49 duine maraithe in ionsaithe ar mhoscanna sa Nua-Shéalainn

Tá fear sna fichidí déanacha gafa agus cúisithe as an eachtra lámhaigh is measa riamh sa Nua-Shéalainn

49 duine maraithe in ionsaithe ar mhoscanna sa Nua-Shéalainn

Scaoileadh marbh 49 duine agus gortaíodh 48 duine in ionsaithe a rinneadh ar dhá mhosc in Christchurch sa Nua-Shéalainn, an eachtra lámhaigh is measa riamh sa tír sin.
Dúirt Príomh-Aire na Nua-Shéalainne Jacinda Ardern go raibh an lá inniu “ar cheann de na laethanta is dorcha” sa tír.

Gabhadh fear sna fichidí déanacha agus cúisíodh i ndúnmharú é agus tá beirt eile a bhfuil amhras fúthu á gcoinneáil ag na póilíní.

Ní ainmneacha na ndaoine a bhfuil amhras fúthu eisithe fós ag na póilíní ach chraol Brenton Tarrant, fear 28 bliain d’aois de bhunadh na hAstráile, físeán beo ar Facebook ina raibh sé féin le feiceáil ag tiomáint chuig mosc, ag dul isteach agus ag scaoileadh leis na daoine istigh.

Dúirt Príomh-Aire na hAstráile Scott Morrison gur saoránach de chuid na hAstráile a rinne an sléacht agus gur “antoisceach de chuid na heite deise agus sceimhlitheoir foréigneach” é.

Thug na póilíní le fios chomh maith gur baineadh an dochar as feistí pléascacha i gcarr.

Chuaigh an fear gunna isteach sa mhosc Al Noor atá i lár Christchurch agus thosaigh sé ag scaoileadh le daoine ag 1.40pm de réir am na háite. Chuaigh an dúnmharfóir, nó dúnmharfóirí, as sin go dtí mosc Linwood, áit ar mharaigh siad deichniúr eile.

Fág freagra ar '49 duine maraithe in ionsaithe ar mhoscanna sa Nua-Shéalainn'