Deimhnithe ag an Taoiseach go mbeidh Corn Ryder ag filleadh ar Éirinn in 2026

Is i nGaeilge a d’fhógair an Taoiseach go mbeadh Corn Ryder 2026 ar siúl in Áth Dara in iarthar Luimnigh

Deimhnithe ag an Taoiseach go mbeidh Corn Ryder ag filleadh ar Éirinn in 2026

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Tá sé deimhnithe ag an rialtas go mbeidh Corn Ryder á reáchtáil ar ghalfchúrsa an Adare Manor in iarthar Luimnigh sa bhliain 2026.

Is i nGaeilge a d’fhógair an Taoiseach an scéal agus é ag labhairt i nGleann Cholm Cille, áit a cruinniú rialtais ar siúl inniu.

“Tá an-áthas orm go mbeidh Corn Ryder 2026 á reáchtáil in Éirinn. Scéal iontach atá ann d’Éirinn, do chontae Luimnigh agus d’iarthar na hÉireann go háirithe,” a dúirt Leo Varadkar tráthnóna i nGaeltacht Dhún na nGall.

Ceann de na comórtais ghailf is mó ar domhan é Corn Ryder, mar a  n-imríonn foirne na hEorpa agus Mheiriceá in aghaidh a chéile gach dara bliain.

Dúirt Varadkar go raibh an chomhaireacht sásta tacaíocht rialtais a chur ar fáil chun Corn Ryder a thabhairt ar ais go hÉirinn. Meastar go gcosnóidh an comórtas suas le €50 milliún ar an rialtas.

Is é JP McManus, ar leis an t-óstán Adare Manor, a íocfaidh as na costais a bhainfidh leis an ngalfchúrsa a réiteach ach an rialtas a íocfaidh as cúrsaí margaíochta, slándála agus infreastruchtúir.

Tuigtear go bhfuil seachbhóthar timpeall ar Áth Dara le tógáil mar chuid den phlean.

Tuairiscítear gur fiú idir €90 milliúin agus €160 milliún Corn Ryder d’eacnamaíocht na tíre.

Dúirt an tAire Spóirt Shane Ross gur cuireadh tús leis an bpleanáil chun an comórtas a tabhairt go hÉirinn mí Mheán Fómhair seo caite, nuair a bhí an comórtas ar siúl i bPáras.

Is é seo an dara huair ag an gcomórtas a bheith á reáchtáil in Éirinn, sa K Club i gCill Dara a bhí Corn Ryder ar siúl in 2006.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag an Taoiseach go mbeidh Corn Ryder ag filleadh ar Éirinn in 2026'