6,521 cás nua den choróinvíreas, toradh dearfach ar 27% de thástálacha

Tá an tréithchineál nua den ghalar ó Shasana á aimsiú i 21-30% de chásanna abhus agus de réir na meastachán is déanaí idir 2.4 agus 3 a bhí an ráta atáirgthe

6,521 cás nua den choróinvíreas, toradh dearfach ar 27% de thástálacha

Tá 6,521 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte.

Deichniúr eile a raibh an coróinvíreas orthu atá básaithe.

Tá líon na n-othar a bhfuil Covid-19 orthu sna hospidéil ardaithe ó 954 inné go dtí 1,043 inniu. Tá 96 acusan in aonad dianchúraim.

Ar an meán, 4,429 cás in aghaidh an lae a tuairiscíodh gach lá le seachtain anuas. 41 duine a fuair bás de dheasca an ghalair go dtí seo ó thús mhí Eanáir.

Bíonn toradh dearfach ar 27% de na tástálacha a chuirtear ar dhaoine don Covid-19. Tá an figiúr seo “an-ard go deo” a deir an tOllamh Philip Nolan ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sé ag ardú níos mó.

Deir an tOllamh Nolan go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair idir 2.4 agus 3 de réir na meastachán is déanaí.

Baineann an ráta sin le scaipeadh an ghalair idir 10-14 lá ó shin seachas an méid atá ag tarlú faoi láthair, a dúirt an tOllamh Nolan.

Tá an galar ag fás 14% sa lá ach dúirt an tOllamh go raibh comharthaí áirithe ann go raibh an ráta fáis sin ag laghdú agus go feabhas de bheagán ag teacht ar chúrsaí

Tá an tréithchineál nua den ghalar ó Shasana á aimsiú i 21-30% de chásanna abhus.

Bheadh sé “réasúnta”, a deir an tOllamh Nolan, a áitiú go bhfuil an cineál nua ar fáil níos forleithne i measc an phobail anois. Tá baint aige chomh maith leis an ardú sa ráta atáirgthe.

Deir an tOllamh Nolan go bhfuil ráta atáirgthe an ghalair idir 2.4 agus 3 de réir na meastachán is déanaí. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhain 571 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 342 cás a bhí i bPort Láirge agus 240 cás a bhí i gcontae na Mí.

187 cás nua a bhí i nDún na nGall, 184 a bhí i nGaillimh, 120 a bhí i gCiarraí agus 119 a bhí i Maigh Eo. Bhain 2,174 den 6,521 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá meánráta coicíse an ghalair imithe suas go dtí 936.4 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír.

Ráta 1,145.2 atá i nDún na nGall, 907.2 atá i bPort Láirge, 905 atá i gCorcaigh, agus 900.3 atá i Maigh Eo. Ráta 867.5 atá i gcontae na Mí, 775.9 atá i gCiarraí agus 689.5 atá i nGaillimh.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an vacsaín faighte ag 15,314 duine sa stát go dtí seo agus meastar go mbeidh an chéad dáileog faighte ag 35,000 duine sa stát roimh dheireadh na seachtaine seo.

Tugadh 40,950 dáileog isteach sa tír an tseachtain seo agus 81,900 dáileog san iomlán atá faighte againn go dtí seo.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 1,410  cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh 17 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

599 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 44 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 103% de leapacha ospidéil an Tuaiscirt lán inniu.

Dr Colm Henry; Paul Reid agus Anne O’Connor. Pictiúr: Leon Farrell / Photocall Ireland

3,721 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,307 duine ó dheas den teorainn agus 1,414 duine ó thuaidh di.

212,303 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 127,657 cás ó dheas agus 84,646 ó thuaidh.

Idir an dá linn, tá iarrtha ag an ASTI ar a gcuid ball gan comhoibriú le plean an Rialtais scoileanna a oscailt trí lá sa tseachtain do dhaltaí ardteiste. Bhí cruinniú éigeandála ag feidhmeannas an ASTI tráthnóna chun cinneadh an Rialtais faoi fhilleadh na ndaltaí Ardteiste ar scoil a phlé. Dúradh i ráiteas i ndiaidh an chruinnithe go raibh imní mhór ar an ASTI faoi “shláinte agus sábháilteacht daltaí, múinteoirí agus baill foirne eile”.

Tá cinneadh an Rialtais cáinte ag go leor dreamanna – múinteoirí, tuismitheoirí, daltaí, cúntóirí riachtanais speisialta agus ceannairí scoile. Údar díomá do na ceardchumainn agus na príomhoidí nach ndeachthas i gcomhairle leo féin faoin gcinneadh.

Tá iarrtha ag Cumann na Meánmhúinteoirí ar an Aire Oideachais Norma Foley athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh daltaí Ardteiste a thabhairt chun na scoile trí lá sa tseachtain ón Luan seo chugainn. Is faoin scoil féin a shocrú na laethanta a mbeidh na daltaí sin ar scoil. Tá 61,000 dalta ag tabhairt faoi scrúdú deiridh na hiarbhunscolaíochta i mbliana. Dúirt Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta gurb í comhairle na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go raibh an scoil sábháilte.

Dúirt Ard-Rúnaí an ASTI, Kieran Christie go bhféadfadh go ndéanfadh an ceardchumann “gníomhaíocht’ faoin gcinneadh a rinneadh “gan choinne” agus gan é a phlé le scoileanna na múinteoirí. Dúirt an tArd-Rúnaí go raibh neart ama ag an Aire Oideachais idir seo agus an Luan le “breith ar a ciall” mar gur cinneadh “místuama” a bhí ann.  Dúirt Christie go raibh dochar mór déanta don chur chuige “comhairliúcháin” a bhí idir na geallsealbhóirí uilig chun na scoileanna a choinneáil oscailte ón bhfómhar seo caite.

Dúirt Colm O’Rourke, Príomhoide Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig san Uaimh go raibh an cinneadh ag cur sláinte na ndaltaí agus na n-oidí i mbaol. Dúirt sé go gcaithfí an cinneadh a athrú, go háirithe agus an cineál fíorthógálach nua den choróinvíreas ag scaipeadh go forleathan. Dúirt sé go raibh an scéal “ina phraiseach” agus nach dóigh go dtiocfadh mórán daltaí chun na scoile.  Dúirt sé gur iontach an rud é múinteoirí a bheith i rang le 30 dalta agus ag rá leis an gcuid eile den tír uile fanacht sa mbaile.

Agus é ag caint ar RTÉ ar maidin dúirt Martin Marjoram, Uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann, gur chóir an plean maidir le daltaí Ardteiste a chur ar athlá le deis a thabhairt an scéal a phlé i gceart. Dúirt sé nach bhfaca sé féin an oiread múinteoirí riamh ag dul i dteagmháil leis agus iad den tuairim gur plean ainchríonna é seo agus go bhfuil siad féin á gcur i mbaol ag an gcinneadh. Mheas sé nár pléadh an plean le saineolaithe sláinte phoiblí agus go gcothódh an chaoi a ndearnadh an cinneadh easpa muiníne i measc phobal na scoile. Beidh cruinniú ag na comharchumainn le lucht na sláinte poiblí amárach.    

Tá páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh dearbhú ón Rialtas go raibh NPHET sásta leis an gcinneadh. Dúirt urlabhraí oideachais an pháirtí, Aodhán Ó Ríordáin, nach dtuigeann sé conas a d’fhéadfaí na daltaí Ardteiste a thabhairt ar ais ar scoil murar mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go raibh a leithéid slán sábháilte.

Fág freagra ar '6,521 cás nua den choróinvíreas, toradh dearfach ar 27% de thástálacha'