‘Genteel racegoers’ agus ‘rough and ready Irish speakers’ – 150 bliain de rásaí na Gaillimhe

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ar 150 bliain rásaíochta ar chúrsa cáiliúil Bhaile an Bhriotaigh an tseachtain seo chugainn

‘Genteel racegoers’ agus ‘rough and ready Irish speakers’ – 150 bliain de rásaí na Gaillimhe

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An tseachtain seo ag teacht déanfar ceiliúradh ar chéad go leith blianta rásaíochta i mBaile an Bhriotaigh agus faoin Domhnach seo chugainn beidh suas agus anuas le 150,000 duine gaibhte trí na geataí ansiúd – ní shárófar sin ach amháin ag an Melbourne Cup, in Cheltenham agus ag Royal Ascot.

As a bhfuil acu ann is dóigh gur iad Rásaí na Gaillimhe is fearr a thugann léiriú ar an gcaoi gur féidir a rá faoi seo gur spórt de chuid na cosmhuintire í an rásaíocht chapall anois ar an taobh seo den domhan. Cinnte beidh corrphéacóg á gcluimhriú féin i mBaile an Bhriotaigh ach, idir fhir agus mhná, beidh a mbunáite ar chuma na hainnire as Órán Mór a chas don fhile tráth – ‘gan seoda, diamaint, péint ná púdar’.

Ar chúiseanna atá soiléir go leor ba leis an uasalaicme a bhain tús na rásaíochta capall i mórán chuile áit ar fud an domhain. Neart a ngéag agus an teacht aniar a bhí iontu a d’fhág gur mhair tuathánaigh nach raibh acu ach cúpla acra.

Sa tír seo d’fhág na Péindlíthe nár cheadmhach do Chaitliceach úinéireacht a bheith aige ar chapall a mb’fhiú níos mó ná £5 é. Dá fheabhas an t-ainmhí, ní raibh ar an bProtastúnach ach an méid sin a thairiscint dó agus ní raibh dul as ag an duine bocht ach díol. Ar aon dath ba ghann go leor a bhí a leithéid mar gur annamh a bhí tionónta ann go dteastódh capall uaidh.

Dream seilge ab ea an uasalaicme agus ba as na Cumainn Sheilge a bhunaigh siad siúd – leithéidí na Galway Blazers agus an Kildare Hunt – a tháinig na traiceanna rásaíochta atá i mBaile an Bhriotaigh agus i mBaile Phúinse sa lá atá inniu ann.

Ní inniu ná inné ach oiread is cosúil a facthas ar dtús an ragairne a fheictear i nGaillimh aimsir rásaí. ‘The Galway Hunt’ ba thúisce a bhí ar na Blazers agus ba mhinic babhtaí seilge acu fadó i bpáirt le cumainn eile a bhí ina dtimpeall. Agus iad féin agus Cumann Seilge Dhún an Uchta i mbun cóisire go deireanach san oíche in óstán i mBiorra i lár an 19ú céad, chuaigh an áit trí thine agus dódh go talamh é. Ba as sin a tháinig an t-ainm ‘Blazers’.

Chomh maith lena gcuid seilge ba nós leis na cumainn ar a laghad lá amháin rásaíochta capall a eagrú chuile bhliain. Ar thalamh feirme a dhéantaí sin agus ba thar bhallaí cloiche a léimeadh na capaill.

Fiú ag tús an chéid seo caite bhí a leithéid á n-eagrú i seacht mbaile i gContae na Gaillimhe as féin, Béal Átha na Sluaighe (go dtí 1910), Maigh Locha (1911), an Dún Mór agus Gort Inse Guaire (1916) Baile Locha Riach (1920). Bhí mé féin ag an lá deireanach rásaí a bhí ar thraic Thuama i 1973.

Eagraíodh rásaí i gCill Tulach atá míle go leith ó thuaidh de Bhaile an Bhriotaigh idir 1829 agus 1857 agus ina dhiaidh sin in Órán Mór in 1859. Ní raibh ceachtar de na cúrsaí sin feiliúnach agus beartaíodh a dhul sa tóir a áit a bheadh le ceannacht nó le fáil ar cíos agus le cúnamh ailtire páirc rásaí a leagan amach as an nua, chomh maith leis na háiseanna tacaíochta eile a theastódh.

Bhí seacht nó hocht de bhlianta caite go dtángthas ar a leithéid, talamh a bhí faoi úinéireacht fir a raibh Capt. Wilson Lynch air agus a bhí ina chónaí air ar an Rinn Mhór. Bhí talamh aige siúd i mBaile an Bhriotaigh a thug sé dóibh agus gan cíos ar bith uaidh.

Leagadh amach traic rásaíochta, tógadh seastán adhmaid agus nuair a tháinig an chéad lá rásaíochta ar an Mháirt an 17ú Lúnasa 1869 bhí campaí beaga ann a chlúdaigh a náire do na marcaigh agus iad ag athrú feistis agus pubaill mhóra dóibh siúd a raibh an tart le baint díobh.

Thug an Midland & Great Western Railway aon chapall a bhí le bheith ag iomaíocht chomh fada le Gaillimh agus ar ais arís saor in aisce agus bhí seirbhís báid ghaile le muintir Mhaigh Eo a thabhairt as Conga go Barr an Chalaidh. Tháinig suas le 10,000 as Baile Átha Cliath ar thraenacha.

Bhí rása ann don uile chineál capall agus don uile chineál duine: feirmeoirí tionóntacha a raibh níos lú ná 50 acra acu agus aisteach go leor “íocóirí rátaí (lucht trádála agus tráchtála) nár íoc aon cháin an bhliain roimhe” .

Seacht scór bliain ina dhiaidh bhí dream den chineál céanna ag titim chun feola ag a raibh de chloicheáin agus de ghliomaigh ite acu i bpubaill a raibh barr tí iontu agus ní hiad lucht an gheadáin talún atá i gceist agam!

Meastar gur fhreastail 40,000 ar an gcéad fhéile rásaíochta sin in 1869 – i bhfad an iomarca mar nach raibh na háiseanna i mBaile an Bhriotaigh ná go deimhin i gcathair na Gaillimhe faoina gcomhair. Is beag iontas a chuirfidh sé ort gur ardaigh lucht óstaíochta praghas na beatha agus na leapan as cuimse, bhí ar thraenálaithe a gcuid capall a chur i stáblaí a bhí scór míle nó tuilleadh as baile.

I mbeagán focal bhí oiread ratha ar an ócáid agus go mba dhóbair nár thacht sí í féin agus gan ann ach go raibh sí saolaithe.

Thuig an coiste eagair sin agus faoin am a dtáinig an bhliain dár gcionn bhí geallúint faighte acu ó lucht gnó na cathrach go bhfoilseodh siad liosta dá gcuid praghsanna agus go seasfaí leo sin.

Chuir sin an gátar ó dhoras agus anois i mbliana beidh ceiliúradh á dhéanamh ar 150 bliain rásaíochta ar chúrsa cáiliúil Bhaile an Bhriotaigh.

Tá sé dornán de bhlianta ó shin ó scríobh Francis PM Hyland leabhar dar teideal History of Galway Races (Robert Hale, 2008). Ní leis an teideal amháin a bhaineann sé ach le stair na n-iomaíochtaí ar thagair mé thuas dóibh agus a bhíodh ar bun ar fud an chontae faoi scáth na gCumann Seilge.

Ós rud é go mba ar thalamh feirme a bhídís ar siúl agus nach raibh aon bhacáin shábhála bhána ann mar a bhíonn inniu, tharlaíodh sé ó am go chéile go dtiocfadh cuid den lucht féachana amach ar an gcúrsa, rud a bhí contúirteach óna dtaobh fhéin, ó thaobh na marcach agus ó thaobh na gcapall.

Ní mba rud sin a raibh glacadh dá laghad leis agus bhí a mbealach féin acu le teacht roimhe i dTuaim, a deir Hyland:

crowd encroachment became a hazard to both riders and spectators forcing the Tuam stewards to resort to drastic measures to keep the course clear. They organised mounted men armed with big whips wearing distinguishing green bands in their hats to ensure that the public were kept off the course during the races.

These men appeared wild to the genteel racegoers of that era, rough and ready Irish speakers with only broken English, but they carried out their orders to the letter.

Do mhaide féin agus capall na comharsan!

Fág freagra ar '‘Genteel racegoers’ agus ‘rough and ready Irish speakers’ – 150 bliain de rásaí na Gaillimhe'