‘Nobody should have to live like this’ – ní sárú ar do chearta daonna é gan a bheith in ann dath a chur ar na rútaí

Tá Domestos agus Cif chun cinn ar Lynx agus Dove in am seo na géarchéime

‘Nobody should have to live like this’ – ní sárú ar do chearta daonna é gan a bheith in ann dath a chur ar na rútaí

Chonaic mé bean as Meiriceá faoi agallamh ar an teilifís le gairid agus í ag gearán faoi na srianta atá curtha ag na húdaráis ar an bpobal ansin de thoradh Covid-19.

Duine de lucht tacaíochta Donald Trump a bhí inti, is léir, agus í spreagtha ag caint an Uachtarán a bhí ag saighdeadh an phobail i gcoinne chinntí Ghobharnóirí na stát éagsúla ionaid ghnó a dhúnadh agus an pobal a sháinniú sa mbaile.

Chrom sí a ceann i dtreo na teilifíse go mbeadh radharc ceart ag an gceamara ar dhath na gruaige ar bharr a cloiginn. Bhí na rútaí liatha le feiceáil go soiléir i gcomparáid le dath dubh na gruaige féin.

“Nobody should have to live like this,” a dúirt sí agus í ag trácht ar cheart an duine maidir le dath na rútaí.

“First world problem” a dúirt mé liom féin in am seo na géarchéime domhanda.

Gan dabht, cuireann dúnadh na ngruagairí agus na mbearbóirí isteach ar chuile dhuine. Chonaic mé roinnt mhaith tuairisceoirí teilifíse, idir fhir agus mhná, a raibh na rútaí ag tarraingt aird ar dhath na gruaige acu. Bhí tuilleadh agus an ghlib ligthe le sruth agus í ag baint na súl astu.

Ach ní sárú ar chearta an duine é ná baol air.

Chuimhnigh mé ar an léirsitheoir sin i Meiriceá nuair a léigh mé tuairisc le gairid ón ollchomhlacht Unilever faoi thionchar Covid-19 ar a gcuid díolaíochta.  

Liosta le háireamh na táirgí a dhíolann siad faoi bhrandaí éagsúla, 400 ar fad acu, ar fud an domhain. Dhíoladar luch €12.4 billiún de tháirgí sna chéad trí mhí den bhliain seo. Dhíríodar ar dhá chineál táirge sa tuairisc a léigh mé – táirgí cúram baile agus táirgí cúram pearsanta.

An díbholaíoch Lynx agus an ghallúnach Dove in aghaidh na n-ábhar glantacháin Domestos agus Cif, a tháirgeann Unilever, mar shampla.

Fuaireadar amach go raibh méadú suntasach ar dhíolaíocht na dtáirgí glanta tí ach nár tharla an méadú a mbeadh súil leis ar na táirgí pearsanta. Bhíodar in ann tarraingt ar fhigiúirí díolacháin le seo a chruthú.

An bhrí a bhain Unilever as seo ná go raibh an pobal ag tabhairt droim láimhe don sláinteachas pearsanta agus ag gearradh siar ar chithfholcthaí, ar sheampúnna agus ar bhearradh mar nach raibh siad ag dul i measc an phobail. D’fhéadfaí an cúram pearsanta a fhágáil ar leataobh agus duine sáinnithe sa mbaile.

I margaí na Síne agus na hIndia is túisce a thug siad suntas den titim ar dhíol táirgí cúram gruaige agus cúram cnis sa chéad ráithe de bhliain.  

Os a choinne sin, bhí méadú suntasach ar mhargadh na dtáirgí glantacháin tí.

Thuairisc an t-ollchomhlacht go bhfuil monarchana dá gcuid i 30 láthair ar fud an domhain ag plé le díghalráin lámh in áit a gcuid gnáth-tháirgí faoi láthair.

Go deimhin, tá monarcha ollmhór amháin dá gcuid i Leeds Shasana athraithe ó dhéanamh táirgí díbholaithe agus iad iompaithe ar an ghallúnach láidir carbólach Lifebuoy a bhfuil tóir an-mhór uirthi i dtíortha na hAfraice.

Is cosúil gurbh é rogha an phobail in am seo na géarchéime an sláinteachas pearsanta a fhágáil ar leataobh go sealadach agus díriú ar an nglantachán tí. Ar a laghad tá súil agam gurbh é sin atá ar siúl acu agus nach bhfuil aon duine acu sách seafóideach le ‘comhairle’ Donald Trump a leanúint…

Fág freagra ar '‘Nobody should have to live like this’ – ní sárú ar do chearta daonna é gan a bheith in ann dath a chur ar na rútaí'