545 cás nua den víreas deimhnithe, ‘údar mór imní’ é an ráta scaipthe i nDún na nGall

Dá mbeadh cúrsaí an ghalair chomh holc sa chuid eile den stát is atá i nDún na nGall, ní bheimis ábalta scaoileadh na srianta a mholadh, a deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan

545 cás nua den víreas deimhnithe, ‘údar mór imní’ é an ráta scaipthe i nDún na nGall

Tá ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte. 545 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

139 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 44 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,067,378 duine agus an dara dáileog faighte ag 419,665 duine.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifiigeach Leighis na Roinne Sláinte, gur “údar mór imní” do dhochtúirí sláinte poiblí i nDún na nGall ráta scaipthe ard an ghalair sa chontae.

Dá mbeadh cúrsaí chomh holc sa chuid eile den tír is atá i nDún na nGall, ní bheadh muid ábalta scaoileadh na srianta a mholadh, a dúirt an Príomhoifigeach Leighis.

Chuir sé fáilte roimh scaoileadh na srianta dianghlasála agus dúirt go raibh a leithéid tuillte go maith ag na daoine. Ach dúirt sé go raibh cúrsaí an ghalair níos measa in áiteanna seachas a chéile.

“Tá cúrsaí níos leochailí in áiteanna áirithe ná mar atá in áiteanna eile. Mar shampla, cé gurb 125 in aghaidh gach 100,000 an meánráta scaipthe náisiúnta, 295 in aghaidh gach 100,000 atá i gceist i nDún na nGall. Údar mór imní é seo do dhochtúirí áitiúla.

In áiteanna amhail Dún na nGall ina bhfuil an víreas fós á scaipeadh ag leibhéal contúirteach, táimid ag iarraidh ar cheannairí pobail a chur ina luí gaidhte ar dhaoine cloí leis na beartais sláinte phoiblí, go háirithe daoine leochaileacha agus daoine nach bhfuil an vacsaín faighte acu. 

“Bhí mí Eanáir an-dian orainn mar thír, agus bhí cúrsaí an-dian go háirithe ar dhaoine i nDún na nGall. Tá sé tábhachtach anois go mbeimis ag féachaint romhainn agus obair le chéile chun scaipeadh an ghalair a laghdú ní hamháin go náisiúnta ach go háitiúil chomh maith.”

Fógraíodh go raibh 29 cás eile deimhnithe i nDún na nGall tráthnóna agus is ann atá an ráta scaipthe is airde sa stát. Deimhníodh 467 cás nua ar fad den víreas i nDún na nGall le coicís anuas, níos mó ná in aon chontae eile seachas Cill Dara (531) agus Baile Átha Cliath (2,484).

Idir 1 agus 1.2 atá ráta atáirgthe an ghalair faoi láthair, a deir an tOllamh Philip Nolan.

Bhain 50 den 545 cás nua den Covid-19 a fógraíodh inniu le Corcaigh.

28 cás a bhí i nGaillimh agus 12 cás a bhí i bPort Láirge, agus seacht gcás a bhí i Maigh Eo. Níos lú ná cúig chás a bhí i gcontae na Mí agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí chomh maith.

Meánráta 127 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Ráta 293 atá i nDún na nGall agus tá an ráta i gcontae na Mí, 144, níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 89 atá i nGaillimh, 72 atá i Maigh Eo agus 64 atá i bPort Láirge. Ráta 53 atá i gCorcaigh agus 18 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis Ronan Glynn go raibh sé tábhachtach go mbeadh daoine cúramach agus an stát á athoscailt. 

“Ní hionann rogha a bheith agat rud éigin a dhéanamh agus an rud sin a bheith sábháilte. Tá baol ag baint i gcónaí le háiteanna atá plódaithe agus áiteanna taobh istigh. Mura bhfuil tú ar do chompord nó má cheapann tú go bhfuil an iomarca daoine ann, fág an áit.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh duine amháin eile básaithe ansin de dheasca an víris. 108 cás nua a deimhníodh ansin.

60 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá ochtar acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 926,663 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 414,548.

7,048 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,145 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,903 duine ó dheas di.

369,065 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 248,870 cás ó dheas den teorainn agus 120,195 cás ó thuaidh di.

Fág freagra ar '545 cás nua den víreas deimhnithe, ‘údar mór imní’ é an ráta scaipthe i nDún na nGall'