San am fadó nuair a bhí na péindlíthe á ndéanamh in Éirinn duine ar bith a dhíolfadh cloigeann sagairt gheobhadh sé cúig phunt air. Bhíodh na sagairt ag imeacht ar a dteitheadh agus bhíodh saighdiúirí Chromail ar a dtóir.
Lá amháin bhí sagart ar a theitheadh agus casadh siar go Maíros é. Tháinig sé go dtí fear a bhí ag dó ceilpe síos le taobh an chladaigh. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a chonaic siad an namhaid ag teacht. Dúirt an seanfhear a bhí ag dó na ceilpe leis an sagart a chuid éadaigh a thabhairt dó féin. Nuair a bhí an t-éadach athraithe acu tháinig an namhaid.
“Tá sibh i ngreim,” arsa siad. “Tá,” arsa an seanfhear a raibh éadaí an tsagairt air. “An raibh aoinne eile leat?” “Bhí,” arsa an seanduine. “Tá cúigear eile acu istigh ar an oileán seo istigh ar a dtugtar Cruach na Caoile. Tá an t-oileán seo suite amach ar aghaidh Mhaírois, agus tá bád mór síos anseo ag an gcladach agus rachaimid isteach ar an oileán inti.”
Chuadar síos go dtí an cladach agus thógadar an bád leo agus chuadar isteach ar an oileán. Bhí gach duine de na saighdiúirí ag rith amach as an mbád féachaint an mbeadh an cloigeann aige féin. Nuair a fuair an seanfhear iad amuigh ar an oileán chroch sé féin leis an bád agus bhí an sagart agus é féin slán.
Ní raibh sagart ar bith ar an oileán roimh na saighdiúirí. Bhíodar istigh ar an oileán ar feadh seachtaine agus iad ag glaoch ach níor thug aoinne aon aird orthu. B’éigean dóibh fanacht ann nó go bhfuair siad bás. Nuair a chuaigh na daoine isteach ar an oileán fuaireadar iad caillte ar dhroim an oileáin. Chuireadar iad agus leagadar leac os a gcionn. Tá Leac sa nGall mar ainm ar an áit ó shin.
Sorcha Ní Cheannabháin, as an Aird Mhóir a fuair an scéal seo ó Thomás Ó Ceannabháin.
Brendan Keane
Chiallaítí cothrom dlí a fháil leis an “éiric” san t-sean-córas an chirt fadó in ionad rud diúltach thuas mar ag fiach ar sagart.