Duine ar bith a bhfuil treoir mhorálta aige bhrisfeadh scéal pháistí na Palaistíne a chroí

Ní leor do leithéidí Simon Coveney a bheith ag caint in aghaidh bhrú brúidiúil faoi chois na bPalaistíneach

Duine ar bith a bhfuil treoir mhorálta aige bhrisfeadh scéal pháistí na Palaistíne a chroí

Ba dhíol trua é muintir Gaza a fheiceáil in anchaoi agus iad faoi léigear arís ag buamaí Iosraelacha. Bhrisfeadh sé croí duine ar bith a bhfuil treoir mhorálta ar bith aige nó aici a bheith ag breathnú ar bheirt pháistí Palaistíneacha ag siúl sa smionagar, a máthair básaithe, iad fágtha agus gan ach an t-aon phéire bróg amháin acu.

Ba bhriseadh croí ar fad an méid seo a léamh ó Gaza ar na meáin shóisialta. 

Tá daoine i nGaza ag filleadh ar shean-nós go gcuireann teaghlaigh áirithe a gcuid páistí i dteaghlaigh eile, ionas má bhuamáiltear cuid acu go dtiocfaidh na páistí eile slán. Tá mo mhuintirse scaipthe ar thrí theach i dtrí cheantar éagsúla ag iarraidh sléacht a sheachaint.”

Smaoinigh ar do chlann féin, agus an scéin a bheadh ort dá mbeadh rogha mar sin le déanamh agat.

Níl focail agam le cur síos ar Iosrael, óir ní hé seo an chéad uair go ndearna siad a leithéid d’ár ar mhuintir Ghaza. D’fhoghlaim siad go maith ó na Naitsithe, gan dabht, cé go mbaineann an stát leas as scéal uafáis na Naitsithe le cosaint a thabhairt dóibh féin.

Agus fanann an Eoraip ina tost mar gheall ar a ciontacht i dtaobh an fhrithSheimíteachais in aghaidh na nGiúdach agus an tUileloscadh, an holocaust, a bhí mar thoradh air,. 

I Meiriceá, tá an port céanna ag an Uachtarán is a bhí ag Donald Trump roimhe agus Joe Biden ag glafaireacht faoi cheart cosanta a bheith ag Iosrael nuair is ionradh fuilteach barbartha atá i gceist.  Ní hamháin sin, ach íocann Meiriceá as costas an ionraidh: $3.8 billiún in aghaidh na bliana.

Cé mhéad ospidéal nó scáth dídine ón mbuamáil a thógfaí leis an airgead sin?

Cuireann sé le bánaí uilig mé ansin nuair a chloisim daoine ag caint faoin “dá thaobh”, amhail gur mar an gcéanna cur faoi chois brúidiúil Iosrael agus bunchearta na bPalaistíneach a chosaint.

Tháinig Iosrael ar an saol, go príomha, mar gheall ar an Uileloscadh, an holocaust. An t-uafás mór a rinneadh ar Ghiúdaigh san Eoraip, an iarracht an pobal sin a dhíothú ar fad.

Bhí a fhios ag na Giúdaigh nach ndeachaigh stát ar bith chun cogaidh chun iadsan a chosaint, agus tuigeadh dóibh dá bharr nach mbeadh aon tsábháilteacht i ndán dóibh gan a stát féin a bheith acu.

Bhunaigh siad an stát sin sa bPalaistín.  Ní raibh aon bhaint ag na Palaistínigh le huafás na Naitsithe, ach mhaígh an ghluaiseacht Shíónach gur dúiche na nGiúdach ab ea na tailte sin na céadta bliain roimh ré. Díbríodh an pobal dúchasach Palaistíneach as.

Agus tá Iosrael ag leanúint leis an díbirt sin ó shin, ag bunú lonnaíochtaí nua ar thalamh Palaistíneach arís is arís eile, lonnaíochtaí atá mídhleathach de réir an dlí idirnáisiúnta.

 Go deimhin, cuireadh tús leis an mbabhta seo troda nuair a d’ionsaigh póilíní Iosrael Palaistínigh a bhí i mbun agóide i gcoinne phlean Iosrael teaghlaigh Phalaistíneacha a dhíbirt as a gcuid tithe in Oirthear Iarúsailéim.

Labhair an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, go maith faoin scéal os comhair na Náisiún Aontaithe. Dúirt sé nach raibh a raibh ar siúl inghlactha, is go raibh dualgas ar Iosrael sibhialtaigh a chosaint agus cloí leis an dlí idirnáisiúnta daonnúil.

Cháin sé teip na Comhairle Slándála aon ráiteas aontaithe a dhéanamh, i ndiaidh do na Stáit Aontaithe bac a chur ar an moladh ag iarraidh deireadh a chur leis na hionsaithe.

Labhair sé go maith.  Caint bhreá cinnte, ach cá bhfuil an gníomh?

Ghlac an Dáil leis blianta ó shin gur chóir don tír seo aitheantas a thabhairt don stát Palaistíneach.  Níl cinneadh na Dála curtha i bhfeidhm go fóill.

Ghlac an Dáil freisin le Bille na gCríocha Gafa a chuirfeadh cosc chun na tíre seo ar earraí ó lonnaíochtaí mídhleathacha atá bunaithe ag Iosrael sna críocha gafa.  Dhiúltaigh Coveney é sin a chur i bhfeidhm freisin, agus, más fíor do na scéalta, throid sé go fíochmhar nuair a bhí Clár an Rialtais á chur le chéile ionas nach mbeadh aon tagairt don Bhille ann, in ainneoin gur ghlac an Dáil leis cheana.

Sea, is maith an rud labhairt amach mar a labhair Simon Coveney amach, ach ag deireadh thiar is tábhachtaí gníomh ná caint.

Nuair a bhreathnaíonn muid ar an uafás atá á imirt ag Iosrael ar na Palaistínigh, nuair a fheiceann muid na díshealbhuithe agus an dímheas ar an bpobal dúchasach, nach fíor a ndúirt Mary Lou McDonald sa Dáil, nach bhfuil in Iosrael ach stát ciníoch apartheid?

Agus is cóir dúinn mar sin gníomh a chur leis an dea-chaint.

Fág freagra ar 'Duine ar bith a bhfuil treoir mhorálta aige bhrisfeadh scéal pháistí na Palaistíne a chroí'

  • Concubhar

    An gcreideann Eoin go mbeadh Mary Lou aon phioc níos tiomanta do chás chóir na Palaistíne ná Simon? Braitheann SF go mór ar thacaíocht ó lucht na hÉireann i SAM, cuid mhór acu ar an eite dheis agus a thacaíonn le hIosrael?

  • Vitaly

    Nil ach cúpla ceist agam.

    An raibh aon iriseoir ar bith de chuid Tuairisc.ie a scríobh faoin Israel riamh in Israel?
    An raibh aon Éireannach ar bith atá ag tacú na Palaistínigh riamh in Israel?
    An bhfuil sé de cheart ag HAMAS céadta buamaí a scaoileadh ar an Israel? Murach “Iron Dome” (coras cosanta Iosraelach), bheadh mílte iobairtí in Israel tar éis sin!
    Nach sceimhlitheoirí iad HAMAS? Nach bhfuil siad ag úsáid mná agus páistí i nGaza mar “sciath bheo”?
    An bhfuil HAMAS “ag cloí leis an dlí idirnáisiúnta daonnúil”?
    An raibh aon dearcadh “pro-Iosraelach” riamh foilsithe sa Tuairisc.ie? An bhfuil sé de cheart ag na meáin Éireannaigh scéal aontaobhach a insint fén Israel?

    Dhéin na Giudaigh gairdín fé bhláth i bhfásach as a dtír. Cad a dhéin HAMAS seachas a gcuid buamaí?

  • Mura

    Ní féidir leat a rá go bhfuil duine a bhfuil ag iarraidh go mbeadh cearta daonna bunúsach ag na Phailistínigh ar son Hamas , Vitaly. .

  • Bertie

    Breathnaigh ar an méid atá ráite le déanaí ag B’Tselem, eagraíocht chearta daonna in Iosrael, breathnaigh ar an tuairisc a rinne Human Rights Watch, eagraíocht mhór domhanda lonnaithe i SAM, breathnaigh ar an méid atá ráite arís agus arís eile ag na Náisiún Aontaithe, breathnaigh ar an méid a dúirt chuile Theachta Dála san díospóireacht Dála an tseachtain seo ina meaasc Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo – an bhfuil siad uile mícheart?

  • Vitaly

    Ní mholaim na rudaí a dhéanann Israel le Pailistinigh in Jerusalem. Ach ní chiallaíonn sé go bhfuil sé de cheart ag na sceimhlitheoirí de chuid HAMAS na buamaí a scaoileadh ar an Israel. Dar liom, ní hiad na buillí a dhéanann Israel i nGaza ach féin-chosaint. Is trua liom féin go bhfuil HAMAS ag scaoileadh a chuid buamaí as tithe na ngnáthdhaoine, agus Israel ag freagairt, agus na gnáthdhaoine thíos leis.

    Chuireas ceist ar mo mhúinteoir Gaelainne cad a cheapann sé faoi sin. Agus dúirt sé: “Apartheid in aghaidh sceimhlitheoireachta – ní feidir liom aon taobh acu a roghnú agus a thacú”.