

Bá í arú anuraidh – an bhliain is deireanaí a bhfuil statisticí iascaigh ar fáil lena haghaidh – an bhliain ba lú le fada an lá ar tugadh iasc i dtír i gCalafort Ros an Mhíl.  1,200 tonna a tugadh isteach ansin in 2020 agus b’in 400 tonna de laghdú ar an mbliain roimhe sin.

Ceaptar go raibh baint ag géarchéim an choróinvíris leis an gcúlú seo i Ros an Mhíl.  Tharla sé go raibh 18% de laghdú ar an méid éisc a tugadh i dtír i bpríomhchalafoirt na tíre arú anuraidh.

Ach, taobh amuigh de chruóg an choróinvíris,  tá cosúlachtaí ann nach bhfuil aon bhorradh mór faoin lear éisc atá dá thabhairt go Ros a Mhíl le sé bliana anuas.

3,300 tonna a tugadh isteach ansin sa mbliain 2016 agus bhí 2018 níos fearr ná sin nuair a tugadh 3,500 tonna i dtír i Ros a Mhíl.

Bhí cúlú aríst ann in 2019 nuair a laghdaigh an lear éisc ag teacht go Ros an Mhíl go dtí 1,600 tonna.  Thug báid as tíortha thar lear 300 tonna dó sin isteach arú anuraidh ach níor thug báid eachtracha an oiread agus tonna amháin isteach in 2020 de réir na dtuairiscí ó Bhord Iascaigh Mhara.

Ach is olc an ghaoth nach dtugann faoiseamh in áit éigin agus fágann an t-athrú aeráide go bhfuil dreamanna airgid agus infheisteoirí as tíortha chomh fada ó bhaile leis an Astráil ag sodar I ndiaidh thionscal chumhacht na gaoithe.  Is fánach an áit, a deirtear a bhfaighfeá gliomach agus tá banc McQuarries as na críocha ó dheas ag caitheamh ancaire sna farraigí fiáine thiar ag Sceirde Mhór, naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara.  Tá feilm mhór ghaoithe le lonnú ansin – má fhaightear cead forbartha – agus sé Ros an Mhíl an áit is cóiriúla mar ionad seirbhíse mórthíre.

Cuireadh an cás sin go láidir faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta agus Mara agus dúradh go soiléir gur ar thionscal na gaoithe a bheadh an bhéim feasta.  Déanfar doimhniú ar an gcalafort agus cuirfear áiseanna nua ann.

Sin é an ród atá roimh Ros a Mhíl ach tá cúrsaí eile i gceist freisin.

Dúradh le fada an lá gur theastaigh bóthar ar ardchaighdeán as Calafort Ros an Mhíl isteach go cathair na Gaillimhe.   Bhí an Calafort go mór i gceist nuair a leagadh amach cúrsaí éagsúla don bhóthar nua roinnt blianta ó shin.  Ach d’imigh an phlean sin i léig nuair a chinn ar Chomhairleoirí Contae Chonamara a theacht ar shocrú faoi chúrsa don bhóthar.  Mar sin féin,  tá dhá rud ag tarlú anois a tharraingeoidh aird ar fhorbairt bhóthar Chonamara Theas arís.

Ar an gcéad iarraidh, tá cead pleanála faighte le haghaidh an chuarbhóthair siar thar chathair na Gaillimhe.   Fágann sin nach mbeidh éiginnteacht ann faoin áit a cheanglódh bóthar nua Chonamara le cuarbhóthar na cathrach.  Chomh maith leis sin, tá cás Ros an Mhíl níos láidre anois agus iss cinnte anois go dtreiseoidh sin an iarracht leis an mbóthar nua a mhúnlú as Gaillimh go Ros an Mhíl.  Beidh údar níos láidre ná ariamh leis mar go mbeidh an ghaoth i seolta Ros a Mhíl théis an lae seo.

Fág freagra ar 'Thart ar €25 milliún le fógairt do Chalafort Ros an Mhíl, súil le tús le ré nua bunaithe ar chumhacht na gaoithe'