Sinn Féin leo féin chun tosaigh ar chách – pobalbhreith nua

Tá eolas foilsithe anocht ag an Irish Times faoi staid na bpáirtithe agus gan ach ceithre lá fágtha go dtí lá an olltoghcháin, agus eolas curtha ar fáil acu chomh maith faoi mhianta an phobail maidir le cén comhrialtas ab fhearr leo

Sinn Féin leo féin chun tosaigh ar chách – pobalbhreith nua

Tá a thuilleadh fianaise sa phobalbhreith is déanaí go bhfuil borradh mór faoi Shinn Féin agus go bhfuil Fine Gael ag teip. De réir na pobalbhreithe a rinne Ipsos MRBI don Irish Times, tá Sinn Féin sa chéad áit le 25%, tá 23% ag Fianna Fáil agus 20% atá ag Fine Gael.

Seo an dara pobalbhreith sa tsraith seo ó thús an fheachtais.

Tá eolas foilsithe anocht chomh maith ag an Irish Times i dtaobh mhianta an phobail faoin gcomhrialtas ab fhearr leo tar éis an toghcháin. Tá Comhaontas Glas sa cheathrú háit agus 8% acu agus 4% atá ag Páirtí an Lucht Oibre.

Comhrialtas idir Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas ab fhearr le daoine tar éis an toghcháin, de réir pobalbhreithe nua.

17% a roghnaigh an trí pháirtí sin. 15% a roghnaigh Fianna Fáil agus Sinn Féin agus 14% a roghnaigh Fianna Fáil agus Fine Gael.


Sinn Féin: 25% (+4)

Fianna Fáil: 23% (-2)

Fine Gael: 20% (-3)

Comhaontas Glas: 8% (-)

Páirtí an Lucht Oibre: 4% (-1)

(Pobalbhreith Ipso MRBI don Irish Times)


Sa phobalbhreith dheireanach a rinne Ipsos MRBI don Irish Times, bhí 25% ag Fianna Fáil, 23% ag Fine Gael agus 21% ag Sinn Féin. 8% a bhí ag Comhaontas Glas, 5% ag Páirtí an Lucht Oibre agus 18% a bhí ag neamhspleáigh agus mionpháirtithe.

Léirigh pobalbhreith eile, ar foilsíodh a thorthaí ar an Buisness Post Dé Domhniagh go raibh Fianna Fáil agus Sinn Féin gob ar ghob ar 24% agus go raibh Fine Gael sa triú háit agus 21% acu.


Rogha comhrialtais

FF – CG- LO: 17%

SF- FF: 15%

FF – FG: 14%

FG – CG – LO: 14%

FG – SF: 7%

(Pobalbhreith Ipsos MRBI don Irish Times)


Níos túisce inniu, d’fhógair RTÉ go raibh cuireadh á thabhairt acu do cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, páirt a ghlacadh i mórdhíospóireacht dheireanach Olltoghcán 2020.

An Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin amháin a bhí le bheith sa díospóireacht a chraolfar oíche amárach, mar a bhí sa chéad mhórdhíospóireacht toghcháin ar RTÉ.

Fág freagra ar 'Sinn Féin leo féin chun tosaigh ar chách – pobalbhreith nua'