‘Cúltaca ciúin dílis’ ag pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste ar lár – Aoife Ní Riain ar shlí na fírinne

Gníomhaí Gaeilge, ceoltóir agus craoltóir le Raidió Fáilte ab ea Aoife Ní Riain a bhí lárnach i mbunú Mheánscoil Feirste agus i saol Gaelach na cathrach

‘Cúltaca ciúin dílis’ ag pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste ar lár – Aoife Ní Riain ar shlí na fírinne

Tá Gaeil Bhéal Feirste faoi scáth ó bhásaigh Aoife Ní Riain an tseachtain seo caite. Gníomhaí Gaeilge agus ceoltóir ab ea Aoife a raibh baint lárnach aici le bunú na chéad mheánscoile Gaeilge sa chathair.

Bhí sí 61 bliain d’aois.

Bhí Aoife Ní Riain, arbh as Cluain Tarbh ó dhúchas di, iontach gníomhach i saol an chultúir Ghaelaigh i mBéal Feirste agus í ar an chéad choiste de bhunaitheoirí Mheánscoil Feirste.

Tháinig Aoife Ní Riain chun cónaí in iarthar Bhéal Feirste sna luath-ochtóidí i ndiaidh di céim a bhaint amach sna saorealaíona agus sa léann Ceilteach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Thóg sí féin agus Gearóid Ó Cairealláin triúr mac, Ainle, Cairbre agus Naoise, le Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste agus bhíodar sin ar an chéad ghlúin daltaí a fuair oideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge sa chathair.

Dúirt Áine Nic Gearailt, bainisteoir an tsiopa leabhar Gaeilge ‘An Cheathrú Póilí’ gur “cailliúint mhór” do phobal na Gaeilge bás a carad, Aoife.

“Ceoltóir, Gaeilgeoir agus duine iontach éirimiúil ar fad a bhí inti, a chinntigh gur éirigh léi a clann a thógáil le Gaeilge agus oideachas lánGhaeilge a chur ar fáil dóibh. Léigh sí cuid mhór, bhí suim mhór aici san fealsúnacht, i gcúrsaí an tsaoil agus i gcúrsaí cearta. Duine iontach í nach gcuirfeadh í féin chun tosaigh ar chor ar bith ach a bhain go leor amach ina saol.”

Tógadh le Gaeilge Aoife Ní Riain agus ba ghníomhaithe Gaeilge, ceoltóirí agus oideachasóirí a tuismitheoirí a chothaigh ina n-iníon suim sa teanga, sa cheol traidisiúnta, i leabhair agus i gcearta an duine.

Amhránaí ab ea Norita Uí Riain, máthair Aoife, agus cartúnaí cáiliúil ab ea a hathair, Flann Ó Riain, a chruthaigh Daithí Lacha, sraith cartún do pháistí i nGaeilge a craoladh ar Teilifís Éireann le linn na 1960idí. Chaith Flann Ó Riain, tamall gairid i bpríosún sna seachtóidí toisc nach raibh sé toilteanach a cheadúnas teilifíse a íoc agus seasamh á thógáil aige i gcoinne a laghad clár Gaeilge a bhí á chraoladh ar an stáisiún.

Ba bhean an chonsairtín í Aoife agus bhí an-bhaint aici le saol an cheoil thraidisiúnta i mBéal Feirste. Bhí dúil mhór aici i dtiúineanna mionghléas de chuid Paddy Fahy agus Ed Reavy.

Bhí Aoife ina craoltóir le Raidió Fáilte agus ar dhuine d’fhoireann pháirtaimseartha an stáisiúin raidió pobail Ghaelaigh.

Bhí máistreacht aici san aistriúchán agus chaith sí blianta ina leabharlannaí agus í ag obair i Leabharlann Lárnach Bhéal Feirste, mar a raibh sí ina cartlannaí Gaeilge, agus i Leabharlann Bhóthar na bhFál.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Fergus O’Hare, bainisteoir Raidió Fáilte gur “cúltaca ciúin dílis” do phobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste ab ea Aoife a chronófar “go mór”.

“B’iomaí feachtas ar son áiseanna, cearta nó aitheantas don Ghaeilge a raibh baint ag Aoife leis. Bean lách thuisceanach ab ea í a bhí ar fáil i gcónaí chun lámh chuidithe a thabhairt d’oibrithe deonacha an stáisiúin.

“Ba cheoltóir cumasach í Aoife chomh maith a sheinn ag seisiúin éagsúla sa chathair agus ag seisiún seachtainiúil a reáchtáladh i gcaifé Raidió Fáilte, An Lon Dubh. Thaitin a cuid cainte agus an réimse leathan ceoil a bhí le cloisteáil ar an chlár seachtainiúil ‘Ar Seachrán le hAoife’ go mór lenár gcuid éisteoirí. Cronóidh muid Aoife go mór anseo sa raidió ach beidh cuimhní geala againn uirthi,” a dúirt Bainisteoir Raidió Fáilte, Fergus O’Hare.

Fág freagra ar '‘Cúltaca ciúin dílis’ ag pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste ar lár – Aoife Ní Riain ar shlí na fírinne'

  • Niamh

    Bhi Aoife linn i Scoil Chaitríona sna seachtóidí , ciúin , dílis gealgháireach.
    Go soilsí siorsholas uirthi.

    Niamh

  • Tara Ní Mhurchú

    Go hálainn Méabh