5 rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Ceannaigh leabhar Gaeilge agus faigh leabharmharc Tuairisc…

Agus oiread sin comórtas, seoltaí agus imeachtaí eile ar siúl ag an Oireachtas bíonn sé deacair rogha a dhéanamh. Seo roinnt comhairle ó Tuairisc…

5 rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Ceannaigh leabhar Gaeilge agus faigh leabharmharc Tuairisc…

1. Bain sult as GRINDR, SAGHDAR & CHER

In amharclann an Oireachtais ag 5.30pm beidh dráma/trí scéal á léiriú ag an ngrúpa AerachAiteachGaelach – grúpa Gaelach scríbhneoirí, ceoltóirí, drámadóirí, taibheoirí draig agus ealaíontóirí a bhfuil breis is 70 ball LADTA+ ann agus a saothar ar fad á dhéanamh acu i nGaeilge. Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy & Sam Ó Fearraigh a scríobh an léiriú seo go speisialta d’Oireachtas na Samhna 2022.

Fear ag gabháil go dtí beár aerach den chéad uair riamh, leispiach ar chóisir na gcearc le scata ban díreach, fear á bhearradh féin, bearradh nach bhfeicfidh ach fear amháin eile. Triúr mar chách ag déanamh a slí sa saol corrach seo.

Ná cailligí é! Bígí ann agus bainigí sult as.

2. Ceannaigh leabhar Gaeilge agus faigh leabharmharc Tuairisc

Mura mbeadh agat ach pocán gabhair … Ní leithscéal d’aon duine a bhfuil aon phingin aige Cill Airne a fhágáil gan leabhar nua. Tá seoltaí leabhar go leor ann agus cá bhfios nach mbeadh plaicín blasta, bolgam fíona nó corrpheann le fáil freisin. Agus leabharmharc álainn Tuairisc.ie, má bhíonn aon cheann fágtha ag Aonach an Oireachtais.

Ag a 3.00pm beidh seoladh mór ag Leabhar Breac i Seomra Mangerton agus Róisín Ní Ghairbhí ag seoladh seodleabhar le hAntain Mac Lochlainn, Tóraíocht na Dea-Bheatha; Siúrmó le Jean-Claude Izzo aistrithe ag Bernadette Nic an tSaoir, Cath Fionntrá le Pádraig Ó Siochfhradha curtha in eagar ag Breandán Ó Cróinín agus Díolaim Próis le hAnraí Mac Giolla Chomhaill.

Sibhse a bhfuil leanaí le fosaíocht agaibh níl aon leithscéal agaibh mar beidh léamha litríochta agus comórtais dathadóireachta do pháistí ina dhiaidh, agus deis agaibhse na leabhair a cheannach agus an fíon a ól ar bhur suaimhneas.

Ní taobh leis sin sibh ó thaobh beatha don spiorad mar beidh ócáid ómóis ag Cló Iar-Chonnacht d’údar Mhaigh Cuilinn, Pádraic Breathnach, ina dhiaidh sin ag a 4.00 i Seomra Park mar a mbeidh a chuid próis á léamh aige féin agus é ag comhrá faoina shaothar fairsing.

Tá cual dea-leabhar seolta ag Éabhlóid ag an Oireachtas agus tráthnóna inniu ag 5.30, beidh Imram agus Scéalta Eile le Róise Ní Bhaoill á sheoladh i Svuít 1 san INEC. Buail isteach chucu agus caith súil ar a gcatalóg iontach.

Club na Féile 

3. Bain sásamh as coimheád, gliúcaíocht is feiceáil an Oireachtais

Buail fút san halla fáilte agus cuir cuma an tsaineolaí sean-nóis ort féin agus do shúile ar faonoscailt agat. Feicfidh tú ansin na Gaeilgeoirí éagsúla a fhreastalaíonn go rialta ar an Oireachtas. Cloisfidh tú ann díol bliana de ráflaí agus béadán agus mura mbeidh púir scéalta agatsa ag gabháil abhaile faoi réalta, wannabes, spéirdhaoine agus tioncharóirí na Gaeilge. Má shantaíonn tú an ghlóir is na soilse cá bhfios nach mbeadh poll le líonadh ag réaltaí na meán agus go n-iarrfaí ‘quote’ ort don raidió, na meáin shóisialta nó an teilifís féin. Dá n-éireodh leat d’ainm a chur sa memo, bheadh do chóta bán déanta. Má fheiceann aon chulaith mhanglaim cuir pic chugainn do 2023! Bíodh póigíní, barróga agus croí isteach faoi réir agat.

4. Bí ag Seimineáir an Oireachtais

Ná déan nós agus ná bris nós an chéad aithne ag Oireachtas na Samhna agus ní Oireachtas é gan seimineár. Más lú leat ná an sioc caint ar cheist na teanga gabh ag cóisir Cúla4 atá ar siúl ag an tráth seo.

Ceathrar cainteoirí a bheidh ag seimineár seo Chonradh na Gaeilge: Aoife Ní Ghloinn, John Prendergast, Julian de Spáinn, Alan Esslemont. Tabharfaidh ceathrar eile freagra ar a mbeidh le rá acusan: Ciarán Mac Giolla Bhéin, Shane Ó Coinn, Gráinne Ní Ailín agus Caoimhe Molloy.

‘Cothrom na Féinne – Oideachas, Gaeltacht, Gaeilge, Maoiniú’ an t-ábhar a bheidh á phlé sa mBálseomra. Cuir do luach leathphingine féin leis an dioscúrsa.

Má bhíonn aon éadóchas ort de bharr na cainte sin gabh go dtí Svuít 5, san INEC in Óstán Ghleann an Iolair ag cruinniú poiblí a bheas ansin ag dream ‘Teacht Aniar’ ag a 5.00pm, dream a thuigeann nach oileán aon fhadhb ná  aon réiteach. Tá athréimniú na tíre seo mar aidhm acusan trí fhorbairt chomhtháite shóisialta, eacnamaíochta, éiceolaíoch, chultúrtha, agus teanga’. Bíodh deoch láidir agat sa Seomra Glas ina dhiaidh sin go léir…

5. Blais fíbín na hóige, an spreagadh is fearr

Spleodar is fíbín na hóige an spreagadh is fearr ag Oireachtas na Samhna. Tugann siad féin agus a bpléaráca lón bliana d’ugach is misneach dúinn.

Ag a 3.00 pm inniu sa mBálseomra, beidh Craobh Díospóireachta Gael Linn do lucht léinn an tríú leibhéal agus is maith is fiú éisteacht leo. Ardú croí an lucht tacaíochta, an cumas agus an dúrúch cainte a bhíonn ar na fir is mná léinn seo – agus mura mbíonn rud fiúntach le rá acu ní lá go maidin é.

Má tá tú sáraithe ag argóintí is caint, tabhair d’aghaidh ar Sheomra Mangerton ag a 5.00pm le haghaidh Club na Féile na nÓg áit a mbeidh an dream óg sin ar fad a ghlac páirt sna comórtais le cúpla lá ag baint súp as ealaíona a chéile – ceol, damhsa, amhráin agus pé rud eile atá uathu. Beidh na ceoltóirí óga iontacha sin as Tír Chonaill, An Crann Óg ansin mar aíonna speisialta. Ní bréag a rá go bhfuil na Gaeil óga seo go léir speisialta.

Fág freagra ar '5 rud le déanamh ag an Oireachtas inniu: Ceannaigh leabhar Gaeilge agus faigh leabharmharc Tuairisc…'