Kylie Jenner sa tóir ar an ngradam don bhilliúnaí is óige ar domhan

Tá ár gcomhfhreagraí idir dhá chomhairle an é a cáil idirnáisiúnta mar dhuine de na Kardashians nó feabhas na dtáirgí smididh a shaothraigh $900 milliún don réalta as Meiriceá

Kylie Jenner sa tóir ar an ngradam don bhilliúnaí is óige ar domhan

Ní fada go mbeidh Kylie Jenner (20) ar an mbilliúnaí is óige ar domhan a rinne a saibhreas ‘as a stuaim féin’ – sin an scéal mór atá san eagrán reatha den iris Forbes ar a bhfuil pictiúr den réalta cháiliúil de chlann Kardashian ar an gclúdach. 

Ach tá conspóid tagtha chun cinn maidir leis an maíomh gur as a stuaim féin a rinne sí an saibhreas ar fad. Ní haon rud nua é go mbeadh conspóid i gceist fad is a bhaineann sé leis na Kardashians. Déarfainn gur mó ar fad líon na ndaoine go bhfuil an ghráin acu orthu seachas iadsan go dtaithíonn siad leo. Ach is réaltaí iad nach féidir a sheachaint, réaltaí atá i gcroílár shaol an fhaisin agus na háilleachta ar fud an domhain. 

Deirtear san iris Forbes gur fiú $900 milliún Kylie Jenner agus gur ón gcomhlacht Kylie Cosmetics a thagann an saibhreas sin. A thúisce agus a bheidh $100 milliún eile aici, beidh sí ar an duine is óige a bhfuil stádas mar bhilliúnaí bainte amach acu ‘as a stuaim féin’.

Ach is í an tuairim sin, gur shaothraigh Kylie Jenner an t-airgead seo ar fad beag beann ar a teaghlach agus an seasamh atá acu i saol na meán cumarsáide atá ag tarraingt raice i measc colúnaithe agus ar na meáin shóisialta.

Go deimhin, bunaíodh leathanach GoFundMe mar mhagadh agus mar ghníomh soiniciúil ag iarraidh an $100 milliún eile a bhailiú láithreach di, le go mbeadh stádas an bhilliúnaí aici ar an bpointe. Dúirt an fear grinn a chuir tús leis an leathanach go raibh sé croíbhriste nach raibh sí ina billiúnaí cheana féin; “I don’t want to live in a world where Kylie Jenner doesn’t have a billion dollars,” a scríobh sé.

Dúirt tráchtaire amháin go searbhasach go raibh sí chun diúltú glacadh le haon liúntas leanaí  le go mbeadh sé ar fáil do Kylie Jenner le cabhrú léi gradam an bhilliúnaí a bhaint amach. Níor gealladh don leathanach GoFundMe ach cúpla míle dollar ach, ar ndóigh, ní bheidh cent le híoc ag aon duine mar nach raibh sé riamh i gceist go mbainfí amach an sprioc de $100 milliún.

Ach is í an cheist mhór ná ar shaothraigh sí an $900 milliún de bharr a cáil idirnáisiúnta mar dhuine de na Kardashians nó as feabhas na dtáirgí smididh atá ar an margadh aici? 

Níl dabht ar bith faoi ach gur chabhraigh branda na Kardashians go mór léi ach caithfidh mé a rá go fírinneach go bhfuil na táirgí smididh a dhéanann a comhlacht ar fheabhas. Níl siad míréasúnta costasach agus tá caighdeán maith ag baint leo.Seans go bhfuil neart daoine a chreideann gur obair éachtach ar fad í do bhean nach mbeidh 21 bliain d’aois go dtí an mhí seo chugainn suim $900 milliún a bheith aici. Ach, os a choinne sin, beidh neart eile a bheidh éadmhar agus soiniciúil faoin scéal.

Ní dócha go gcuirfidh sé sin as rómhór do Kylie Jenner nó dá páirtí, an ceoltóir rap Travis Scott. Tá páiste óg acu, Stormi, atá beagnach sé mhí d’aois; 71 milliún uair a breathnaíodh ar an bhfíseán ar YouTube inár fógraíodh go raibh páiste acu!

Is cuma ar éad nó mórtas atá ar dhaoine faoin saibhreas atá déanta ag an mbean óg seo, tá rud amháin cinnte – is cosúil nach féidir le líon ollmhór daoine ar fud an domhain neamhiontas a dhéanamh di.

Fág freagra ar 'Kylie Jenner sa tóir ar an ngradam don bhilliúnaí is óige ar domhan'