‘Bó’ atá baiste ag an Royal Bank of Scotland agus NatWest na Breataine ar a seirbhís baincéireachta digití nua.
Ach in ainneoin cur síos fada a bheith tugtha acu ar a rogha Ghaelach, ní deir an banc áit ar bith cén bhrí atá le ‘bó’, cé gur cosúil iad a bheith an-tógtha le síneadh fada na Gaeilge.
Seirbhís aipe atá i seirbhís nua NatWest agus an Royal Bank of Scotland a choimeádann ar an eolas tú faoi do chuid caiteachais ar do chárta dochair seachas a bheith ag tál airgid ag an bpoll sa bhalla.
De réir bhlag an bhainc is cosúil gur mó suim a bhí acu sa síneadh fada san fhocal ná an bhrí atá le ‘bó’.
“An daba beag sin os cionn an ‘o’ againn – an rud ar geall le splanc ó smaoineamh iontach é – sin é an Fada.
“Aiceann sa Ghaeilge atá ann agus is é a dhéanann fuaim fhada an ‘oh’ den ‘o’ gearr… Is maith linn an focal freisin mar nach bhfuil aon chiall leis i mBéarla agus mar sin is féidir linn úinéireacht a ghlacadh air. Is aoibhinn an fada s’againne, tá sé uathúil agus athraíonn sé an chuma a bhíonn orainn agus an glór a bhíonn againn,” arsa lucht NatWest.
Fobhanc é NatWest de Bhanc Ríoga na hAlbain ar leo Banc Uladh chomh maith.
Micheál Mac Luaidh
D’oscail mé cuntas bainc ag Natwest blianta ó shin, ach is mór an trua nach dtig leis an bhanc an síneadh fada a chur ar m’ainm go fóill – ach seo an banc céanna le fada ar an App!
Pádraig Ó Baoill
Ceart ag Micheál …in am dúinn uile an fód a sheasamh ‘in ainm an fada’ – neart comhlachtaí ag inse dúinn nach dtig leo an síniú fada a aimsiú ….Ait go leor nach mbíonn a leithéid de fhadhb acu sa Fhrainc ná sa Ghearmáin ….Seans go léiríonn an nuacht seo go bhfuil fírinne sa scéal gur léim an bó thar an ghealach i ndáiríre!
Victor
“Is maith linn an focal freisin mar nach bhfuil aon chiall leis i mBéarla agus mar sin is féidir linn úinéireacht a ghlacadh air.”
An mise amháin a bhraitheann go bhfuil sé maslach?
Nach é seo an sealbhú cultúrtha ina steillbheatha?!
Fearn
Mar a dúirt Colm Cille, is le gach bó a bóín, is le agach leabhar a chóip, is le gach banc a mhana fógraíochta!
Micheál Mac Luaidh
A chairde, is dócha nach dtuigeann na hamadáin sa bhanc nach bhfuil síneadh fada ar bith ar an fhocal “bó” sa tuiseal ainmneach iolra – “na ba”.
B’fhéidir go mbeidh an tuiseal ginideach iolra ag teacht chugainn leis an “App” – “cóstas na mbó” ar an ráiteas bainc….
Caithfidh mé rud éigin a rá faoi sin i litir chuig an bhanc maidir le gadaíocht na teanga!