Saothar neafaiseach gan dealramh atá againn in Schemers

Fear ar a theitheadh síos an tsráid ar luas lasrach, tráchtaireacht i dtuin láidir na hAlban agus an pictiúr á reo. Ar an gcéad luí súl is léir go raibh tionchar mór ag Trainspotting (1996) ar an scannán seo. Ar an drochuair ní féidir leis an saothar baoth seo coinneal a choimeád le mórshaothar Danny […]

Saothar neafaiseach gan dealramh atá againn in Schemers

Schemers
Stiúrthóir/Scríbhneoir/Léiritheoir: David Mclean
Cliar: Conor Berry, Sean Connor, Grant Robert Keelan, Tara Lee, Alstair Thomson Mills

Fear ar a theitheadh síos an tsráid ar luas lasrach, tráchtaireacht i dtuin láidir na hAlban agus an pictiúr á reo. Ar an gcéad luí súl is léir go raibh tionchar mór ag Trainspotting (1996) ar an scannán seo. Ar an drochuair ní féidir leis an saothar baoth seo coinneal a choimeád le mórshaothar Danny Boyle. Saothar neafaiseach gan dealramh atá anseo a chuir pip orm tar éis tamaill.

Tá an scannán bunaithe ar óige an tionscnóra imeachtaí agus bannaí, David McLean agus ní chabhraíonn sé go bhfuil an fear é féin, den chéad uair, i mbun léirithe, pinn is stiúrtha. Tionscnamh mórchúiseach má bhí a leithéid riamh ann.

Fadhb níos tromchúisí ós nach dóigh  liom go raibh an t-amhábhar ag Mclean le fadscannán a bhaint as. I ndeireadh na dála níl an scéal atá le hinsint aige chomh heisceachtúil suaithinseach sin. Cinnte bhí rath ar shaol McLean blianta i ndiaidh eachtraí an scannáin seo agus é ag obair le bannaí cosúil le Placebo, Nirvana agus Green Day, ach ní dóigh liom go gciallaíonn sin go bhfuil scannán dlite don chúram.

Lena chois sin níl na carachtair atá idir lámha aige caithiseach ná suimiúil. Déanann ciútaí scannánaíochta éagsúla cosúil leis an tráchtaireacht, na pictiúir reoite, an cur siar, srl. iarracht fhánach an buiséad íseal agus an aisteoireacht chiotach a cheilt orainn.

In Dundee (Dùn Dè) na bliana 1979 tá Davie (Berry) ag imeacht le haer an tsaoil. I ndiaidh iarracht slataíochta le bean phósta agus an teitheadh a léirítear ag tús an scannáin, bristear a chos. Agus é ar mhaidí croise déanann sé féin agus a bheirt chomrádaithe Scot (Connor) agus John (Keelan) iarracht pingin a dhéanamh trí dhioscónna agus ceolchoirmeacha a eagrú. Fan na slí tosaíonn sé ag siúl amach leis an altra Éireannach Shona (Lee), carachtar gur cuma ann nó as í tar éis scaithimh.

Níl go maith agus níl go holc go dtí go dtéann siad i mbun comhghuaillíochta leis an mbithiúnach áitiúil (Mills) atá chomh haontoiseach is seanchaite de charachtar is a sheas riamh os comhair ceamara. Tagann cúrsaí go cnámh na huillinne nuair a eagraíonn siad ceolchoirm mhór. Nílid in acmhainn Fleetwood Mac nó Pink Floyd a thabhairt ó thuaidh agus caitheann siad glacadh le Iron Maiden, banna atá ar tí a gcéad albam a sheoladh. Cinnte, d’fhéadfadh greann agus beagán den drámatúlacht a bheith bainte as an ócáid seo.

An triúr acu imithe thar a n-acmhainn, gan aon tuiscint acu conas prapáil do bhanna nó ócáid mhór dá leithéid seo. Níl aon chonradh pointeáilte léite acu fiú. Imíonn an deis sin le cúr na habhann, áfach agus táimid fágtha le háiféis agus amadántaíocht.

Níl aon sásamh le baint as an tionscnamh mórchúiseach seo.

Fág freagra ar 'Saothar neafaiseach gan dealramh atá againn in Schemers'