518 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte agus srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine

Dheimnhigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 616 cás nua den choróinvíreas níos luaithe tráthnóna

518 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte agus srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine

Tá 518 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

D’fhógair siad chomh maith nach raibh aon duine eile a raibh an galar air básaithe.

Bhain 53 den 518 cás nua le Corcaigh, bhain 24 cás le Dún na nGall agus 32 cás a bhí i gcontae na Mí.

134 den 518 cás a bhain le Baile Átha Cliath agus 49 cás a bhí i Luimneach.

Bhain an 216 cás eile le 20 contae éagsúil.

“Le roinnt laethanta anuas tá cúrsaí ag dul in olcas go mór go náisiúnta ó thaobh na heipidéimeolaíochta de,” a dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

“Tá sé riachtanach go ndéanfaimid gach rud is féidir linn chun srian a chur le scaipeadh an ghalair go náisiúnta agus é a chur faoi chois go mór nó go bhfuil sé ag ráta íseal scaipthe roimh theacht an gheimhridh.”

Agus an Rialtas agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí dulta ar mhalairt slí faoi na srianta a theastaíonn, dúirt an Dr. Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, gur  cur chuige aontaithe a theastaigh anois.

“Ní mór dúinn na tosaíochtaí is tábhachtaí atá againn a chosaint.  Caithfimid oibriú as lámha a chéile ionas go mbeifear ábalta freastal ar na seirbhísí sláinte nach mbaineann le Covid-19, ár ndaoine óga a choinneáil ar scoil agus na daoine is leochailí a choinneáil slán ón ngalar seo.”

“Is tábhachtaí anois ná riamh go seasfaimis le chéile agus muid ag obair le chéile leis an víreas seo a chur faoi chois arís sa phobal.”

Tá sé deimhnithe gur bhain 30% de na cásanna nua inniu le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 78 cás. Bhí 68% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

Dheimnhigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 616 cás nua den choróinvíreas tráthnóna.

Ní raibh aon bhás nua le fógairt acu.

Tá 3,630 cás nua anois deimhnithe ó thuaidh le seacht lá anuas. Bhí 804 acu siúd i nDoire agus an Srath Bán agus 832 a bhí i mBéal Feirste.

53,239 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 38,549 cás ó dheas den teorainn agus 14,690 cás ó thuaidh di.

2,394 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,810 duine ó dheas agus 584 ó thuaidh.

Foilsíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil beartaithe ag an Rialtas an stát go léir a chur go dtí Leibhéal 3 den phlean ‘Living With Covid’. Tiocfaidh na srianta i bhfeidhm ó mhean oíche anocht agus mairfidh siad ar feadh trí seachtaine, go dtí an 27 Deireadh Fómhair.

Tá sé i gceist go ndéanfar iarracht níos fearr a chinntiú go gcuirfear na srianta i bhfeidhm

Dhiúltaigh an Rialtas do chomhairle NPHET srianta Leibhéal 5 a chur i bhfeidhm sa stát go léir.

Fágann an cinneadh gur ar mhalairt slí ceart atá an Rialtas agus an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí den chéad uair ó thús na paindéime.

Mhaígh NPHET gurb iad na srianta Leibhéal 5 an t-aon deis a bhí ann scaipeadh an ghalair a chur faoi smacht arís, ach is cosúil gur Leibhéal 3 agus roinnt srianta breise rogha an Rialtais.

Bhí cruinniú inniu ag an triúr ceannairí rialtais leis an bPríomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, le moladh NPHET faoi Leibhéal 5, a phlé.

Is iad srianta Leibhéal 5 na srianta is déine sa phlean ‘Living with Covid-19’ agus an toradh a bheadh ar iad a thabhairt isteach ná go mbeadh dianghlasáil i bhfeidhm sa tír arís. Tá na srianta sin an-chosúil leis na srianta a bhí i bhfeidhm sa Mhárta agus san Aibreán ach amháin nach ndúnfaí na scoileanna.

Faoi Leibhéal 3, atá tugtha isteach i nDún  na nGall agus i mBaile Átha Cliath cheana féin, bíonn cosc ar ócáidí sóisialta is teaghlaigh agus ní cheadaítear ach daoine ó theaghlach amháin eile a thabhairt chun an tí.

Bíonn ar dhaoine fanacht laistigh dá gcontae ach amháin i gcás turasanna riachtanacha.

Ní bhíonn cead ag níos mó ná 15 duine freastal ar aon imeacht ealaíon nó oiliúna lasmuigh agus ní bhíonn imeachtaí laistigh, amhail comhdhálacha, cúrsaí traenála nó imeachtaí amharclainne, ceadaithe in aon chor.

Cé nach gceadaítear formhór na gcluichí spóirt ag Leibhéal 3, tá eisceacht déanta den scothspórt.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael níos luaithe tráthnóna go bhfuil na cluichí club ar fad ar fionraí go fóill. Coiste Bainistíochta CLG a rinne an cinneadh maidin inniu agus tá an cosc ar chluichí club i bhfeidhm ar gach club sa tír.

Níl an comórtas craoibhe críochnaithe go fóill i roinnt contaetha.

Ar líne amháin a bhíonn seirbhísí eaglasta pobail ceadaithe ach beidh na séipéil oscailte don té ar mian leis cuairt phearsanta a thabhairt orthu.

Bíonn póstaí agus sochraidí ceadaithe ach ní bhíonn cead ach 25 aoi a bheith ag pósadh.

Ní bhíonn cead ach ag 25 duine freastal ar shochraid ach an oiread.

Tugadh srianta breise isteach i dtithe tábhairne agus bialanna Bhaile Átha Cliath agus Dhún na nGall chomh maith.

Tá na tithe tábhairne nach mbíonn bia ar fáil iontu iata go fóill sa phríomhchathair ach bhí cead ag a macasamhail fanacht oscailte i nDún na nGall ó tharla iad a bheith oscailte cheana. Níl cead acu, áfach, ach deoch a chur ar fáil do dhaoine taobh amuigh. Ach oiread le Baile Átha Cliath tá cosc i nDún na nGall ar bhéilí a ithe faoi dhíon i dtithe bia.

Fág freagra ar '518 cás nua fógartha ag an Roinn Sláinte agus srianta Leibhéal 3 le cur i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine'