Joe Reddington ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ

Tá Joe Reddington ina Leasphríomh-Eagarthóir sa seomra nuachta i mBaile na hAbhann le blianta fada agus é ag obair don tseirbhís nuachta ó aimsir bhunaithe Theilifís na Gaeilge

Joe Reddington ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ

Tá Joe Reddington ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ.

Is é Reddington, an dara duine riamh an cúram sin a bheith air agus é ag teacht i gcomharbacht ar Mhichael Lally a d’éirigh as le déanaí tar éis 22 bliain sa phost.

Bhí sé ina Leasphríomh-Eagarthóir sa seomra nuachta i mBaile na hAbhann le blianta fada agus é ag obair don tseirbhís nuachta ó aimsir bhunaithe Theilifís na Gaeilge. 

D’fhág Reddington, arb as Béal an Átha i Maigh Eo ó dhúchas dó, saol na múinteoireachta le dul ag obair sa stáisiún nua teilifíse a bunaíodh i gConamara i 1996 agus maireann sé anois i mBearna, mar a bhfuil sé pósta agus beirt chlainne air.

Tá Príomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ freagrach as an soláthar nuachta agus cúrsaí reatha teilifíse i nGaeilge ar RTÉ agus TG4 agus as an tseirbhís nuachta a chuirtear ar fáil i nGaeilge ar líne. Beidh Joe Reddington ag tuairisciú do Bhainisteoir Stiúrtha Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Jon Williams.

Dúirt Jon Williams inniu go raibh “áthas” air gurb é Reddington a bheadh i bhfeighil na nuachta feasta.

“Le scór bliain, tá sé ag croí na foirne a chuir Nuacht i lár an aonaigh. Le gairid, is é a bhí i gceann athsheoladh na seirbhíse, na sraithe nua cúrsaí reatha, agus seoladh an stiúideo nua i mBaile na hAbhann. Tá Nuacht ag croílár mhisean RTÉ. Tá go leor bainte amach againn ach tá go leor fós le déanamh.

“Tá ríméad orm gurb é Joe a bheidh i gceann ar an gcéad chaibidil eile i scéal na Nuachta. Le scór bliain, tá sé ag croí na foirne a chuir Nuacht i lár an aonaigh. Le gairid, is é a bhí i gceann athsheoladh na seirbhíse, na sraithe nua cúrsaí reatha, agus seoladh an stiúideo nua i mBaile na hAbhann. Tá Nuacht ag croí-lár mhisean RTÉ. Tá go leor bainte amach againn ach tá go leor fós le déanamh. Tá ríméad orm gurb é Joe a bheidh i gceann ar an gcéad chaibidil eile i scéal na Nuachta,” a dúirt Jon Williams agus scéal an cheapacháin á thabhairt aige d’fhoireann na nuachta inniu.

Chuir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an gceapachán chomh maith.

‘Tá tuiscint an-mhaith ag Joe Reddington ar fhís TG4 agus na dúshláin a bhaineann le soláthar seirbhísí nuachta comhaimseartha, i saol atá ag athrú de shíor. Fáiltímid go mór roimh a cheapachán. Tá taithí na mblianta ag Joe ar a bheith ag obair linn sa cheannáras anseo i mBaile na hAbhann agus cuireann sé a chroí agus a anam san obair a dhéanann sé i gcónaí.

“‘Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis sna blianta romhainn, ag freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ag cur le hacmhainní agus le scóp iriseoireacht na Gaeilge,” a dúirt Alan Esslemont.

Dúirt Joe Reddington féin “údar mór bróid” dó a cheapachán. 

“Údar bróid dom freisin an fhoireann a bhfuil mé i gceann uirthi anois. Gan an fhoireann seo, ní bheadh an t-éacht atá déanta againn le bliain anuas, agus go deimhin ó 1996 i leith, déanta. I bpáirt lenár gcomhghleacaithe ar fud RTÉ, cuirfidh muid bonn láidir agus fuinniúil faoi thodhchaí na Nuachta,” a dúirt Joe Reddington.

 

Fág freagra ar 'Joe Reddington ceaptha ina Phríomh-Eagarthóir ar Nuacht TG4/RTÉ'