Liam Ó Flaithearta agus ealaíontóirí an ‘Radical Club’ tugtha chun cuimhne i nGaillimh

Dúirt Liam Ó Flaithearta gurbh í an aidhm a bhí le bunú an ‘Radical Club’ ná ealaíontóirí a spreagadh chun saothair agus iad féin a chosaint ar an gcléir

Liam Ó Flaithearta agus ealaíontóirí an ‘Radical Club’ tugtha chun cuimhne i nGaillimh

Liam Ó Flaithearta (Pictiúr: RTÉ)

Aréir i Leabharlann Chathair na Gaillimhe thug Brian Trench léacht an-spéisiúil faoi chlub a cuireadh ar bun i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1925. Ba iad Liam Ó Flaithearta agus ealaíontóirí eile a thosaigh é. An Radical Club a thug siad air.

Ar na healaíontóirí a chuidigh leis an bhFlaitheartach, bhí SeanPhádraic Ó Conaire, Francis Stuart, Cecil Salkeld, F.R. Higgins, Brinsley McNamara, Maurice McGonigal, Seán Ó Sullivan, Seán Keating, Albert Power– a rinne an dealbh sin de SheanPhádraic Ó Conaire atá i nGaillimh– agus Harry Kernoff.

Ba é F.R. Higgins an chéad chathaoirleach a bhí orthu. Bhí seisean ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin. Cara mór le SeanPhádraic Ó Conaire a bhí ann.

Nuair a cailleadh an Conaireach scríobh sé dán breá Béarla á chaoineadh.

“Dear Pádraic of the wide and sea-cold eyes,

So lovable, so courteous and noble,

The very west was in his soft replies.”

Ba é uncail Bhrian Trench, Patrick Trench, a bhí ina rúnaí ar an Radical Club.

Dúirt Liam gurbh í an aidhm a bhí acu ealaíontóirí de chuid na hardchathrach a raibh suim i gcúrsaí cultúir acu a mhealladh chucu, ealaíontóirí eile a spreagadh chun saothair agus iad féin a chosaint ar an gcléir. Bhí fuath faoi leith ag Liam do dhream a dtugtaí an Catholic Truth Society orthu.

Níor theastaigh uaidh go mbeadh W. B. Yeats ná an Seanadóir Oliver St. John Gogarty sa gclub. ‘Old fogies’ a thug sé orthusan . Dream a bhí iontu, a
dúirt sé, a raibh a ladar acu i chuile scéal agus nach mbíodh dá mbarr ach praiseach sa deireadh.

Ní cosúil gur éirigh leis Yeats a choinneáil díbeartha mar sin féin mar ba é a d’oscail taispeántas mór ealaíne a bhí acu uair amháin.

Bhí an drámadóir Sean O’Casey le bheith páirteach leo ar dtús ach nuair a tháinig an t-am níor bhac sé leo.

Shílfeá mar sin féin go raibh cairdeas maith go leor idir an Flaitheartach agus an Cathasach i gcónaí. I litir a scríobh sé chuig a fhoilsitheoir Edward Garnett i ndeireadh na bliana 1925, dúirt Liam gur casadh Seán O’Casey air agus gur thairg an Cathasach iasacht cúig phunt dó ‘as the result of his success’.

Bhí ag éirí go maith le Liam Ó Flaithearta féin ag an am. Bhí a leabhar The Informer díreach foilsithe.

Mhair an cairdeas idir Liam agus an Cathasach bíodh is gur cháin Liam The Plough and the Stars. Cheap sé nár thug an Cathasach cothrom na Féinne do na daoine a fuair bás in éirí amach 1916.
Arsa Liam i litir chuig an Irish Statesman: ‘I think the most glorious gesture in the history of our country was the gesture of those who died in 1916’.

Ghabh sé a leithscéal faoi nach raibh sé ‘d’onóir’ aige féin a bheith sa troid ina gcuideachta.

Níor mhair an Radical Club rófhada. Faoi Mhárta na bliana 1926 dúirt Ó Flaithearta go raibh an Club ‘in a state of civil war’. Is cosúil gur thosaigh argóintí idir na healaíontóirí.

Cuireadh cuid mhaith den mhilleán ar an bhFlaitheartach féin. Cé gur Cumannach a bhí ann ní fear maith eagraíochta a bhí ann riamh. Níorbh ea, cé go raibh sé ar dhuine de bhunaitheoirí Pháirtí Cumannach na hÉireann agus gurbh é, sa mbliain 1922, a bhí i gceannas ar chúpla céad oibrí a ghlac seilbh ar feadh trí lá ar an Rotunda i mBleá Cliath mar agóid in aghaidh na dífhostaíochta.

Má bhí an dream seo a bhí ar son saoirse sna healaíona á n-eagrú féin na blianta sin bhí dream eile ag prapáil freisin lena mhalairt de pholasaí a chur chun cinn. Sa mbliain 1926 bhunaigh an rialtas coiste ar thug siad an Committee on Evil Literature air. Chuir an coiste tuarascáil ar fáil roimh dheireadh na bliana.

Is de bharr na tuarascála sin a tugadh isteach an t-acht cinsireachta, An tAcht um Scrúdóireacht Fhoilseachán, sa mbliain 1926.

Ba é úrscéal Liam Uí Fhlaithearta House of Gold an chéad leabhar a coisceadh.

Fág freagra ar 'Liam Ó Flaithearta agus ealaíontóirí an ‘Radical Club’ tugtha chun cuimhne i nGaillimh'