Naonúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 522 cás nua deimhnithe

Tá breis is 600,000 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart

Naonúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 522 cás nua deimhnithe

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil naonúr duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí an Mhárta a bhásaigh ceathrar de na daoine sin, bhásaigh triúr an mhí seo caite, bhásaigh duine amháin eile mí Eanáir agus tá bás duine eile fós á fhiosrú.

522 cás nua den ghalar a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

426 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 102 acusan in ICU. Cuireadh 34 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 316,056 duine agus an dara dáileog faighte ag 144,581 duine.

Bhain 28 de chásanna an lae inniu le contae na Mí, 26 cás a bhí i gCorcaigh agus bhí 19 i nDún na nGall. 13 cás a bhí i nGaillimh, sé chás a bhí i Maigh Eo, níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirger agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 185 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an ráta i gcontae na Mí (209) agus Maigh Eo (187) níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 185 atá i nGaillimh, 178 atá i nDún na nGall agus 142 atá i bPort Láirge.

Ráta 59.6 atá i gCiarraí agus tá an ráta is ísle sa stát i gCorcaigh – 59.5

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu básaithe.

Deimhníodh 166 cás nua den ghalar. 242 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt, laghdú 50 ón lá inné, agus bhí 29 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Tá 609,798 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine go dtí seo sa Tuaisceart. Faoin lá inné, bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 568,011 duine agus na dara ceann faighte ag 41,787.

6,473 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,068 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,405 duine ó dheas di.

335,504 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 222,169 cás ó dheas den teorainn agus 113,335 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar 'Naonúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 522 cás nua deimhnithe'