88 cás den choróinvíreas i 64 scoil ó thuaidh ó osclaíodh arís iad

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó dheas, 2,878 ráig den choróinvíreas a bhí ann go nuige seo agus bhain 2,018 acusan le tithe príobháideacha

88 cás den choróinvíreas i 64 scoil ó thuaidh ó osclaíodh arís iad

Thángthas ar 88 cás den Covid-19 i 64 scoil sa Tuaisceart ó d’oscail na scoileanna athuair.

De réir figiúirí nua ó Roinn Oideachais an Tuaiscirt, faoin lá inné, Dé Máirt an 8 Márta, bhí scéala faighte acu faoi 88 cás ar fad sa 64 scoil.

Breis is 300,000 dalta a d’fhill ar 1,300 scoil an Tuaiscirt i dtús na míosa.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh 49 cás nua den choróinvíreas deimhnithe le lá anuas.

Tástáladh 3,341 duine le linn na tréimhse sin. Ní raibh bás ar bith eile de thoradh an ghalair le fógairt ó thuaidh inniu.

7,957 líon na gcásanna atá deimhnithe ó thuaidh ó thús na paindéime agus 557 duine a raibh an Covid-19 atá curtha den saol.

Idir an dá linn, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte

ó dheas, 2,878 ráig den choróinvíreas a bhí ann go nuige seo agus bhain 2,018 acusan le tithe príobháideacha.

Bhain cúig ráig le tithe tábhairne, bhain cúig ráig le bialanna nó caiféanna agus dhá cheann a deimhníodh in óstáin. Níor bhain ach ráig amháin le hionad cúram leanaí. 85 ráig a bhain le hionad oibre agus bhain 31 acusan le hionaid phróiseála feola nó éineola.

Níor bhain ach seacht gcinn le siopaí. 1,877 cás deimhnithe den ghalar a bhain leis an 85 ráig in ionaid oibre. Ar na hionaid oibre eile a bhí i gceist, bhí stáisiúin Gardaí, feirmeacha muisiriúin, ionaid mórdhíoltóirí agus ionaid seirbhís seachadta píotsaí.

279 ráig a deimhníodh i dtithe altranais agus 194 a bhain le hionaid chúraim eile. 108 ráig a bhí sna hospidéil go dtí seo.

Maidir leis na grúpaí atá áirithe mar ghrúpaí leochaileacha, bhain 292 cás go dtí seo le hionaid soláthair dhírigh, bhain 101 cás le pobal an lucht siúil agus bhain 69 cás leis an bpobal Roma.

24 cás a bhí ann i measc na bpríosúnach agus 20 cás a bhí i gceist le daoine gan dídean.

Seisear a fuair bás sna grúpaí atá áirithe mar ghrúpaí leochaileacha.

Fág freagra ar '88 cás den choróinvíreas i 64 scoil ó thuaidh ó osclaíodh arís iad'