Físeán
Gníomhaíocht 1:
Síle an teideal atá ar an ngearrscannán seo.
- Féach ar an gcéad 30 soicind nó mar sin den ghearrscannán.
- Is tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.
Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:
Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:
Ansin breathnaíonn sí ar chárta cuimhneacháin dá máthair.
Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta
- Luaigh fuaim amháin atá le cloisteáil sa chéad 30 soicind.
- Cad iad na nithe atá sa bhosca ag Síle?
- Cad is ainm do mháthair Shíle?
- Nuair atá Áine ag suí isteach sa charr ag tús an ghearrscannáin cad a iarrann Dónal uirthi gan a dhéanamh?
- Cad atá Dónal agus Áine chun a dhéanamh an oíche sin?
- Cén post atá ag Dónal?
- Cén chuma atá ar Áine nuair a thagann sí go láthair oibre Dhónail?
- Cén mhíthuiscint ghreannmhar a tharlaíonn ansin?
- Cén fáth a luann Áine an focal ‘gadaí’ agus í sa charr le Dónal?
- Céard a rinne Síle ar scoil?
- Céard a tharlaíonn nuair a fheiceann Dónal an smideadh ar Shíle?
- Cén fáth nár thug Dónal cead do Shíle dul ag an tsochraid?
- Tabhair achoimre ar an radharc deireanach i d’fhocail féin.
Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht
Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.
- Féach ar agus éist go cúramach leis an gcéad 30 soicind den ghearrscannán arís. Céard atá an mhír seo a thabhairt le fios?
- Cén chanúint atá ag Áine? An bhfuil tú in ann aon fhocail/nathanna cainte ón gcanúint sin a aimsiú?
- Nuair atá Áine ag fágáil an tí iarrann Dónal uirthi gan an carr a thosú go dtí go mbíonn sí ag bun an bhóthair? Cén fáth a n-iarrann sé seo uirthi, meas tú?
- Nuair atá Síle ag ithe a bricfeasta tá mála lán le cupáin a bhfuil ainm Áine air le feiceáil ar thaobh an bhoird. Cad atáthar ag iarraidh a thabhairt le fios leis seo?
- Nuair atá Dónal agus Áine sa charr, deir Áine leis nach bhfuil sí ag dul in óige. Cad atá i gceist aici leis sin?
- Tar éis d’Áine agus do Dhónal an dinnéar a chur ar ceal cuireann Áine glaoch gutháin ar a cara. Scríobh an comhrá a bheadh eatarthu.
- Tar éis na hargóna a bhí ag Síle lena hathair ina seomra leapa tosaíonn sí féin agus a cara ag téacsáil a chéile. Scríobh na téacsanna sin.
- I dtreo dheireadh an ghearrscannáin cuireann Síle grianghraif i mbosca, dúnann sí é agus cuireann sí ar an tseilf é. Céard atá an mhír seo ag iarraidh a chur in iúl, meas tú?
Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú
Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.
- Is gearrscannán é seo a thugann faoi théama an bháis. Déanann sé cíoradh freisin ar an ngaol achrannach idir athair agus iníon is iad ag iarraidh dul i ngleic leis an tragóid.
- Cuireann na fuaimeanna sa chéad radharc in iúl dúinn go bhfuair duine éigin a raibh dlúthcheangal ag Síle leis/léi bás i dtimpiste chairr.
- Níos déanaí cuirtear in iúl go bhfuil a máthair, Aisling, básaithe.
- Tá Síle trína chéile agus téann sí chuig seomra a hathar. Tagann cuma an-mhíshásta uirthi nuair a fheiceann sí a hathair ag spallaíocht lena bhean nua, Áine.
- Sa chéad radharc eile tá Síle ag breathnú ar ghrianghraif óna hóige. Tá cuma ghealgháireach ar Shíle agus a tuismitheoirí sna grianghraif.
- Ansin breathnaíonn sí ar chárta cuimhneacháin dá máthair.
- An chéad mhaidin eile fágann Áine agus Dónal slán lena chéile go grámhar. Iarrann Dónal uirthi gan an carr a thosú go mbeidh sí ag bun an bhóthair. Níor mhaith leis go mbeadh a fhios ag Síle (agus na comharsana, b’fhéidir) gur fhan sí thar oíche.
- Tagraíonn Áine de seo nuair atá sí sa charr le Dónal níos déanaí. Ní thaitníonn sí léi go bhfuil orthu an gaol a choimeád faoi rún.
- Deir Áine nach bhfuil sí ag dul in óige. Tagairt é seo b’fhéidir don ghaol níos buaine atá uaithi agus leanaí dá cuid féin a bheith aici, b’fhéidir.
- Caitheann siad an coinne a chur ar ceal nuair a fhaigheann Dónal glaoch ón scoil le rá le gur ionsaigh Síle cailín eile.
- Bíonn argóint theasaí idir Dónal agus Síle. Measann Síle go léiríonn caidreamh Dhónail le hÁine drochmheas ar a máthair. Is léir go ngoineann seo an t-athair.
- I radharc ina dhiaidh sin tá giúmar maith ar Shíle is í ag caint lena hathair ag bord na cistine. Tagann smuilc uirthi, áfach, nuair a thagann Áine isteach. Is léir go bhfuil sí an-mhíshuaimhneach faoi gcaidreamh.
- Tagann athrú beag chun feabhais ar an ngaol nuair a thugann Áine cabhair do Shíle lena cuid smididh.
- Tagann fearg ar Dhónal nuair a fheiceann sé an smideadh. Is léir go bhfuil sí an-chosantach fúithi.
- Seo buille maraithe na muice do Shíle agus déanann sí scrios timpeall an tí; do rudaí Áine ach go háirithe.
- Tá Áine trína chéile agus teastaíonn uaithi deireadh a chur leis an gcaidreamh.
- Agus í ag imeacht tugann Dónal Aisling uirthi trí thimpiste.
- Déanann Síle iarracht a chur in luí ar a hathair gur gadaithe a rinne an scrios. Ní chreideann sé í.
- Tá Dónal go mór trína chéile agus tar éis scaithimh mothaíonn Síle ciontach.
- Ar deireadh bíonn comhrá ionraic, mothúchánach acu. Tá Síle brónach agus feargach mar nár tugadh cead di dul ag sochraid a máthar.
- Theastaigh uaithi slán a fhágáil lena máthair agus ceapann sí go bhfuil a hathair ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar Aisling.
- Deir Fonsie le Síle nach bhfuil Dónal ag teacht ag an obair agus go bhfuil an garáiste i mbaol a dhúnta.
- Cuireann Síle in iúl go bhfuil sí trína chéile mar go bhfuil rudaí ag athrú chomh tapa sin. Meabhraíonn Fonsie di nach mbeidh éinne fágtha ag Dónal nuair a rachaidh sí ag an gcoláiste.
- Athraíonn meon Shíle agus déanann sí iarracht rudaí a chur ina gceart trí chócaireacht a dhéanamh dá breithlá féin agus cuireadh a thabhairt d’Áine.
- Críochnaíonn an gearrscannán leis an radharc dearfach seo.
Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha
Ciarán
Scéal an-iontach Bhí sceitimíní orm an t-am AR fad
levi curran
Scéal iontach agus ní rabh mé buartha riamh sa gearrscannán álainn seo. Go raibh maith agat TG4
seamus
nil maith liom e seo