41% de dhaltaí Ardteiste le deacrachtaí foghlama le scrúdú i dteanga eile a dhéanamh

Méadú beagnach 100% ó deich mbliana ó shin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne teanga eile

41% de dhaltaí Ardteiste le deacrachtaí foghlama le scrúdú i dteanga eile a dhéanamh

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Déanfaidh 41% de dhaltaí Ardteiste na bliana seo nach mbeidh an scrúdú Gaeilge á dhéanamh de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu scrúdaithe i dteanga Eorpach eile.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais tá díolúine ó scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge, a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn, ag 5,954 dalta i mbliana, agus beidh os cionn 2,408 dalta acu sin ag tabhairt faoi scrúdú i dteanga Eorpach eile.

Méadú beagnach 100% é sin ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla, deich mbliana ó shin.

Sa scoilbhliain 2007-2008, fuair 1,772 dalta Ardteiste na bliana díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama agus rinne 1,210 acu sin scrúdú i dteanga Eorpach eile.

Bhí díolúine ón nGaeilge ag 2,226 de na daltaí sin roimh thús na scoilbhliana 2016-2017, ach i gcás 180 dalta eile is i mbliain na hArdteiste féin a aithníodh den chéad uair go raibh deacrachtaí foghlama acu.

Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc.ie cheana, gur dheacrachtaí foghlama ba chúis leis an díolúine ón nGaeilge a bhí ag 70% den 8,363 dalta sa tsraith shinsearach anuraidh.

Tá na daltaí seo ar fad a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu cláraithe chun scrúdú a dhéanamh an mhí seo in ar a laghad ceann amháin de na teangacha seo a leanas, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus an Iodáilis.

Daltaí a bhfuil an Ardteist thraidisiúnta, an Ardteist Fheidhmeach nó an Ardteist Ghairmiúil á déanamh acu atá i gceist sna figiúirí is déanaí atá faighte ag Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais.

Is ceadmhach do dhalta díolúine ón nGaeilge san Ardteist a fháil má chruthaítear go bhfuil deacrachtaí foghlama aige. Tá cead díolúine a fháil chomh maith ag daltaí as tíortha eile, ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 11 bliain d’aois sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin.

Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras faoina mbronntar díolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana dhéag ó shin.

Níor fhreagair an Roinn Oideachais ceist a chuir Tuairisc.ie uirthi an mhí seo caite faoin dul chun cinn atá déanta leis an athbhreithniú seo go fóill.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) in 2014 ar dhoiciméid a bhaineann leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisíocht ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist de bharr deacrachtaí foghlama ina ábhar conspóide le fada agus conspóid go háirithe faoi líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ar an mbonn sin ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile.

Mhéadaigh líon na ndaltaí meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó 20,000 in 2004 go dtí 32,000 in 2014, de réir taighde de chuid an ESRI agus de réir an taighde chéanna  measann daltaí meánscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar ‘is deacra’ acu.

Tá go leor saineolaithe  den tuairim go bhfuil baint ag an dearcadh sin leis an líon ard daltaí a lorgaíonn díolúine ón nGaeilge gach bliain, ach deir daoine eile, Cumann Disléicse Éireann ina measc, go mbíonn cúiseanna dlisteanachta ag daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama acu díolúine a fháil ón nGaeilge ach staidéar a dhéanamh ar theanga eile.

Fág freagra ar '41% de dhaltaí Ardteiste le deacrachtaí foghlama le scrúdú i dteanga eile a dhéanamh'

  • Mánus

    Ceist ghoiliúnach í seo. Ní mór an dá thaobh den scéil a mhíniú. Tá an Ghaeilge ar liosta teangacha agus má mhúintear mar dara theangacha iad bíonn deacrachtaí leo ag daoine óga go bhfuil sainriachtanais foghlama acu. Níl an Fhraincis, an Ghearmáinis ná an Spáinnis ar an liosta sin. Molann saineolaithe do thuismitheoirí go leanfadh a bpáiste le foghlaim teanga eile seachas an Ghaeilge.

  • Seathrún Céitinn

    Leithscéal eile dhá úsáid ag dáltaí agus a dtuistí ealú ón dulgas a bhíos orthu an teanga a fhoghlaim. Munar féidir le dalta aon teanga amach ón gceann lenar tógadh é a chleachtadh, ní féidir leis nó leithí stáidir a dhéanamh ar an bhFrancais nó an Gearáimis ach an oiread.

  • lucyrua

    Caithfear cuimhniú freisin go bhfuil gasúir a bhog go hÉirinn ó thíortha na hEorpa tar éis aois a 11 sna figiúirí seo chomh maith agus go ndéanann siad scrúdú go minic ina máthair theanga don Ardteistiméireacht.