£210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc aontachtaithe

Deir Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Sean Ó Coinn go léiríonn Turas go mbaineann an teanga le ‘pobal an oileáin’ ar fad

£210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc aontachtaithe

Fógraíodh inniu go bhfuil £210,000 ceadaithe ag Foras na Gaeilge do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste leis an tionscadal Turas a fhorbairt thar thréimhse 3 bliana.

Bunaíodh Turas in 2012 leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn i measc Protastúnaigh agus aontachtaithe ó thuaidh.

Tá plean forbartha curtha le chéile ag Misean Oirthear Bhéal Feirste a dhíríonn go príomha ar dheiseanna foghlama a chruthú d’fhoghlaimeoirí l i measc an phobail aontachtaigh in oirthear Bhéal Feirste agus ar fud Thuaisceart Éireann.

Cuireann Turas 14 rang Gaeilge ar fáil do 200 foghlaimeoir, chomh maith le seisiúin oidhreachta agus imeachtaí cultúrtha a eagrú ar bhonn seachtainiúil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Sean Ó Coinn go léiríonn Turas go mbaineann an teanga le “pobal an oileáin” ar fad.

“Tá an tionscadal seo ag athrú thírdhreach na Gaeilge ar fud an oileáin, go háirithe ó thuaidh, agus ag léiriú do phobal an oileáin nach bhfuil baint ag an Ghaeilge le dearcadh polaitiúil ná le féiniúlacht náisiúnta – gurb amhlaidh a bhaineann an Ghaeilge leis an oileán seo agus le pobal an oileáin,” a dúirt sé.

Dúirt Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Thuras, go gcuirfidh an maoiniú ar chumas na heagraíochta tuilleadh daoine a mhealladh i dtreo na teanga agus níos mó deiseanna a chruthú d’fhoghlaimeoirí chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Fág freagra ar '£210,000 ceadaithe do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc aontachtaithe'