60 áit ar leataobh d’iarrthóirí le Gaeilge sa Gharda Síochána

Cuirfear 10% de na háiteanna ar fheachtas earcaíochta an Gharda Síochána ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge de réir socruithe a rinneadh sa bhliain 2011

31/10/2012 Gardai on duty Outside Government Buildings. Pictured are Gardai outside Government Buildings and the Department of the Taoiseach on a rainy Wednesday. Garda are stationed outside the office every day. Photo: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr:Mark Stedman/Photocall Ireland

Cuirfear seasca áit ar leataobh do chainteoirí líofa Gaeilge mar chuid  d’fheachtas earcaíochta an Gharda Síochána a fógraíodh inniu. D’fhógair an  tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald go n-earcófar 600 garda nua sa bhliain 2016.

De réir an tsocraithe a rinne an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin leis an nGarda Síochána, caithfidh 10% de Ghardaí nua a bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge. Cuireadh an socrú i bhfeidhm nuair a tháinig sé chun solais nach raibh Gaeilge ag ochtar de naonúr Gardaí a bhí lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Sarú a bhí sa méid sin ar Acht an Gharda Síochána 2005. Éilíonn an tAcht sin go mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag Gardaí a mbeadh plé acu le daoine sa Ghaeltacht.

Osclaíodh Coláiste an Gharda Síochána an athuair i mí Mheán Fómhair na bliana 2014. Nuair a bheidh an 600 iarrthóir nua seo roghnaithe, beidh 1,150 duine earcaithe ó osclaíodh an athuair an Coláiste. Den 1,150 duine sin táthar tar éis 295 duine a fhianú mar Ghardaí agus iad ag obair i stáisiúin ar fud na tíre.

Tá iarrtha ag an Aire Fitzgerald ar bhaill de phobail mhionlaigh cur isteach ar na poist a fógraíodh inniu chun go mbeidh An Garda Síochána ‘ionadaíoch ar an bpobal a fhreastalaíonn sé air’.

Fág freagra ar '60 áit ar leataobh d’iarrthóirí le Gaeilge sa Gharda Síochána'

  • Fearn

    Is dóigh go bhfágfadh sin 90% de Ghardaí gan Gaeilge.

    Cluiche nua coiriúlachta: Aimsigh an garda as deichniúr a bhfuil an cúpla focal aige : “Tá tú gaibhte, a raimsce2 :-)