90 milliún focal Gaeilge le cnuasach ar líne agus maoiniú á fhógairt d’Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge

An tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne a fhógróidh amárach an maoiniú don chéad chuid eile den tionscadal, Foclóir Stairiúil na Gaeilge (1600-2000)

90 milliún focal Gaeilge le cnuasach ar líne agus maoiniú á fhógairt d’Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge

Fógrófar amárach deontas €920,000 chun forbairt a dhéanamh ar Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge as seo go ceann cúig bliana.

Tionscadal de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann é Foclóir Stairiúil na Gaeilge atá bunaithe ar chorpas stairiúil na Gaeilge. 19 milliún focal Gaeilge a bhí sa chorpas nuair a cuireadh ar fáil ar líne é in 2019 agus táthar ag súil go mbeidh 90 milliún focal Gaeilge ann faoi 2024.

An tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne a fhógróidh an maoiniú don chéad chuid eile den tionscadal, Foclóir Stairiúil na Gaeilge (1600-2000).

Ar na téacsanna i gcorpas stairiúil na Gaeilge, tá leithéidí An Claidheamh Soluis, a d’fhoilsítí ó 1899 go 1931, An Lóchrann, a d’fhoilsítí ó 1907 go 1927, Aithdioghluim Dána I, 1940, agus foilseacháin eile a bhaineann le haimsir Athbheochan na Gaeilge chomh maith le leabhair agus téacsanna eile atá i bhfad níos sine, leithéidí As ait leam stáid-bhean sgiamhach, a foilsíodh i 1630.

Foclóir stairiúil Gaeilge – Gaeilge a bheidh i bhFoclóir Stairiúil na Gaeilge ina dtabharfar míniú stairiúil ar na focail agus cuntas ar na hathruithe a tháinig orthu i gcaitheamh an ama idir 1600 agus 2000.

Fág freagra ar '90 milliún focal Gaeilge le cnuasach ar líne agus maoiniú á fhógairt d’Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge'