442 cás nua den Covid-19 fógartha agus srianta nua á gcur i bhfeidhm thuaidh agus theas

Bhain 47 den 442 cás nua le Corcaigh agus bhain 28 cás le Dún na nGall. 23 cás a bhí i gcontae na Mí agus 21 cás a bhí i nGaillimh.

442 cás nua den Covid-19 fógartha agus srianta nua á gcur i bhfeidhm thuaidh agus theas

Tá 442 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna agus cásanna nua deimhnithe i ngach contae ó dheas.

D’fhógair siad chomh maith go raibh ceathrar eile a raibh an galar orthu básaithe.

Bhain 47 den 442 cás nua le Corcaigh agus bhain 28 cás le Dún na nGall. 23 cás a bhí i gcontae na Mí agus 21 cás a bhí i nGaillimh.

170 den 442 cás a bhain le Baile Átha Cliath.

Fógraíodh 259 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu, áit a bhfuiltear chun srianta nua a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an ngalar.

Tá na srianta nua le tabhairt isteach i nDoire agus an Srath Bán mar a bhfuil ráta an ghalair ag 333 in aghaidh gach 100,000 duine. I mBéal Feirste atá an dara ráta is airde, 133.

Deimhníodh 486 cás nua i nDoire agus an Srath Bán le seacht lá anuas.

48,549 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go n-uige seo, 36,597 cás ó dheas den teorainn agus 11,952 cás ó thuaidh di.

2,387 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,806 duine ó dheas agus 581 ó thuaidh.

Tuairiscíodh níos luaithe inniu go bhfuil cinneadh déanta ag NPHET nár chóir Gaillimh ná aon chontae eile a bhogadh go dtí Leibhéal 3 de na srianta Covid-19 an tseachtain seo.

Tá moladh le déanamh ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí go dtabharfaí srianta nua maidir le cuairteanna teaghlaigh isteach i ngach contae.

D’fhágfadh sin nach mbeadh cead chun an tí ach ag seisear cuairteoirí ó aon teaghlach amháin eile.

Tá an treoir sin i bhfeidhm cheana féin i nBaile Átha Cliath agus i nDún na nGall, an t-aon dá chontae atá ag Leibhéal 3.

Bhí Gaillimh i measc na gcontaetha a rabhthas san amhras fúthu mar gheall ar an ardú ar líon na gcásanna iontu le tamall.

Maidir le cásanna eile an lae inniu ó dheas, 20 cás eile a bhí i Muineachán, 14 cás a bhí i gcontae an Chláir, 12 cás a bhí i Ros Comáin, 11 cás a bhí i gcontae Laoise agus 11 cás a bhí sa Longfort. Deich gcás a bhí i gcontae an Cabháin, deich gcás a bhí i Luimneach agus deich gcás freisin a bhí i dTiobraid Árann. Naoi gcás a bhí i gCill Dara, ocht gcás a bhí i gCill Mhantáin, cúig chás a bhí i gcontae Lú agus cúig chás a bhí i Loch Garman.

Bhain an 28 cás eile le naoi gcontae éagsúil.

Tá sé deimhnithe gur bhain 54% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.

Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 69 cás. Bhí 67% de na daoine a tholg an galar faoi bhun 45 bliain d’aois.

Deir an Tánaiste Leo Varadkar gur chóir do pholaiteoirí a rá le hoifigigh sláinte phoiblí gan oiread céanna airde a thabhairt ar líon na gcásanna den ghalar sa phobal. Dúirt an Tánaiste nach raibh sé réalaíoch a bheith ag dúnadh an gheilleagair arís agus arís eile.

“An rud a fheicim á dhéanamh i dtíortha eile – an Bheilg an sampla is déanaí – nach bunaithe ar chásanna a bhíonn cinntí faoi shrianta ná polasaithe á ndéanamh acu a thuilleadh.

“Tá siad ag breathnú ar líon na ndaoine san ospidéal, spásanna ICU agus líon na ndaoine atá ag fáil bháis. Jab dúinne mar pholaiteoirí é a rá leis na daoine atá ag plé leis an tsláinte phoiblí go mb’fhéidir gur cheart dúinn díriú air sin,” arsa an Tánaiste Leo Varadkar agus é faoi agallamh ag The Currency.

Tuairiscíodh chomh maith inniu go bhfuil an Príomh-Oifigeach Leighis an Dr Tony Holohan le filleadh ar an obair an tseachtain seo chugainn.

D’fhógair an Dr Holohan níos túisce sa samhradh go raibh sé ag seasamh siar óna chuid oibre ar chúinsí pearsanta.

Bhí sos á thógáil aige óna chuid oibre mar go bhfuil cúram maolaitheach á chur ar a bhean a bhfuil ailse uirthi ó 2012. Tuigtear go bhfuil cúram fós á fháil aici.

Fillfidh an Dr Holohan ar an obair Dé Luain seo chugainn.

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas leis an Dr Ronan Glynn, a tháinig in áit an Dr Holohan. Dúirt an Taoiseach go raibh sé buíoch as an díograis agus an mhacántacht a léirigh an Dr Glynn agus é ina Phríomhoifigeach Leighis Gníomhach.

Fág freagra ar '442 cás nua den Covid-19 fógartha agus srianta nua á gcur i bhfeidhm thuaidh agus theas'

  • Poraic o'hEipicín

    Go bhfóire Dia agus a Mháthair Beannaithe orainn.