62 post d’aistritheoirí Gaeilge fógartha ag an Aontas Eorpach inniu

Na folúntais seo a líonadh ceann de na chéad chéimeanna ag an Aontas Eorpach le deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil ansin

28/02/2012. EU referendum. An EU flag flies beside an Irish flag outside a Dublin city hotel this afternoon as it was announced by the Government that a referendum will be held on the european fiscal stability treaty. Photo: Laura Hutton/Photocall Ireland
Pictiúr: Laura Hutton/Photocall Ireland

Tá tús curtha inniu le feachtas earcaíochta don chéad 62 post d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Táthar ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí sna hInstitiúidí sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir seo agus 2021.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne gur léiriú atá san fhógra post seo “na cúiseanna praiticiúla” a dtabharfadh mic léinn óga faoi staidéar na Gaeilge.

“Is minic a bhraitheann daltaí scoile gur beag tairbhe atá ann dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim. Is iontach an deis í seo chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach agus chun próifíl ár dteanga náisiúnta a ardú trasna na hEorpa,” a dúirt sé.

Bhí Rytis Martikonis, ceannasaí Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin i gCoimisiún na hEorpa i láthair ag an ócáid fógartha inniu. Dúirt sé go mbeidh na hInstitiúidí “ag obair i ndlúthchomhar le hÉirinn” chun tabhairt faoi na dúshláin nua atá roimpi agus d’iarr sé ar mhuintir na hÉireann cur isteach ar na poist nua seo agus “páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na hEorpa”.

Fógraíodh na poist nua ag ócáid i mBaile Átha Cliath inniu. In éineacht leis an Aire Gaeltachta Seán Kyne agus le ceannasaí na Ard-Stiúrthóireachta bhí Sarah Rooney ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne. Ba í Sharon Ní Bheoláin ó RTÉ a chuir an ócáid i láthair.

Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, agus mic léinn atá ag súil le céim a bhaint amach i mbliana. Ní mór d’iarrthóirí eolas maith a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais ar a laghad agus an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis ar cheann amháin acu sin. Caithfidh “cumas sármhaith” sa Ghaeilge a bheith ag iarrthóirí freisin.

Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh rialachán nua i mí na Nollag na bliana seo caite chun deireadh a chur leis an maolú atá i bhfeidhm ar an nGaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas le blianta anuas. Tá na hInstitiúidí ag ullmhú anois le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil a bheidh ar comhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i dteangacha eile an Aontais Eorpaigh.

Fág freagra ar '62 post d’aistritheoirí Gaeilge fógartha ag an Aontas Eorpach inniu'

  • Fearn

    Ó, mo chreach nach bhfuil céim ollscoile sa phóca agam.
    An bhfuil fhios ag éinne faoi “ollscoil” éigint a “dhíolfadh” teastas liom?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Reáchtáil an tAE comórtas earcaíochta le déanaí do chainteoirí Gaeilge nár theastaigh céim le cur isteach air.
    Tá rud éigin ann do gach duine sa lucht féachána ach Gaeilge a bheith acu agus fonn oibre orthu.

    • Fearn

      GRMA a Dhaithí, is dóigh go bhfuil an ceart agat, ach, ní bheadh an tonn chéanna Gaeilge ann , ná an caitheamh meabhrach ar aon dul agus na poist seo.
      Go gcúití Dia thú as do chuid stocaireachta.

  • Team Leo

    Cloisim go bhfuil scoth na Gaeilge ag Leo Varadker, ach ar ndóigh ba mhór an chailliúint dúinn é dá n-imeodh sé chun na hEorpa i mbun aistriúcháin.

  • padraig

    Cuirfidh sé seo an sionnach i measc na gcearc, fair na meáin Bhéarla agus conach orthu. Mórchion ag muintir na hEorpa ar theanga na hEorpa agus í imithe ó chion sa bhaile nach mór.

    • Fearn

      Dúramán ina shúil ag lucht Béarla na hÉireann An Ghaeilge riamh.

      I dtaca le hEaglais agus le Sasanach na Staire, is trionóid mháthair gach uile oilc é